Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn.

Vote today!

Today is SU Election Day and you can voteonline8am-8pm onYourSpace to elect your SU Officers for 2025/26. Your vote is your voice so make sure you use it today to choose who represents you! More information on your election candidates is available on the SU Website HERE , read their Sin Newspaper Interviews HERE and listen to their Flirt FM interviews HERE.

We also have the following happening for election day today:

  • 11am-4pm Selfie photobooth + freebies at SU Síbín Election Info Desk
  • 11am-3pm Pizza + freebies at SU Office Election Info Desk
  • 7.30pm-late Election Results Party at Sult. Free live music from Echo Chamber, Telebox and The Love Buzz PLUS Election Results Announcement!

Email suelections@universityofgalway.ie with any questions.

Election Nominations Reopened

Nominations have now reopened for the following positions and will close at 5pm on Weds 19th of March. Nomination forms are available from the SU Office and our website HERE.

  • Gender & LGBT+ Rights Officer
  • Mature Students’ Officer
  • Postgraduate Taught Officer
  • Convenor of College of Medicine, Nursing and Health Sciences
  • Convenor of College of Science and Engineering
  • Societies Chairperson

This is your chance to join the 2025/26 SU Officer team. Elections will take place on Thurs 27th March.

Seachtain na Gaeilge

Fáilte roimh chách! | Everyone is welcome!

Inniu Déardaoin 13 Márta | Today Thursday 13th March

  • 13:00-14:00 Deich ar Flirt FM 101.3FM
  • 19:00 Biongó leis an Scéim, Dew Drop Inn
  • 20:00 Cóisir an Chomhairimh, Sult. Echo Chamber, Telebox agus The Love Buzz.

Dé hAoine 14 Márta | Friday 14th March

  • 13:00-17:00 Uaireanta Stiúideo le ArtSoc
  • 13:00-14:00 Sláine/Mo Chairde Gael (Áine Sheehan/Maeve Ní Ruairc) ar Flirt FM 101.3FM

Dé Sathairn 15 Márta | Saturday 15th March

Tuilleadh eolais ANSEO | More info HERE

Petition

Please take a minute to sign our petition lobbying the government to put real emphasis on the Irish language HERE.

Exam Timetables

Exam timetables will be released online at 12pm Tues 18th March more info HERE. Semester 2 exams will run from 22nd April to 9th May 2025. Please check your exam timetable carefully to ensure all your subjects are present.

Study Supports for You

Holi Celebrations by University of Galway India Society

Happening this Saturday 15th of March from 12:30pm at College Green, University of Galway. Get your tickets for just €4 HERE.

Student Sustainability Leadership Awards
The University Sustainability Office is offering two paid student internships from September 2025 to April 2026. The internship will be 10 hours per week, covering 12 teaching weeks in both Semester 1 and Semester 2. Successful candidates will receive a €3,552 scholarship with an international funded trip included. Responsibilities include sustainability engagement, content creation, and collaborating with peers at ENLIGHT partner universities. Applications close 12pm Weds 2 April. Interviews 14 May. Apply here

Nelson Mandela Anti-Racism Week 2025

Nelson Mandela Anti-Racism Week will occur on campus from 18th – 21st March. See the schedule of events here.

Student Voice Survey Closes Tues 18th March

Do you want more places to sit and relax? More microwaves? Water stations in new locations? Fill out the survey HERE and let the University know what you need. You could win a prize!

Threesis

Join us on March 19th at 5:30pm for the WiSTEM-organised Threesis competition, where final year undergrads, postgrads, and PhD students will have 3 minutes to present their research, competing for cash prizes while boosting their confidence and presentation skills! All welcome! Sign up HERE

Get involved and to shape research on Type One Diabetes in Ireland

The D1 Now Study, based in University of Galway, is looking for young adults aged between 18-30 with type one diabetes to share their lived experience and contribute to research which will positively impact diabetes care. More info HERE.

Wear Red Day Campaign

The Immigrant Council of Ireland are asking everyone to Wear Red on Fri 21 March to show that we as a community welcome diversity, celebrate it, and take a stand against racism in all forms. Take a picture of you wearing red and email to theredcard@immigrantcouncil.ie or share on social media tagging the Immigrant Council of Ireland and University of Galway and using hashtag #WRD25

March SU Events

Here’s just some of what we have coming up this month and there’s lots more to be added so stay tuned! More info HERE.  

