Your SU
Convenor of the College of Science and Engineering / Tionólaí na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cameron Owen
Convenor of the College of Science
Meet Cameron Owen
Convenor of the College of Science
Hello! My name is Cameron Owen, I am a second year marine science student and I am very excited to be your Convenor of Science and Engineering 25/26.You can find my manifesto on my Instagram, but some of my goals are strengthening the relationship between students and faculty, working towards bringing more Irish language courses into STEM, and introducing field trips to courses that lack them. Please don’t hesitate to reach out to me with any questions or ideas, I am always open to hearing your vision for our future!
Each of the 4 College Convenors act as chairperson for their College Class Representatives Council. They represent their Colleges Class Reps and students on the Executive Committee. They work with the SU Council Chairperson to make sure every class has a Class Representative.
Heileo! Is mise Cameron Owen, mac léinn sa dara bliain atá ag déanamh staidéar ar eolaíocht mhuirí agus tá mé ar bís le bheith mar Thionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta don bhliain 25/26. Is féidir m’fhorógra a léamh ar mo chuntas Instagram. I measc na spriocanna atá agam tá neartú an chaidrimh idir mic léinn agus an dámh, obair i dtreo níos mó cúrsaí ETIM a sholáthar i nGaeilge, agus turais allamuigh a chur le cúrsaí nach dtéann ar thurais mar atá. Ná bíodh drogall oraibh teagmháil a dhéanamh liom má ritheann aon cheist nó smaoineamh libh. Táim i gcónaí sásta cloisteáil faoin bhfís atá agaibh don am atá le teacht!
Tá Tionólaí Coláiste ag na 4 Choláiste agus bíonn siad ina gcathaoirligh ar Chomhairle Ionadaithe Ranga a gColáiste. Déanann siad ionadaíocht ar Ionadaithe Ranga agus ar mhic léinn a gColáiste ar an gCoiste Feidhmiúcháin. Oibríonn siad le Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn lena chinntiú go bhfuil Ionadaí Ranga ag gach rang.
Contact Details
- Email: su.scienceengineering@universityofgalway.ie
- Office: 091 493 570
- Mobile: 087 258 8484