Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn.

Galway Simon Donation Day Tomorrow

Doing a spring clean? Donate to our Galway Simon Community Collection Day 10am-5pm tomorrow Fri 25th April in the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn

  • What they CAN take: Clothing, Sheets, Duvet/Pillow Covers, Towels,  Hats, sc+ gloves, shoes, Books (but not college books), Kitchen utensils, Jewellery, Jigsaws and boxed games
  • What they CAN’T take: CDs/DVDs,  Electrical Equipment, Children’s + Baby Equipment, Flooring, Toys, Duvets/Pillows, Mattresses, Curtain Poles, Exercise Equipment

Locker Key Return Deadline Fri 9th May

The deadline to return your locker key is 5pm Friday 9th of May. Please return your locker key to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn (you can leave the lock on your locker!). Items left in lockers after the deadline will be recycled, donated to charity or disposed of.

Hygiene Hub Donation Day Tomorrow

We’re looking for new, unused, in-date personal care and household cleaning essentials – including deodorant, shower gel, shampoo, make-up, nappies, toilet roll, laundry detergent and surface cleaner. If you use a particular item, chances are someone else needs it too. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway. Items can be donated in the SU Office until tomorrow 5pm Fri 25th April.

Meet MyMind

Irish Social Enterprise and Registered Charity, MyMind, will be visiting campus 12pm-3pm Weds 30th April. Stop by the MyMind Van outside Áras na Mac Léinn to learn about their affordable counselling and therapy services, available face-to-face and online. MyMind CEO, Krystian Fikert, will be there to answer your questions and will be delighted to offer interested students a free first appointment with MyMind, along with other goodies!

Trans Healthcare on Campus Survey

We’re examining students’ relationships with the current student health service, the needs of our students and the services students want. Please share your experience with the on-campus student medical service in the survey HERE. This survey is only for students that identify as Trans, Non-Binary or Gender Non-Conforming.  

Donate your Lab Coats + Goggles

We’re collecting lab coats and goggles in the SU Office until 5pm Friday 2nd of May. These will be passed on to students who need them in September.

Extra Study Space

Extra individual and group study spaces are available now. More infoHEREat Exams 101. There’s also more exam tips and advice HEREor just give us a shout.

SU Extended opening hours for Exams

SU Shop

  • 8am-6pm Monday-Friday
  • 10am-4pm Saturday & Sunday

Smokey’s:

  • 8.30am-8pm Monday-Thursday
  • 8.30am-5pm Friday

SU Cloakroom + SU Síbín

  • 9am-7pm Monday-Friday

Free Breakfast

  • Get free porridge with any hot drink purchased using your SU Card at Sult every weekday morning while stocks last
  • 8am-9pm weekdays call in to the Hub downstairs in Áras na Mac Léinn for free cereal, toast, tea/coffee until Fri 9th May
  • There’s also free energy drinks in the SU Office while stocks last!

Spéir the Students’ Union Pantry

Please note amended opening hours/registration for Spéir over Exams as follows:

  • 2pm + 3.30pm Friday 25 April (register HEREby 4pm today Thurs 24)
  • 2pm + 3.30pm Monday 28 April  (register HEREby 6pm Sun 27)

Slots for the Pantry are allocated on a lottery system.

Climate Connections

Climate Connections UG is a student-led project exploring climate action and water-related sustainability through creative storytelling — including photo, video, writing, and audio. The project is currently recruiting student storytellers, and students can sign up directly HERE.

safeTALK Training in June

safeTALK is a free 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. It takes place 9am-1pm Thurs 19th June on campus. More info + sign up detailsHERE.

Digital Eye Health Literacy Survey

A student from the MA in Health Promotion is conducting a survey on digital eye health literacy among UG students. Your input will help understand digital device usage habits and their impact on eye health. More info and survey link HERE.

Library Extended Weekend Opening Hours

  • 08:30-21:30 Sat 26th April + 10:00-21:30 Sun 27th April
  • 08:30-21:30 Sat 3rd May + 10:00-21:30 Sun 4th April

The Reading Room is open as usual 7am-8.30am every day

Threesis

Are you a postgrad research student (Masters, PhD, MD) looking to elevate your communication skills and make a lasting impact? Threesis 2025 is here to transform your research journey. Cash prizes to be won! Workshops start soon – info HERE.