Bank Holiday on Monday

Remember this Monday 17th March is a Bank Holiday for St. Patrick’s Day so there’s no classes and the SU Office, Sult, Cloakroom, Smokey’s, SU Shop, Síbín, Spéir and Library are all closed. The Reading Room is open as usual 7am-2.30am. There’s lots of free events taking place in Galway over the weekend including the parade on Monday. More info HERE.

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter). For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp communityHERE.

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union.

Vótáil Inniu!

Inniu Lá Toghcháin an Chomhaltais agus is féidir do vóta a chaitheamh ar líne 8am-8pm ar YourSpace chun Oifigigh an Chomhaltais do 2025/26 a thoghadh. Is é do vóta do ghuth. Déan cinnte go n-úsáidfidh tú é chun na daoine a dhéanfaidh ionadaíocht duit a roghnú! Tá tuilleadh eolais maidir leis na hiarrthóirí toghcháin ar fáil ar shuíomh an Chomhaltais ANSEO agus is féidir a n-agallamh in Sin Newspaper a léamh ANSEO
Seo a leanas nithe eile a bheas ag titim amach do na toghcháin inniu:

  • 11am-4pm Bothán féiníní + aiscíní ag Deasc Eolais um Thoghcháin de chuid an tSíbín
  • 11am-3pm Píotsa agus aiscíní ag Deasc Eolais um Thoghcháin de chuid Oifig an Chomhaltais
  • 7.30pm-mall Cóisir Thorthaí an Toghcháin ag Sult. Ceol beo saor in aisce ó Echo Chamber, Telebox agus The Love Buzz AGUS Torthaí an Toghcháin!

Má bhíonn aon cheisteanna agat, cuir chuig suelections@universityofgalway.ie iad.

Ainmniúcháin do Thoghcháin an Chomhaltais ar Oscailt Arís
Tá ainmniúcháin ar oscailt arís do na róil seo a leanas agus dúnfar na hainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 19 Márta. Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ó Oifig an Chomhaltais agus ar ár suíomh gréasáin ANSEO.

  • An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+
  • Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta
  • Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha
  • Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
  • Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
  • Cathaoirleach na gCumann

Seo do sheans le bheith ar fhoireann na nOifigeach do 2025/26. Beidh toghcháin ar siúl Déardaoin, an 27 Márta.

Seachtain na Gaeilge
Fáilte roimh chách! | Everyone is welcome!
Inniu Déardaoin 13 Márta | Today Thursday 13th March

  • 13:00-14:00 Deich ar Flirt FM 101.3FM
  • 19:00 Biongó leis an Scéim, Dew Drop Inn
  • 20:00 Cóisir an Chomhairimh, Sult. Echo Chamber, Telebox agus The Love Buzz.

Dé hAoine, an 14 Márta | Friday 14th March

  • 13:00-17:00 Uaireanta Stiúideo le ArtSoc
  • 13:00-14:00 Sláine/Mo Chairde Gael (Áine Sheehan/Maeve Ní Ruairc) ar Flirt FM 101.3FM

Dé Sathairn, an 15 Márta | Saturday 15th March

Tuilleadh eolais ANSEO | More info HERE

Achainí

Tóg nóiméad, le do thoil, lenár n-achainí a shíniú chun stocaireacht a dhéanamh ar an rialtas chun béim fhónta a chur ar an nGaeilge ANSEO.

Amchlár na Scrúduithe

Eiseofar amchlár na scrúduithe ar líne ar 12pm, Dé Máirt an 18 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO. Beidh scrúduithe sheimeastar 2 ar siúl ón 22 Aibreán go dtí an 9 Bealtaine 2025. Seiceáil d’amchlár go cúramach lena chinntiú go bhfuil gach ceann de do chuid ábhar ann.

Tacaíochtaí Staidéir Duit

Ceiliúradh Holi le Cumann na hIndia, Ollscoil na Gaillimhe
Ag titim amach Dé Sathairn beag seo an 15 Márta ó 12:30pm ar College Green, Ollscoil na Gaillimhe. Ticéid ar fáil ar €4 ANSEO.

