Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Seachtain na Gaeilge 1ú – 17ú Márta 2026
Déardaoin 5 Márta | Thursday 5 March
- 16:00 Gradaim Aitheantais Gaeilge do Scoláirí na Sraithe Sóisearaí
- 19:00 This House Believes all Civil Servants should Speak Irish, Lit and Deb
- 21:30 Grooveline í Sult
Dé Sathairn 7 Márta | Saturday 7 March
- 09:00-17:00 Crannchúr leis an Club Snámha, Tarrthál agus Póló Uisce,
Dé Luain 9 Márta | Monday 9 March
- 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006(Block E)
- 18:00 Cómortas Rince Seite
Dé Céadaoin 11 Márta | Wednesday 11 March
- 08:00 Lá Gaeilge le UG Run Club. Meet at Blackrock in Salthill.
- 10:30 Maidin Chaife ar son Ospís na Gaillimhe-Maigh Eo in Áras na Gaeilge
- 13:00 Mo Bhaile Dúchais, Áras na Gaeilge, Seomra 116
Déardaoin 12 Márta | Thursday 12 March
- Beidh FÍS 26’ ar siúl san Ionad Comhdhála i lár chathair Bhaile Átha Cliath
- 08:00-20:00 Toghcáin Leas Uachtarán don Ghaeilge + na róil eile
Tuilleadh eolais ANSEO| More info HERE
Notice of Referendum on University Association with Technion
On Thursday 12 March you will be asked to vote in a referendum on the Union’s position regarding the University’s association with Technion.
The wording which will appear on the ballot, requiring a Yes / No answer, will be:
Do you agree with this motion: “That Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe demands that the University cut all ties with Technion”
Voting will take place 8am-8pm Thurs 12 March online via YourSpace.
SU Election Hustings
Nominations are now closed and the list of candidates running for SU elections will be announced tomorrow. To help you decide who to vote for we’ll have Hustings taking place 11am + 2pm Mon 9 March + 2pm Tues 10 March at Sult. Hustings is a Q&A session with your SU election candidates. It’s your chance to learn more about your candidates and what they stand for before you vote on Thurs 12 March. There’ll also be election coverage and interviews with SIN and Flirt FM.
Road Safety Freebies Today
Call up to meet the Road Safety Authority 11:00-14:00 today Thurs 5 March in the SU Office. They will have VR headsets, Beer goggles, RSA merchandise and free high-vis vests!
MAC Makeup Masterclass
Join us 7pm Thurs 19 March in the Corrib Room at Sult for a Makeup Masterclass from MAC. Tickets + more info HERE.
safeTALK Training – 6 spaces left
We’ve another free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm Fri 20March on campus. Learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).
Cost of College Survey – win €500!
Please take a minute to complete the AMLÉ Cost of College Survey HERE and you could win €500. Your input will help AMLÉ identify student needs nationally so they can lobby the Government on same.
Speak Out
Speak Out is an anonymous online platform HERE where you can report Bullying, Cyberbullying, Harassment, Discrimination, Hate Crime, Coercive Behaviour, Stalking, Assault, Sexual Harassment, Sexual Assault, and Rape. We believe you, and we stand with you.
Student Survey closes Tues 10 March
If you’re aFirst Year, Final Year or a Postgraduate Taught (PGT) student please check your inbox as you will have an email from @etioglobal.com with a unique survey link. Prizes to be won include an iPhone 15, €100 / €50 / €20 Whoopee vouchers, €50 Students’ Union card, daily goodie bags and lots more!
Free Library Workshops
The Library has lots of free online and in person workshops coming up to help you on subjects such as: Finding Articles & Books; Cite Them Right; EndNote; Gen AI Technology & Assignments. More info + sign up links HERE.
Apply to the Student Sustainability Leadership Awards Programme 2026
The University of Galway Sustainability Office is offering two student scholarships of €3,700 each from September 2026 to April 2027. More info + application here
The SHIFT Study looking at Sexual Health in Ireland: Factors Influencing Transmission and Prevention.
