Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáilANSEO 

For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.

Raise and Give Week 2025 – Galway’s Largest Student Event SOS

Get ready for Raise and Give Week like you’ve never seen it before! 2 stages, 10 acts and 2,500 students with festival level production making it Galway’s largest student event on Tues 11th Feb 2025. Hosted by Reboot Events and Bümblê in association with University of Galway Students’ Union with electronic acts, live bands and some of the hottest names across the board. Line up drop 6pm TODAY Thurs 12th Dec. Tickets on sale 10am tomorrow Fri 13th Dec. Sign up for presale access nowHERE.

Firewalk 2025

Firewalking? What’s that? Yes, it’s all about walking on fire! The Firewalk is back for Raise and Give Week 2025! It’s an age-old ritual for bringing about change and transformation, breaking through fears and bringing fresh energy into your life. A Firewalk gives you the opportunity to experience your own courage and potential in an exhilarating event. All that, and you can make a huge difference by raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership. More info+ sign up HERE.

Free Breakfast!

You can now get free porridge* on weekday mornings at Sult AND Smokey’s Café to help you stay fuelled for your exams. SU Card required. (*while stocks last!)

Rag Week Jersey Pre-Orders Close Weds 18th Dec

This jersey is a fundraiser for our charity partners Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership, with 100% of proceeds going to them thanks to sponsorship from Scope Tickets. This jersey is unique to this year and won’t be made available again. You can PRE-ORDER your €25 jersey HERE until 5pm Weds 18th Dec. Please note jerseys won’t be available for collection from the SU until Semester 2 2025. All Jerseys are Unisex sizing.

Take Me Out Applications Open

Applications are now open to be a Take Me Out Contestant 8pm Weds 29th of Jan at Sult. This event is a chance to maybe find some romance and definitely have the craic all while raising fund for the SU Charities. Applications close 12pm Mon 13th of Jan 2025. Apply HERE.

Good Luck in your Exams!

We’ve put together some tips and info HERE to get you through the next couple of weeks. Don’t forget you need your student ID card for your exams. If you don’t have your student ID Card you can get a replacement from the Student Registry Helpdesk.

RAG Rose

Could you be the first ever RAG Rose? Win FREE entry to all on campus RAG events and become the RAG mascot for the year! Nominations are open now HERE. To enter you need to raise €150 on iDonate by 5pm Mon 20th Jan for the SU Charities.

SafeTALK

safeTALK is a free 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares participants to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. Date/Time: 9.30am-1pm Friday 7th February 2025. Limited spaces. Please email joanna.brophy@universityofgalway.ie for booking link. More info HERE.  

Need a secret Santa present?

SU Big Yellow Thing socks are the perfect stocking filler for just €9 and all proceeds go to the SU Charities! Pick up a pair in the SU Office, SU Shop or online HERE.

Pilates

Our next 6 week online Pilates course is now booking for just €5! It starts Weds 15th Jan. More info and sign up HERE.

Learn Sign Language in 2025

Booking is now open for our 10 week beginners Sign Language courses and it’s just €40. More info + sign up HERE.

Parkrun Rescheduled Birthday!

University of Galway Parkrun is 1 year old this Saturday 14th December. Join them at 9.30am for a 5km run/jog/walk/roll or sign up to volunteer. This weekly event is free and open to all. It’s a great chance to get some fresh air and meet new people. More info HERE.

Christmas Gift Appeal for those in Direct Provision

Beyond Borders Society are holding a Christmas Gift Donation Drive today Thurs 12th Dec and next Thurs 19th Dec in the foyer of the Library. They’re collecting new toys for kids (0-10 years old) and gift vouchers for teenagers living in Direct Provision. More info from beyondborders@socs.universityofgalway.ie

Hardiman PhD Scholarship Applications Open

The Hardiman PhD Scholarships are fully funded for four years; with a stipend of €25,000 per annum, plus tuition fee covered for the 4 years. These Scholarships offer opportunities for suitably qualified individuals to pursue a Structured PhD, focused on the key areas of research in which the University offers leading expertise. You will find potential PhD supervisors at Find a Supervisor/ PhD. Applications close 5pm 7th Feb 2025. All info relating to these scholarships will be posted HERE on the Hardiman Scholarships website.

