Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Free High Vis!
Call in to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn for free high vis vests, running bibs and drawstring bags while stocks last.
Clubs Captain Election Result: Charlotte Vanacore elected
Thanks to everyone who voted and congratulations to Charlotte who will take up their position on 1st of July. As no candidates came forward for the position of SU Mature Students’ Officer this election will now take place in Sept/Oct 2026. If you’re interested in running give us a shout for more info!
Extra individual and group study spaces will be opening on campus from tomorrow Sat 4April until the end of the exams. More info HERE at Exams 101 where you can also find Exam FAQ’s, supports, workshops and more. There’s also more exam tips and advice HERE or just give us a shout.
Free Breakfast
Each morning at Smokey’s Café and Sult if you buy any hot drink using your SU Card you can get a free bowl of porridge! (While stocks last!) Don’t have an SU Card yet? Pick one up in the SU Office for free 10am-5pm Monday-Friday.
Locker Key Return Deadline
Remember if you’ve an SU Locker you need to return your key to the SU Office before 5pm on Friday 8 May.
Give Blood in Galway
Location: The Connacht Hotel, Old Dublin Road
- 12:00-15:40 Sun 12 April
- 15:50-20:10 Mon 13 April
- 15:50-20:10 Weds 15 April
- 15:50-20:10 Thurs 16 April
More info/booking www.giveblood.ie
Fri 3 April is Good Friday and Mon 6 April is a Bank Holiday so there’s no classes.
- The Students’ Union Office will close 5pm Thurs 2 April and reopen 10am Thurs 9 April
- Sult, the SU Shop and Smokey’s will be closed Fri 3 April and reopen Tues 7 April.
- The SU Cloakroom and Síbín will close 6pm Thurs 2 April and reopen 9am Tues 7 April.
- TheJames Hardiman Library will be open 10am-6pm Fri 3 April, Closed Sat 4 and Sun 5 April and open 8.30am-10pm Mon 6 April.
- The Reading Room will be open as normal 7am-2.30am every day.
Spéir Easter Holiday Arrangements
- 2pm + 3.30pm Friday 3 April (register HERE by 4pm Thurs 2)
- 2pm + 3.30pm Wednesday 8 April (register HERE by 4pm Tues 7)
- 2pm + 3.30pm Friday 10 April (register HERE by 4pm Thurs 9)
- 2pm + 3.30pm Monday 13 April (register HERE by 4pm Tues 12)
- 2pm + 3.30pm Friday 17 April (register HERE by 4pm Thurs 16)
Slots are randomly allocated. Walk Ins available 3.40pm for anyone not awarded a slot.
Have you got a lab coat or goggles that you no longer need?
Donate lab coats and goggles at the SU Office so that they can be passed on to other students next year. Donation deadline Fri 8May.
Tour of Connemara on Monday
The Mountaineering Club is organising a sightseeing tour of Connemara on Mon 6 April. Entry to Kylemore Abbey, Connemara National Park and a stop at Keanes pub in Maam all included. More info and bookingHERE.
Parkrun this Saturday (and every Saturday!)
University of Galway Parkrun takes place every Saturday at 9:30am. It’s a free, fun, and friendly weekly 5k community event. Walk, jog, run, roll, volunteer or spectate – more infoHERE.
ENLIGHT Blended Intensive Programmes – Application Deadline 12 April
ENLIGHT Blended Intensive Programmes (BIPs) offer a unique opportunity for you to combine online learning with a short period of face-to-face instruction at a European partner university. More infoHERE.
Study Supports for You
- Academic Writing Centre
- Academic Skills Hub
- SUMS (Support for Undergraduate Mathematics and Statistics)
- Computer DISC Programming Support Centre
- Grinds Register
Art Exhibition Opening
You are invited to the opening of “Brush Strokes” Art Exhibition by Brendan McHugh 3pm Sat 11 April in University Hospital Galway. Follow LBIONIC on Instagram for more info.
Registration for Paths to Peace (FREE) Programme 2026
Welcome to the Paths to Peace Workshop & Mentoring Programme, a European learning journey for young changemakers, mentors, educators, tourism professionals, peacebuilding practitioners, and community leaders who believe tourism can be used as a tool for peace. More info HERE.
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
___________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Veisteanna Sofheicthe Saor in Aisce!
Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn chun veisteanna sofheicthe, bíobanna reathaíochta agus málaí éille saor in aisce a fháil fad a bheidh cuid fágtha againn.
Toradh Toghcháin le haghaidh Chaptaen na gClubanna: Toghadh Charlotte Vanacore
Buíochas le gach duine a vótáil agus comhghairdeas le Charlotte a rachaidh isteach sa phost ar an 1 Iúil. Ós rud é nár chuir aon iarrthóir isteach ar an bpost mar Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, reáchtálfar an toghchán sin arís i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair 2026. Más spéis leat dul san iomaíocht don phost, déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil!
Osclófar spásanna staidéir breise do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar an gcampas ón lá amárach, Dé Sathairn an 4 Aibreán, go dtí go dtiocfaidh deireadh leis na scrúduithe. Tuilleadh eolais ANSEO ag Scrúduithe 101, áit a bhfaighidh tú Ceisteanna Coitianta maidir le Scrúduithe, tacaíocht, ceardlanna agus a thuilleadh. Tá tuilleadh leideanna agus comhairle maidir le scrúduithe le fáil ANSEO freisin nó déan teagmháil linn.
