Cárta Leap do Mhic Léinn

Ordaigh do Chárta Leap do Mhic Léinn ar líne

Ní ghlacann Iarnród Éireann ná Bus Éireann leis na cártaí aitheantais a eisíonn Coláistí Tríú Leibhéal do mhic léinn mar aitheantas bailí a thuilleadh. Más mian le mac léinn lascaine a fháil ar sheirbhísí Iarnród Éireann agus Bhus Éireann, beidh air nó uirthi Cárta Leap nó Cárta Aosaigh Óig a cheannach.  Is féidir le mic léinn agus aosaigh óga iarratas a dhéanamh ar chárta agus é a cheannach ar líne anseo. Má tá an duine idir 19 mbliana d’aois agus 25 bliain d’aois, beidh air nó uirthi iarratas a dhéanamh ar Chárta Leap d’Aosaigh Óga. Is féidir le duine ar bith atá idir 19 mbliana agus 25 bliain d’aois ceann a fháil. Cuirfear an cárta sin amach go díreach chuig an seoladh a luaitear san iarratas (Ní féidir é a chur i gcló in Oifig an Chomhaltais). Má tá an mac léinn idir 16 bliana agus 18 mbliana d’aois nó os cionn 26 bliain d’aois, beidh air nó uirthi bualadh isteach chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn leis an uimhir ordaithe tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an t-iarratas a dhéanamh, áit a bhféadfar an cárta a chur i gcló. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Théarmaí agus Coinníollacha Iarnród Éireann anseo. Ní bhíonn Cártaí Leap do Mhic Léinn bailí ach ar feadh 1 bhliain amháin ó mhí Mheán Fómhair go mí Mheán Fómhair. Ní mór do gach iarratasóir a bheith ina mhac léinn cláraithe le Cárta Leap do Mhac Léinn nua a fháil. Tabhair faoi deara: rachaidh do chód in éag tar éis 14 lá.

Find Out More