President’s Awards for Teaching Excellence

If there’s a member of teaching staff that you think deserves recognition for their amazing work and support for students why not nominate them for the President’s Award for Teaching Excellence HERE. Deadline for nominations Thurs 19th Dec.

Speak Out

Speak Out is an online anonymous reporting tool available to all students to disclose incidents of bullying, cyberbullying, harassment, discrimination, hate crime, coercive behaviour / control, stalking, assault, sexual harassment, sexual assault, and rape. More info HERE.

Beyond My Plate – Participants Needed

You’re invited to take part in a study to explore what adults in Galway think about food and sustainability. Complete the brief online survey HERE and there’s also an option to take part in a focus group session in 2025 with refreshments provided.

Charity Events in Galway this Christmas

  • Galway Simon Community Dip at Dawn swim is on Sat 21st Dec to mark the Winter Solstice. More info HERE. 
  • The GOAL Mile will be on Christmas Day in Dangan. More info HERE.
  • COPE Galway have their Christmas Day swim in Blackrock. More info HERE.  

Life Skills 2025 now booking

Sign up has now opened for our SU Life Skills courses for 2025. Courses include:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Heartsaver AED
  • Bodhrán
  • Tin Whistle
  • Pilates
  • Self Defence
  • safeTALK Suicide Awareness Training
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • Financial Resilience
  • 5 A Day for Mental Health with Jigsaw

More info + sign up links are HERE.  

Need someone to talk to at the weekend?

Galway Community Café is a free out-of-hours adult mental health café that provides peer support to people in a supportive non-clinical space. It’s located in Mr Waffle opposite the University Hospital Galway is open 6.30pm-11pm Thursday-Sunday. More info + booking link HERE.

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)  

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.

An tSeachtain Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta 2025 – an tImeacht Mac Léinn is Mó i nGaillimh – SOS

Bí ullamh don tSeachtain Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta is mó riamh! Beidh 2 ardán, 10 mír cheoil, 2,500 mac léinn agus léiriúchán ar leibhéal féile ag an imeacht mac léinn is mó i nGaillimh, Dé Máirt, an 11 Feabhra 2025. Beidh ceol leictreonach, bannaí ag seinm beo agus roinnt de na hainmneacha is mó le rá ag casadh ag an imeacht seo arna hóstáil ag Reboot Events agus Bümblê, i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Fógrófar na hainmneacha INNIU, Déardaoin, an 12 Nollaig ag 6pm. Beidh na ticéid ar díol ó 10am amárach, Dé hAoine, an 13 Nollaig. Cláraigh anois chun rochtain a fháil ar thicéid réamhdhíola ANSEO.

Siúl Dóiteáin 2025

Siúl dóiteáin? Céard é sin? Tá an ceart agat, is siúl ar dhóiteán atá i gceist! Beidh an Siúl Dóiteáin ar ais mar chuid den tSeachtain Tiomsaithe Airgid agus Carthanachta 2025! Is deasghnáth ársa é seo chun athrú agus claochlú a dhéanamh, deireadh a chur leis an eagla agus fuinneamh úr a chur i do shaol. Le Siúl Dóiteáin, tugtar deis duit taithí a fháil ar do chrógacht agus acmhainneacht féin ag imeacht ardmheanmnach. Anuas air sin, féadfaidh tú difear mór a dhéanamh trí airgead a bhailiú do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Bricfeasta Saor in Aisce!

Féadfaidh tú leite saor ina aisce* a fháil gach maidin sa tseachtain i Sult AGUS in Smokey’s Café chun fuinneamh a thabhairt duit aimsir na scrúduithe. Teastaíonn Cárta an Chomhaltais. (*go dtí go mbíonn an leite ar fad imithe!)

