Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

What is the Students’ Union?

“The mission of the Union shall be to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.” – Constitution of the Students’ Union

The SU is a representative organisation that is independent from the University and consists of all registered students at the University of Galway.  As the SU is an independent body, the SU officers do not have to answer to the University authorities – we only answer to you, our members who have elected us.

These are the officers in the Students’ Union working for you this year to promote and defend your rights:

Want to join the team? Nominations will open on Weds 16 Sept for the vacant part time SU officer positions of Mature Students’ Officer

Lockers are on Sale Now

Log on to YourSpace to book and pay for your locker. You can then collect the key from the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Please note access to all YourSpace services is only added 24 hours after you register for college.

Welcome Magazine

Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life at the University of Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.

Orientation Events are happening now and they’re free!

Today Thurs 3 Sept

  • 5pm-7pm 1st Year Orientation Barbecue and Speed Quizzing at Sult
  • 7pm-9pm Live music from The Bare Minimum live band at Sult
  • 9pm-11pm DJ Graham Doherty at Sult

Tomorrow Fri 4 Sep

  • 5pm-7pm 1st Year Orientation Barbecue and Speed Quizzing at Sult
  • 7pm-9pm Live music from Folkin Around live band at Sult
  • 9pm-11pm DJ Rookie at Sult

Your SU Services are open!

  • The SU Office is open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to meet your SU Officers, collect your Student Leap Card, get free condoms/lube/period products, buy SU Charity Socks, collect your locker keys, and lots more!
  • Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café are all open so call by and shop local!
  • The SU FREE Cloakroom reopens Mon 7Sept and will be open 9am-6pm Monday-Friday in the Library basement near the SU Shop. You can drop off your luggage for free here. Please note we can’t accept laptops.
  • The SU Síbín social space reopens Mon 7Sept and is open 9am-5pm Mon-Fri in the Library Basement near the SU Shop.
  • Spéir, the SU Pantry, is a system where surplus food is collected from local supermarkets and then distributed for free to students to reduce food waste. The Pantry is open Monday and Friday during term and you can apply for a slot online HERE. Slots are randomly allocated and you need to bring your student ID card and a reusable bag to your Spéir slot.

Save money on public transport fares with the Young Adult or Student Leap Card

  • The Young Adult Leap Card is available for all 19 to 25 year olds. Apply online HERE and it will be posted to you.
  • The Student Leap Card is only available for students in full time education who are either 16 -18 years of age or 26 years and above. Apply online HERE and collect from the SU Office when you get your confirmation code.

Life Skills

Our Life Skills courses are now enrolling for the year ahead. Spaces are limited so sign up soon for:

  • Sign Language
  • Gaeilge
  • Pilates
  • Tin Whistle
  • Manual Handling
  • Bodhrán
  • Self Defence
  • Heartsaver AED
  • Mental Health Awareness
  • Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
  • safeTALK Suicide Alertness

More info and registration HERE

Class Reps

Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for Undergrad and Postgrad Taught students open Mon 7Sept and close Fri 18Sept on YourSpace. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and, of course, get your Class Rep Hoodie! More information HERE.

World Suicide Prevention Day Thurs 10 Sept

  • Tea and Chats 10am-12pm in The Corrib Room at Sult. All welcome!
  • Speed Friending 7pm in AC202 with free pizza! Free tickets HERE.

Free Period Products

Free period products are now available from locations across campus. More info HERE. Please take only what you need!

Coming Up This September

We’ve lots coming up this September and more to be addedHERE!

Ways to get involved with your SU this year 

Student Health Unit

The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment onlinehere.

Research participants needed: Do you experience abdominal pain related to inflammatory bowel disease (IBD) or irritable bowel syndrome (IBS)? Or are you a healthy volunteer interested in contributing to clinical research?

PhD Student Rebecca Lane, School of Pharmacy and Medical Sciences, invites you to participate in her clinical study exploring how the body’s own “cannabis-like” system and gut microbes may influence abdominal pain. To find out more, please fill out THIS FORM.