Gradaim Cheannaireachta um Inbhuanaitheacht Mac Léinn
Beidh Oifig Inbhuanaitheachta na hOllscoile ag tairiscint intéirneacht do bheirt mac léinn ó mhí Mheán Fómhair 2025 go dtí Aibreán 2026. Beidh 10 n-uair an chloig sa tseachtain i gceist leis an intéirneacht, thar 12 sheachtain teagaisc i Seimeastar 1 agus 2 araon. Gheobhaidh na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo scoláireachta ar luach €3,552 anuas ar thuras idirnáisiúnta maoinithe. I measc na bhfreagrachtaí beidh idirchaidreamh inbhuanaitheachta, cruthú ábhair, agus bheith ag obair i gcomhar le piaraí ó ollscoileanna ENLIGHT eile. 12pm, Dé Céadaoin, an 2 Aibreán an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh. Reáchtálfar agallamh an 14 Bealtaine. Déan iarratas anseo

Seachtain Nelson Mandela um Fhrithchiníochas 2025

Beidh Seachtain Nelson Mandela um Fhrithchiníochas ar siúl ar an gcampas ón 18 Márta go dtí an 21 Márta. Breathnaigh ar chlár na n-imeachtaí anseo.

Suirbhé Ghuth na Mac Léinn chun druidim Dé Máirt an 18 Márta

Ar mhaith leat tuilleadh áiteanna chun do scíth a ligean? Níos mó micreathonnán? Stáisiún uisce in áiteanna eile? Líon isteach an suirbhé ANSEO chun an Ollscoil a chur ar an eolas faoin méid atá uait. D’fhéadfá duais a bhaint!

Threesis
Bí linn ar 5:30pm an 19 Márta do chomórtas Threesis, arna eagrú ag WiSTEM, áit a mbeidh 3 nóiméad ag mic léinn na bliana deireanaí, iarchéimithe agus ábhair PhD chun a gcuid taighde a chur i láthair agus iad san iomaíocht do dhuaiseanna d’airgead tirim chomh maith le cur lena muinín agus lena scileanna cur i láthair! Fáilte roimh chách! Cláraigh ANSEO.

Bí páirteach agus múnlaigh an taighde a dhéantar ar Dhiaibéiteas Chineál a hAon in Éirinn

Tá Staidéar D1 Now, bunaithe in Ollscoil na Gaillimhe, ar lorg aosaigh óga 18-30 bliain d’aois a bhfuil diaibéiteas chineál a haon orthu lena dtaithí saoil féin a roinnt chun cur le taighde a chuirfidh le cúram diaibéitis. Tuilleadh eolais ANSEO.

Feachtas um Dhearg a Chaitheamh
Tá an Chomhairle um Inimircigh in Éirinn ag iarraidh ar gach duine Dearg a Chaitheamh Dé hAoine an 21 Márta lena léiriú go dtacaíonn muid, mar phobal, leis an éagsúlacht, go ndéanaimid í a cheiliúradh agus go seasaimid i gcoinne ciníochas de gach cineál. Tóg grianghraf duit féin gléasta i ndearg agus seol chuig theredcard@immigrantcouncil.ie nó comhroinn ar na meáin shóisialta é le clib ar an gComhairle um Inimircigh in Éirinn agus ar Ollscoil na Gaillimhe leis an haischlib #WRD25

Imeachtaí an Chomhaltais i mí an Mhárta
Níl anseo ach cuid dá bhfuil le teacht an mhí seo. Tá neart eile ar na bacáin freisin, mar sin bígí ag faire amach! Tuilleadh eolais ANSEO.

Lá Saoire Bainc Dé Luain
Cuimhnigh gur Lá Saoire Bainc a bheidh ann Dé Luain, an 17 Márta do Lá Fhéile Pádraig. Mar sin, ní bheidh ranganna ar siúl agus beidh Oifig an Chomhaltais, Sult, Seomra na gCótaí, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais, Síbín, Spéir agus an Leabharlann dúnta. Beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt 7am-2.30am mar is gnách, áfach. Beidh neart imeachtaí saor in aisce ar siúl i nGaillimh thar an deireadh seachtaine, ina measc an pharáid Dé Luain. Tuilleadh eolais ANSEO.

Déan Teagmháil Linn / Contact Us

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir muid a leanúint ar Facebook, ar Instagram, ar Tik Tok (@cmlong_su) agus ar X (Twitter). Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.