Geansaí Sheachtain RAG – Réamhorduithe le dúnadh Dé Céadaoin, an 18 Nollaig
Tá na geansaithe á ndíol chun airgead a bhailiú dár gcomhpháirtithe carthanais, Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, agus tabharfar 100% den airgead dóibh, a bhuí le hurraíocht ó Scope Tickets. Geansaí speisialta don bhliain seo is ea é agus ní bheidh sé ar fáil arís. Is féidir leat do gheansaí (€25) a RÉAMHORDÚ ANSEO go dtí 5pm, Dé Céadaoin, an 18 Nollaig. Cuimhnigh nach mbeidh do gheansaí ar fáil lena bhailiú ón gComhaltas go dtí Seimeastar 2, 2025. Tá na tomhais chéanna ag na geansaithe, is cuma cé acu fear nó bean.

Ag glacadh anois le hiarratais ar Take Me Out
Tá iarratais ar oscailt anois le bheith i d’iomaitheoir sa chomórtas Take Me Out, a bheidh ar siúl ag 8pm, Dé Céadaoin, an 29 Eanáir i Sult. Tabharfar deis duit ag an ócáid seo teacht ar do ghrá geall, craic a bheith agat agus airgead a bhailiú do Charthanais an Chomhaltais. 12pm, Dé Luain, an 13 Eanáir 2025 an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh. Déan iarratas ANSEO.

Ádh mór oraibh sna scrúduithe!

Tá leideanna agus eolas le fáil ANSEO chun cabhrú leat na chéad cúpla seachtain eile a chur tharat. Ná déan dearmad go mbeidh do chárta aitheantais mic léinn ag teastáil uait chun na scrúduithe a dhéanamh. Mura bhfuil do chárta aitheantais mic léinn agat, is féidir leat ceann ionaid a fháil ó Dheasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn.

Rós RAG

An mbeidh tusa ar an gcéad Rós RAG riamh? D’fhéadfá cead isteach saor in aisce chuig gach ócáid RAG ar an gcampas a bhuachan agus a bheith i d’ionadaí RAG go ceann na bliana! Is féidir ainmniúchán a dhéanamh anois ANSEO. Le bheith páirteach, ní mór duit €150 a bhailiú ar iDonate faoin 5pm, Dé Luain, an 20 Eanáir, do Charthanais an Chomhaltais.

SafeTALK
Clár 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar chumas rannpháirtithe daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Dáta/Am: 9:30am-1pm, Dé hAoine, an 7 Feabhra 2025. Líon teoranta áiteanna. Cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie chun nasc áirithinte a fháil. Tuilleadh eolais ANSEO.

An bhfuil bronntanas ó Dhaidí rúnda na Nollag uait?

Is bronntanais bheaga fhoirfe iad na stocaí den Rud Mór Buí ón gComhaltas agus níl ach €9 orthu. Tabharfar an t-airgead ar fad do Charthanais an Chomhaltais! Faigh do phéire in Oifig an Chomhaltais, Siopa an Chomhaltais nó ar líne ANSEO.

Pilates

Is féidir an chéad chúrsa 6 seachtaine eile de Pilates ar líne a chur in áirithint anois agus níl ach €5 air! Tosóidh sé Dé Céadaoin, an 15 Eanáir. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Foghlaim an Teanga Chomharthaíochta in 2025

Is féidir cúrsa 10 seachtaine sa Teanga Chomharthaíochta do thosaitheoirí a chur in áirithint anois agus níl ach €40 air. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Parkrun athsceidealaithe!

Beidh Parkrun Ollscoil na Gaillimhe bliain ar an bhfód an Satharn beag seo, an 14 Nollaig. Bí linn ag 9.30am chun rith/bogshodar/siúl 5km a dhéanamh, nó cláraigh le bheith i d’oibrí deonach ann. Is ócáid sheachtainiúil saor in aisce do chách é seo. Is deis iontach é seal a chaitheamh amuigh faoin aer agus bualadh le daoine nua. Tuilleadh eolais ANSEO.