Beer Run on Monday

Join Galway Bay Brewery Running Club 7pm this Monday 28 April for a free social 5km jog/run and get a free pint after for your efforts! Meet at the Oslo bar in Salthill. Bag drop available, run at your own pace – all welcome!

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter). For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn.

Lá Deonacháin Chlann Shíomóin na Gaillimhe Amárach
An ndéanann tú glantacháin an earraigh? Deonaigh earraí ag ár Lá Deonacháin do Chlann Shíomóin na Gaillimh 10am-5pm amárach, Dé hAoine an 25 Aibreán in Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn

  • Earraí IS FÉIDIR a dheonú: Éadaí, Braillíní, Clúdaigh Duivéanna/Ceannadhairteanna, Tuáillí, Hataí, Scaifeanna Agus Miteoga, Bróga, Leabhair (ach ní leabhair na hollscoile), Uirlisí Cócaireachta, Seodra, Meascáin Mearaí, Cluichí Boird (atá i mbosca)
  • Earraí NACH FÉIDIR a dheonú: CDanna/DVDanna, Fearas Leictreach, Fearas Leanaí, Ábhar Urláir, Bréagáin, Duivéanna/Ceannadhairteanna, Tochtanna, Maidí Cuirtíní, Fearas Aclaíochta

Spriocdháta chun Eochracha Taisceadáin a Thabhairt ar Ais, Dé hAoine an 9 Bealtaine
Ní mór d’eochair taisceadáin a thabhairt ar ais faoi 5pm, Dé hAoine an 9 Bealtaine. Iarrtar ort d’eochair a fhágáil ar ais in Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn (is féidir an glas a fhágáil ar an taisceadán!). Déanfar aon earraí a fhágtar sna taisceadáin i ndiaidh an spriocdháta a athchúrsáil, a dheonú nó cuirfear sa bhruscar iad.

Lá Deonaithe don Mhol Sláinteachais Amárach
Táimid ag lorg táirgí cúraim phearsanta agus glantacháin tí atá nua agus nár úsáideadh fós mar thabhartais – lena n-áirítear díbholaíoch, glóthach chithfholctha, seampú, smideadh, clúidíní, páipéar leithris, glantach éadaí agus glantóir dromchla. Más rud é go mbaineann tú féin úsáid as earra faoi leith, is dóigh go mbainfidh duine eile leas as fosta. Rachaidh gach deonachán chuig comhpháirtithe pobail an Mhoil Sláinteachais i nGaillimh. Is féidir earraí a dheonú in Oifig an Chomhaltais go dtí 5pm amárach, Dé hAoine an 25 Aibreán.

Buail le MyMind
Tabharfaidh MyMind, Fiontar Sóisialta Éireannach ar Carthanas Cláraithe é, cuairt ar an gcampas 12pm-3pm, Dé Céadaoin an 30 Aibreán. Tabhair cuairt ar an MyMind Van taobh amuigh d’Áras na Mac Léinn chun tuilleadh a fháil faoina seirbhísí comhairleoireachta agus teiripe inacmhainne atá ar fáil ar bhonn duine le duine agus ar líne. Beidh POF MyMind, Krystian Fikert, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt agus ag súil le coinne céaduaire a thairiscint do mhic léinn ar suim leo é, chomh maith le féiríní eile!

Suirbhé faoi Chúram Sláinte do Dhaoine Trasinscneacha ar an gCampas
Táimid ag scrúdú an chaidrimh atá ag mic léinn leis an tseirbhís sláinte reatha do mhic léinn, riachtanais ár mac léinn agus na seirbhísí a theastaíonn ó mhic léinn. Roinn d’eispéireas féin leis an tseirbhís sláinte do mhic léinn ar an gcampas sa suirbhé ANSEO. Baineann an suirbhé seo le mic léinn a chuireann síos orthu mar Thrasinscneach, mar Neamh-Dhénártha nó mar Neamh-Chomhréireach ó Thaobh Inscne de.

Deonaigh do Chóta agus Spéaclaí Saotharlainne
Táimid ag bailiú cótaí agus spéaclaí saotharlainne in Oifig an Chomhaltais go dtí 5pm, Dé hAoine an 2 Bealtaine. Cuirfear ar aghaidh iad i mí Mheán Fómhair chuig mic léinn a bhfuil gá acu leo.