Bricfeasta Saor in Aisce
Gach maidin i gCaifé Smokey agus in Sult, má cheannaíonn tú aon deoch te le do Chárta Comhaltais is féidir leat babhla leite saor in aisce a fháil (go dtí go mbeidh sé imithe ar fad!). Gan Cárta Comhaltais fós? Faigh ceann saor in aisce in Oifig an Chomhaltais idir 10am agus 5pm, Luan go hAoine.
Spriocdháta chun Eochracha Taisceadáin a Thabhairt ar Ais
Tabhair do d’aire, má tá taisceadán agat sa Chomhaltas, caithfidh tú d’eochair a thabhairt ar ais chuig Oifig an Chomhaltais roimh 5pm, Dé hAoine an 8 Bealtaine.
Deonaigh Fuil i nGaillimh
Suíomh: Óstán Chonnacht, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath
- 12:00-15:40 Domh 12 Aibreán
- 15:50-20:10 Luan 13 Aibreán
- 15:50-20:10 Céad 15 Aibreán
- 15:50-20:10 Déar 16 Aibreán
Tuilleadh eolais/áirithintí www.giveblood.ie
Ní bheidh aon ranganna ar siúl Dé hAoine, an 3 Aibreán (Aoine an Chéasta) ná Dé Luain, an 6 Aibreán (Lá Saoire Bainc).
- Dúnfar Oifig an Chomhaltais ar 5pm Déardaoin an 2 Aibreán agus athosclófar í ar 10am Déardaoin an 9 Aibreán.
- Beidh Sult, Siopa an Chomhaltais agus Smokey’s dúnta Dé hAoine an 3 Aibreán agus athosclófar iad Dé Máirt an 7 Aibreán.
- Druidfear Seomra Cótaí an Chomhaltais agus an Síbín ar 6pm, Déardaoin, an 2 Aibreán agus osclófar arís iad ar 9am, Dé Máirt an 7 Aibreán.
- Beidh Leabharlann Shéamais Uí Argadáin ar oscailt ó 10am go 6pm, Dé hAoine, an 3 Aibreán; dúnta Dé Sathairn an 4 agus Dé Domhnaigh an 5 Aibreán; agus oscailte ó 8.30am go 10pm, Dé Luain, an 6 Aibreán.
- Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt mar is gnách ó 7am go 2.30am gach lá.
Socruithe Shaoire na Cásca ag Spéir
- 2pm + 3.30pm, Dé hAoine, an 3 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm Déardaoin, an 2)
- 2pm + 3.30pm Dé Céadaoin, an 8 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm Dé Máirt, an 7)
- 2pm + 3.30pm Dé hAoine, an 10 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm Déardaoin, an 9)
- 2pm + 3.30pm Dé Luain, an 13 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm Dé Máirt, an 12)
- 2pm + 3.30pm Dé hAoine, an 17 Aibreán (cláraigh ANSEO faoi 4pm Déardaoin, an 16)
Sanntar sliotáin ama ar bhonn randamach. Is féidir teacht gan choinne ó 3.40pm mura bhfuair tú sliotán.
An bhfuil cóta nó spéaclaí saotharlainne agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh?
Deonaigh cótaí agus spéaclaí saotharlainne ag Oifig an Chomhaltais ionas gur féidir iad a thabhairt do mhic léinn eile an bhliain seo chugainn. Spriocdháta deonaithe: Dé hAoine, an 8 Bealtaine.
Turas Chonamara Dé Luain
Tá an Club Sléibhteoireachta ag eagrú turas fámaireachta de Chonamara Dé Luain an 6 Aibreán. Cead isteach chuig Mainistir na Coille Móire, Páirc Náisiúnta Chonamara agus stad ag tábhairne Keanes i Mám san áireamh. Tuilleadh eolais agus áirithintí ANSEO.
Parkrun Dé Sathairn (agus gach Satharn!)
Titeann Parkrun Ollscoil na Gaillimhe amach gach maidin Sathairn ar 9.30am. Imeacht pobail 5km saor in aisce é seo a bhíonn ar siúl gach seachtain le spraoi agus muintearas ann i gcónaí. Tar ag siúl, ag bogshodar nó ag rith, cabhraigh linn an t-imeacht a reáchtáil, nó bí ag breathnú air fiú – tuilleadh eolais ANSEO.
Dianchláir Chumaisc ENLIGHT – Spriocdháta le haghaidh Iarratais: an 12 Aibreán
Tugann Dianchláir Chumaisc (BIPanna) ENLIGHT deis uathúil duit an fhoghlaim ar líne a chomhcheangal le tréimhse ghearr teagaisc duine le duine in ollscoil chomhpháirtíochta Eorpach. Tuilleadh eolais ANSEO.
Tacaíochtaí staidéir atá ar fáil duit
- Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
- Mol Scileanna Acadúla
- SUMS (Tacaíocht d’Fhochéimithe Matamaitice agus Staitistice)
- Ionad Tacaíochta Ríomhchláraithe ComputerDISC
- An Clár Diancheachtanna
Oscailt Taispeántais Ealaíne
Tá fáilte romhat teacht chuig oscailt an Taispeántais Ealaíne “Brush Strokes” le Brendan McHugh ar 3pm, Dé Sathairn, an 11 Aibreán in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Lean LBIONIC ar Instagram le haghaidh tuilleadh eolais.
Clárú don Chlár Paths to Peace (SAOR IN AISCE) 2026
Fáilte go dtí an Cheardlann agus Clár Meantóireachta Paths to Peace, turas foghlama Eorpach do ghníomhairí óga an athraithe, meantóirí, oideoirí, gairmithe turasóireachta, cleachtóirí tógála síochána, agus ceannairí pobail a chreideann gur féidir an turasóireacht a úsáid mar uirlis don tsíocháin. Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)