Bailiúchán Bronntanas Nollag do dhaoine a chónaíonn sa chóras soláthair dhírigh

Tá Bailiúchán Bronntanas Nollag á reáchtáil ag an gCumann Gan Teorainneacha inniu, Déardaoin, an 12 Nollaig agus Déardaoin seo chugainn, an 19 Nollaig, i bhforhalla na Leabharlainne. Tá bréagáin nua do leanaí (0-10 mbliana d’aois) agus dearbháin bhronntanais do dhéagóirí a chónaíonn sa chóras Soláthair Dhírigh á mbailiú acu. Tuilleadh eolais: beyondborders@socs.universityofgalway.ie

Ag glacadh le hiarratais anois ar Scoláireacht PhD Hardiman

Maoinítear Scoláireachtaí PhD Hardiman go hiomlán ar feadh ceithre bliana. Íoctar liúntas €25,000 in aghaidh na bliana, chomh maith leis na táillí teagaisc do na ceithre bliana. Leis na Scoláireachtaí seo, tugtar deis do dhaoine cuícháilithe PhD Struchtúrtha a shaothrú, agus iad ag díriú ar na príomhréimsí taighde ina gcuireann an Ollscoil saineolas ceannródaíoch ar fáil. Tá liosta de mhaoirseoirí féideartha PhD le fáil ag Aimsigh Maoirseoir/ PhD. Dúnfar iarratais ag 5pm, an 7 Feabhra 2025. Beidh an t-eolas ar fad faoi na scoláireachtaí le fáil ANSEO ar shuíomh gréasáin Scoláireachtaí Hardiman.

Gradaim an Uachtaráin don Sármhaitheas sa Mhúinteoireacht
Má cheapann tú go bhfuil aitheantas tuillte ag ball foirne múinteoireachta as a gcuid oibre agus as an tacaíocht a thugann siad do na mic léinn, is féidir iad a ainmniú do Ghradam an Uachtaráin don Sármhaitheas sa Mhúinteoireacht ANSEO. Déardaoin, an 19 Nollaig an spriocdháta chun ainmniúchán a dhéanamh.

Speak Out
Is uirlis ar líne é Speak Out atá ar fáil do gach mac léinn chun tuairisc a thabhairt ar eachtraí a bhaineann le bulaíocht, cibearbhulaíocht, ciapadh, idirdhealú, coireanna fuatha, iompraíocht chomhéigneach/shriantach, stalcaireacht, ionsaí, ciapadh gnéasach, ionsaí gnéasach agus éigniú. Tuilleadh eolais ANSEO.

Beyond My Plate – Rannpháirtithe á Lorg
Tugtar cuireadh duit a bheith rannpháirteach i staidéar a fhiosróidh céard a cheapann daoine fásta i nGaillimh faoi bhia agus inbhuanaitheacht. Líon isteach an suirbhé gearr ar líne ANSEO. Tá rogha ann freisin chun páirt a ghlacadh i seisiún fócasghrúpa in 2025 ag a mbeidh sólaistí.

Imeachtaí Carthanachta i nGaillimh an Nollaig seo

  • Beidh snámh ag breacadh an lae ar son Phobal Shíomóin na Gaillimhe, ‘Dip at Dawn’, ar siúl Dé Sathairn, an 21 Nollaig chun Grianstad an Gheimhridh a cheiliúradh. Tuilleadh eolais ANSEO.
  • Beidh rith/siúlóid GOAL Mile ar siúl sa Daingean Lá Nollag. Tuilleadh eolais ANSEO.
  • Beidh snámh ar son COPE na Gaillimhe ar siúl Lá Nollag ag an gCarraig Dhubh. Tuilleadh eolais ANSEO.

Scileanna Saoil 2025: déan áirithint anois
Is féidir clárú anois do chúrsaí Scileanna Saoil 2025 an Chomhaltais. I measc na gcúrsaí, beidh:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • Gaeilge
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Bodhrán
  • Feadóg Stáin
  • Pilates
  • Féinchosaint
  • Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • Athléimneacht Airgeadais
  • 5 sa lá ar son na meabhairshláinte le Jigsaw

Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.

Comhrá agus cuideachta de dhíth ort ag an deireadh seachtaine?

Caifé meabhairshláinte a bhíonn ar oscailt taobh amuigh de na gnáthuaireanta gnó is ea Caifé Pobail na Gaillimhe, áit a dtugtar piarthacaíocht do dhaoine in áit thacúil neamhchliniciúil. Tá sé lonnaithe in Mr Waffle, os comhair Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus bíonn sé ar oscailt 6.30pm-11pm, Déardaoin-Domhnach. Tuilleadh eolais + nasc áirithinte ANSEO.

Déan Teagmháil Linn / Contact Us

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) agus X (Twitter)