Spásanna Staidéir sa Bhreis
Tá spásanna staidéir breise do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar fáil anois. Tuilleadh eolais ANSEO ag Scrúduithe 101. Tá níos mó leideanna scrúduithe agus comhairle ANSEOdéan teagmháil linn.

Uaireanta Breise Oscailte an Chomhaltais le haghaidh na Scrúduithe
Siopa an Chomhaltais:

  • 8am-6pm Luan-Aoine
  • 10am-4pm Satharn agus Domhnach

Caifé Smokey:

  • 8.30am-8pm Luan-Déardaoin
  • 8.30am-5pm Aoine

Seomra Cótaí an Chomhaltais agus an Síbín

  • 9am-7pm Luan-Aoine

Bricfeasta Saor in Aisce

  • Leite saor in aisce nuair a cheannaíonn tú aon deoch the i Sult le do Chárta Comhaltais gach maidin i rith na seachtaine fad a bheidh sí ar fáil
  • 8am-9pm i rith na seachtaine, buail isteach sa Mhol thíos staighre in Áras na Mac Léinn le haghaidh gránaigh, arán rósta, tae/caife saor in aisce go dtí Dé hAoine an 9 Bealtaine
  • Tá deochanna fuinnimh saor in aisce ar fáil in Oifig an Chomhaltais fad is atá cuid fágtha!

Spéir, Pantrach Chomhaltas na Mac Léinn
Tabhair do d’aire go mbeidh roinnt leasuithe i bhfeidhm maidir le huaireanta oscailte/clárú do Spéir thar thréimhse Scrúduithe, mar seo a leanas:

  • 2pm + 3.30pm Dé hAoine an 25 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm inniu Déardaoin an 24 Aibreán)
  • 2pm + 3.30pm Dé Luain an 28 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 6pm, Dé Domhnaigh an 27 Aibreán)

Déantar crannchur chun na sliotáin a thabhairt amach don Phantrach.

Naisc leis an Aeráid (Climate Connections)
Tionscadal arna stiúradh ag mic léinn is ea Climate Connections UG a fhiosraíonn gníomhaíocht ar son na haeráide agus an inbhuanaitheacht faoi mar a bhaineann sí le cúrsaí uisce trí scéalaíocht chruthaitheach — lena n-áirítear an ghrianghrafadóireacht, físeáin, an scríbhneoireacht agus ábhar fuaime. Tá scéalaithe á lorg ag an tionscadal faoi láthair, agus is féidir le mic léinn clárú leo go díreach ANSEO.

Oiliúint safeTALK i mí Mheithimh
Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Titfidh sí amach Déardaoin an 19 Meitheamh, 9am-1pm, ar an gcampas. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Suirbhé um Fheasacht maidir le Sláinte Dhigiteach na Súl

Tá suirbhé um Fheasacht maidir le Sláinte Dhigiteach na Súl i measc mic léinn Ollscoil na Gaillimhe á riar ag mac léinn MA i gCothú na Sláinte. Cuirfidh d’ionchur leis an tuiscint ar úsáid gléasanna digiteacha agus ar an tionchar a imríonn siad ar shláinte na súl. Tuilleadh eolais agus tacaíocht ANSEO.

Uaireanta Breise Oscailte ag an Deireadh Seachtaine sa Leabharlann

  • 08:30-21:30 Sath. an 26 Aibreán + 10:00-21:30 Domh. an 27 Aibreán
  • 08:30-21:30 Sath. an 3 Bealtaine + 10:00-21:30 Domh. an 4 Bealtaine

Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-8.30am gach lá

Threesis
An mac léinn iarchéime i mbun taighde thú (MA, PhD, MD) atá ag iarraidh cur le do scileanna cumarsáide agus lorg buan a fhágáil? Tá Threesis 2025 anseo chun d’aistear taighde a athrú chun feabhais. Airgead tirim le buachan! Ceardlanna ag tosú go luath – tuilleadh eolais ANSEO.

Rith agus Beoir Dé Luain

Buail le Club Reathaíochta Galway Bay Brewery le haghaidh rith shóisialta 5km saor in aisce ar 7pm Dé Luain, an 28 Aibreán. Pionta saor in aisce ina dhiaidh! Buail ag an Oslo, Bóthar na Trá. Is féidir do mhála a fhágáil ann, rith ar do luas féin – fáilte roimh chách!

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir muid a leanúint ar Facebook, ar Instagram, ar Tik Tok (@cmlong_su) agus ar X (Twitter). Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.