Exploring how people take care of their sexual health, including testing for sexually transmitted infections, condom use, and other ways of looking after their sexual wellbeing. Interested and want to know more? Click HERE.
The Third Year students of Drama Theatre and Performance studies present POSH
Written by Laura Wade this student production blends together biting humour with powerful performances as a night of fine dining and tradition unravels into a gripping exploration of privilege and consequence. Ticket link HERE.
International women’s day, Premier Screening of Emmy Award Winning Her Fight, His Name: The Story of Gwen Carr and Eric Garner
The story of Gwen Carr, the mother of Eric Garner, who has spent years seeking justice over the death of her son by NYPD in 2014. The programme includes a conversation with Gwen Carr and a panel discussion 7pm-9pm Thurs 12 March in the Institute for Lifecourse and Society (H91 C7DK). Click here to register.
Saoirse Exhibition by Photo Soc
Photography Society is inviting you to join them in seeing their new exhibition themed around Saoirse, launching on 6 March at 6pm based in the Quad Gallery and officially opened from 9to 23 March. More info on their Instagram HERE.
ENLIGHT modules
There’s a number of blended intensive programmes at Blended Intensive Programmes (BIPs) – University of Galway available to students. Students are eligible for Erasmus funding to attend. All interested students are asked to speak to their Programme Director and apply for a place at Application – ENLIGHT Joint Courses 2026/27 – Fill out form.
Free Film Screening: The Voice of Hind Rajab
7pm Weds 11 March HBB-G019 Human Biology Building. Info + registration HERE.
Detecting AI-Generated versus Human-Written Health Misinformation among Irish University Students: The Role of eHealth Literacy and Trust in AI
This study aims to examine how university students in Ireland judge online health information, and how digital health literacy and trust in AI relate to these judgements. The study is fully anonymous and all students age 18+ can participate. More info/sign up link HERE.
Coming up this March
We’ve lots of events coming up this March and there’s more to be added! More info HERE
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_______________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Seachtain na Gaeilge 1–17 Márta 2026
Déardaoin 5 Márta | Thursday 5 March
- 16:00 Gradaim Aitheantais Gaeilge do Scoláirí na Sraithe Sóisearaí
- 19:00Creideann an Teach seo gur cheart do gach Státseirbhíseach Gaeilge a labhairt, an Cumann Litríochta agus Díospóireachta
- 21:30 Grooveline in Sult
Dé Sathairn 7 Márta | Saturday 7 March
- 09:00-17:00 Crannchúr leis an gClub Snámha, Tarrthál agus Póló Uisce
Dé Luain 9 Márta | Monday 9 March
- 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006 (Bloc E)
- 18:00Cómortas Rince Seit
Dé Céadaoin 11 Márta | Wednesday 11 March
- 08:00 Lá Gaeilge le Cumann Reathaíochta Ollscoil na Gaillimhe. Teacht le chéile ar an gCarraig Dhubh, Bóthar na Trá.
- 10:30Maidin Chaife ar son Ospís na Gaillimhe is Mhaigh Eo in Áras na Gaeilge
- 13:00 Mo Bhaile Dúchais, Áras na Gaeilge, Seomra 116
Déardaoin 12 Márta | Thursday 12 March
- Beidh FÍS 26′ ar siúl san Ionad Comhdhála i lár chathair Bhaile Átha Cliath
- 08:00-20:00Toghcháin le haghaidh Leasuachtarán don Ghaeilge + na róil eile
Tuilleadh eolaisANSEO | More infoHERE
Fógra maidir le Reifreann ar Cheangal na hOllscoile le Technion
Déardaoin, an 12 Márta, iarrfar ort vótáil i reifreann ar sheasamh Chomhaltas na Mac Léinn maidir le ceangal na hOllscoile le Technion.