Idea-Marathon as Notebook Technology Talk

Join The MakerSpace in the Library 4pm-5pm Mon 14 Sept for this free talk by Takeo Higuchi. More info and registration HERE.

Handy Links For You

Contact Us | Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

_________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Céard é Comhaltas na Mac Léinn?

“Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.” – Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Is eagraíocht ionadaíoch é an Comhaltas atá neamhspleách ar an Ollscoil, ach a bhfuil gach mac léinn atá cláraithe le hOllscoil na Gaillimhe ina bhall de.  Toisc gur foras neamhspleách é an Comhaltas, níl oifigigh an Chomhaltais freagrach d’údaráis na hOllscoile – is daoibhse, na baill a thogh muid, atáimid freagrach.

Seo iad oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn a bheidh ag obair ar bhur son i mbliana chun bhur gcearta a chur chun cinn agus a chosaint:

An mian leat a bheith linn? Osclófar ainmniúcháin Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair do na poist fholmha pháirtaimseartha a leanas: Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta

Taisceadáin ar díol anois

Logáil isteach ar YourSpace le clárú le haghaidh taisceadáin agus íocaíocht a dhéanamh. Is féidir leat an eochair a bhailiú ansin ó Oifig an Chomhaltais, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Tabhair faoi deara nach mbeidh rochtain agat ar sheirbhísí YourSpace go ceann 24 uair an chloig tar éis duit clárú le haghaidh an choláiste.

Iris Fáilte

Tá gach eolas atá uait maidir le tosú amach in Ollscoil na Gaillimhe agus maidir le Gaillimh féin le fáil inár n-iris, Fáilte! Tá tairiscintí den scoth, margaí iontacha agus eolas ónár lucht tacaíochta ann. Tabhair spléachadh uirthi ANSEO.

Tá imeachtaí tionscnaimh ar siúl anois agus tá siad saor in aisce!

Inniu, Déardaoin, an 3 Meán Fómhair

  • 5pm-7pm 1ú Bhliain Barbeiciú Tionscnaimh agus Tráth na gCeist ag Sult
  • 7pm-9pm Ceol beo ón mbanna The Bare Minimum ag Sult
  • 9pm-11pm DJ Graham Doherty ag Sult

Amárach, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair

  • 5pm-7pm 1ú Bhliain Barbeiciú Tionscnaimh agus Tráth na gCeist ag Sult
  • 7pm-9pm Ceol beo ón mbanna Folkin Around ag Sult
  • 9pm-11pm DJ Rookie ag Sult

Tá Seirbhísí an Chomhaltais ar oscailt!

  • Bíonn Oifig an Chomhaltais ar oscailt Luan-Aoine, 10am-5pm, thuas staighre in Áras na Mac Léinn (béal dorais le Sult). Buail isteach le haithne a chur ar Oifigigh an Chomhaltais agus Cárta Leap do Mhic Léinn a fháil, coiscíní/bealadh/táirgí míostraithe saor in aisce a fháil, Stocaí Carthanachta an Chomhaltais a cheannach, eochair do thaisceadáin a bhailiú, agus neart eile!
  • Sult, Siopa an Chomhaltais agus Caifé Smokey ar fad ar oscailt. Buail isteach agus caith do chuid go háitiúil!
  • Osclóidh Seomra Cótaí an Chomhaltais arís Dé Luain, an 7Meán Fómhair, agus beidh sé ar oscailt uaidh sin amach 9am-6pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais. Is féidir leat do bhagáiste a fhágáil anseo saor in aisce. Tabhair do d’aire nach féidir linn glacadh le ríomhairí glúine.
  • Tá spás sóisialta Síbín le hoscailt arís Dé Luain, an 7Meán Fómhair agus beidh sé ar oscailt 9am-5pm, Luan-Aoine, in Íoslach na Leabharlainne in aice le Siopa an Chomhaltais.
  • Is í Spéir pantrach an Chomhaltais. Is é sin le rá gur córas í ina mbailítear farasbarr bia ó ollmhargaí áitiúla agus ina dtugtar an bia sin amach saor in aisce do mhic léinn d’fhonn dramhaíl bia a laghdú. Bíonn an phantrach ar oscailt gach Luan agus Aoine i gcaitheamh an téarma, agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar shliotán ama ANSEO. Déantar na sliotáin a leithdháileadh go randamach agus ní mór duit do chárta aitheantais mic léinn agus mála in-athúsáidte a thabhairt leat chuig do shliotán i Spéir.