Is mar seo a leanas a chuirfear an cheist ort ar an mballóid, agus beidh ortsa freagra Tá / Níl a thabhairt uirthi:
“An bhfuil tú ag toiliú leis an rún seo a leanas: “Go n-éilíonn Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe go scoirfeadh an Ollscoil de gach ceangal le Technion”
Beidh an vótáil ar siúl ar líne ar YourSpace, Déardaoin an 12 Márta idir 8am agus 8pm.
Toghchánaíocht an Chomhaltais
Tá ainmniúcháin dúnta anois agus fógrófar liosta iarrthóirí do thoghcháin an Chomhaltais amárach. Chun cuidiú leat cinneadh cé dó a dtabharfaidh tú do vóta, beidh Toghchánaíocht ar siúl in Sult ar 11am agus ar 2pm, Dé Luain an 9 Márta, agus ar 2pm, Dé Máirt an 10 Márta. Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le hiarrthóirí do thoghcháin an Chomhaltais atá i gceist leis an Toghchánaíocht. Seans atá ann aithne a chur ar na hiarrthóirí agus eolas a chur ar na cúiseanna a seasann siad ar a son roimh vóta a chaitheamh Déardaoin an 12 Márta. Beidh clúdach toghcháin agus agallaimh le SIN agus le Flirt FM ann freisin.
Aiscíní um Shábháilteacht ar Bhóithre Inniu
Buail isteach chun bualadh leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 11:00-14:00 inniu, Déardaoin an 5 Márta in Oifig an Chomhaltais. Beidh fearas cinn VR, spéaclaí beorach, earraí RSA agus veisteanna sofheicthe saor in aisce á dtabhairt amach acu!
Máistir-Rang Smididh le MAC
Tuilleadh eolais ANSEO
Oiliúint safeTALK – níl ach 6 spás fágtha
Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20Márta ar an gcampas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).
Suirbhé maidir le Costais Choláiste – buaigh €500!
Tóg nóiméad chun Suirbhé AMLÉ maidir le Costais Choláiste a chomhlánú ANSEO agus seans go mbuafaidh tú €500. Cabhróidh do chuid ionchuir le AMLÉ riachtanais na mac léinn a shainaithint go náisiúnta ionas gur féidir leo brústocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas ina leith.
Speak Out
Is ardán ar líne é Speak Out ANSEO is féidir a úsáid go hanaithnid. Áit atá ann inar féidir leat bulaíocht, cibearbhulaíocht, ciapadh, idirdhealú, coireacht fuatha, iompar comhéigneach, stalcaireacht, ionsaí, ciapadh gnéis, ionsaí gnéis, agus éigniú a thuairisciú. Creidimid ionat, agus seasann muid leat.
Dúnfar Suirbhé na Mac Léinn Dé Máirt an 10 Márta
Má tá túsa Chéad Bhliain, sa Bhliain Deiridh nó i d’Iarchéimí Teagasctha, seiceáil do bhosca isteach mar a bhfaighidh tú ríomhphost ó @etioglobal.com le nasc uathúil suirbhé. Ar na duaiseanna atá le buachan tá iPhone 15, dearbháin Whoopee €100 / €50 / €20, cárta Comhaltais dar luach €50, málaí earraí gach lá agus go leor eile!
Ceardlanna Leabharlainne Saor in Aisce
Tá neart ceardlanna saor in aisce ar líne agus ar an láthair ar siúl sa Leabharlann chun cabhrú leat le cúrsaí amhail: Ailt & Leabhair a Aimsiú; Ailt agus Leabhair a Lua i gCeart; EndNote; Teicneolaíocht agus Tascanna Intleachta Saorga. Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.
Cuir isteach ar Chlár na nGradam Ceannaireachta Mac Léinn um Inbhuanaitheacht 2026
Tá Oifig Inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe ag tairiscint dhá scoláireacht mac léinn ar fiú €3,700 an ceann iad ó Mheán Fómhair 2026 go hAibreán 2027. Tuilleadh eolais + iarratais anseo.
Staidéar SHIFT ag féachaint ar Sexual Health in Ireland: Factors Influencing Transmission and Prevention (Shláinte Ghnéis in Éirinn: Tosca a Imríonn Tionchar ar Tharchur agus ar Chosc).
Iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann daoine aire dá sláinte ghnéis, lena n-áirítear tástáil le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha, úsáid coiscíní, agus bealaí eile chun aire a thabhairt dá bhfolláine ghnéis. An bhfuil suim agat ann agus tuilleadh eolais ag teastáil uait? Cliceáil ANSEO.
POSH á léiriú ag mic léinn na tríú bliana Drámaíochta, Amharclannaíochta agus Staidéar Taibhithe
Arna scríobh ag Laura Wade, meascann an léiriú mac léinn seo greann géar le taibhiú cumhachtach agus scoth an bhia, áit a gcíortar an traidisiún in iniúchadh corraitheach ar an bpribhléid agus ar iarmhairtí. Ticéid ar fáil ANSEO.
Lá Idirnáisiúnta na mBan, Céad Léiriú den scannán Her Fight, His Name: The Story of Gwen Carr and Eric Garner , scannán a bhain Gradam Emmy
Scéal Gwen Carr, máthair Eric Garner, atá sa tóir ar cheartas leis na blianta i ndiaidh don NYPD a mac a mharú in 2014. Beidh comhrá le Gwen Carr agus pléphainéal mar chuid den chlár a bheas ar siúl idir 7pm agus 9pm Déardaoin 12 Márta san Institiúid um Chúrsa Saoil agus Sochaí (H91 C7DK). Cliceáil anseo le clárú.
Taispeántas Saoirse leis an gCumann Grianghrafadóireachta
Cuireann an Cumann Grianghrafadóireachta fáilte romhat ag a dtaispeántas nua, taispeántas atá bunaithe ar an tSaoirse. Seolfar é an 6 Márta ar 6pm i nGailearaí na Cearnóige agus beidh sé ar oscailt go hoifigiúil idir an 9 agus an 23 Márta.Tuilleadh eolais ar a gcuntas Instagram ANSEO.
Modúil ENLIGHT
Tá roinnt dianchláir chumaisc ar fáil do mhic léinn ar Dianchláir Chumaisc (DCCanna) – Ollscoil na Gaillimhe. Tá maoiniú Erasmus ar fáil do mhic léinn ina leith. Iarrtar ar gach mac léinn a bhfuil suim aige ann labhairt lena Stiúrthóir Cláir agus iarratas a dhéanamh ar áit ar Iarratas – Comhchúrsaí ENLIGHT 2026/27 – Líon isteach an fhoirm.
Taispeántas Scannáin Saor in Aisce: Guth Hind Rajab
7pm Dé Céadaoin an 11 Márta, HBB-G019 Foirgneamh Bhitheolaíocht an Duine. Eolas agus clárúchán ANSEO.
Mífhaisnéis Sláinte arna Giniúint le hIntleacht Shaorga i gcomparáid le Mífhaisnéis Sláinte Scríofa ag an Duine a Bhrath i measc Mic Léinn Ollscoile in Éirinn: Ról na Litearthachta Ríomhshláinte agus na Muiníne san Intleacht Shaorga
Tá sé mar aidhm ag an staidéar seo scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann mic léinn ollscoile in Éirinn breithiúnas ar fhaisnéis sláinte ar líne, agus an gaol atá idir an litearthacht sláinte dhigiteach agus muinín in intleacht shaorga agus na breithiúnais chéanna sin. Beidh an staidéar go hiomlán anaithnid agus is féidir le gach mac léinn atá 18 mbliana d’aois nó níos sine páirt a ghlacadh ann. Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.
Imeachtaí le teacht an Márta seo
Tá neart imeachtaí ar na bacáin againn i mí an Mhárta agus tá níos mó le cur leis! Tuilleadh eolais ANSEO
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)