Sábháil airgead ar tháillí iompair phoiblí le Cártaí Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn

  • Tá an Cárta Leap d’Aosaigh Óga ar fáil do gach duine atá 19-25 bliain d’aois. Déan iarratas ar líne ANSEO agus cuirfear amach chugat sa phost é.
  • Tá an Cárta Leap do Mhic Léinn ar fáil do mhic léinn lánaimseartha atá 16-18 mbliana d’aois nó 26+ bliain d’aois. Déan iarratas air ANSEO agus bailigh suas ó Oifig an Chomhaltais é a luaithe a bheidh an cód deimhnithe faighte agat.

Scileanna Saoil

Is féidir clárú dár gcúrsaí Scileanna Saoil anois don bhliain amach romhainn. Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil – cláraigh go luath do na cúrsaí a leanas:

  • Teanga Chomharthaíochta
  • An Ghaeilge
  • Pilates
  • Feadóg Stáin
  • Láimhsiú
  • Bodhrán
  • Féinchosaint
  • Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
  • Feasacht i leith na Meabhairshláinte
  • Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
  • safeTALK: Airdeall ar Fhéinmhárú

Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO

Ionadaithe Ranga

An bhfuil an mianach ionat le bheith ag ceann an tslua agus guth a thabhairt do do rang i mbliana? Osclófar ainmniúcháin d’Ionadaithe Ranga d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe teagasctha Dé Luain, an 7Meán Fómhair agus dúnfar Dé hAoine, an 18Meán Fómhair iad. Is ar YourSpace a bheidh na hainmniúcháin ar siúl. Is bealach iontach é le bualadh le cairde nua agus taithí, oiliúint agus, ar ndóigh, Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Tuilleadh eolais ANSEO.

An Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc Déardaoin 10 Meán Fómhair

  • Tae agus Plé 10:00-12:00 i Seomra na Coiribe in Sult. Fáilte roimh chách!
  • Luaschairdeas19:00 i AC202. Píotsa saor in aisce! Ticéid saor in aisce ANSEO.  

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce

Tá táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce ar fud an champais. Tuilleadh eolais ANSEO. Ná tóg ach a bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre!

Le teacht i mí Mheán Fómhair

Tá neart le teacht i mí Mheán Fómhair. Tuilleadh eolaisANSEO!

Bealaí le páirt a ghlacadh sa Chomhaltas i mbliana 

Aonad Sláinte na Mac Léinn

Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn SAOR IN AISCE agus oscailte, ach ní mór coinne a chur in áirithe ar líne roimh dhul ann. Tá tuilleadh eolais maidir le seirbhísí agus cén chaoi coinne a dhéanamh ar líne le fáilanseo.

Rannpháirtithe taighde ag teastáil: An mbíonn pian boilg ort a bhaineann le galar athlasta putóige (IBD) nó le siondróm putóige greannaithí (IBS)? Nó an duine sláintiúil thú agus suim agat do chion féin a dhéanamh ar son taighde cliniciúil?

Cuireann mac léinn PhD, Rebecca Lane, Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis, fáilte romhat a bheith páirteach i staidéar cliniciúil ina scrúdófar an chaoi a bhféadfadh miocróib putóige agus córas an choirp féin atá “mar a bheadh cannabas ann” dul i bhfeidhm ar phian boilg. Le tuilleadh eolais a fháil, líon isteach AN FHOIRM SEO.

Caint ar Mharatón na Smaointe mar Theicneolaíocht an Leabhair Nótaí

Bí linn sa MakerSpace sa Leabharlann 4pm-5pm Dé Luain, an 14 Meán Fómhair le haghaidh na cainte saor in aisce seo le Takeo Higuchi. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Naisc Áisiúla

Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)