Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

SU Election Nominations are Open!

Nomination forms are now available from the SU Office or onlineHERE for all 18 Students’ Union Officer Positions for 2026/27.This is your chance to learn new skills, meet new people and make a big difference to student life.

When you’ve filled out the nomination form and collected the signatures required you must return the completed form to the box in the SU Office. The deadline to return your form is 5pm Wednesday 4March – late nominations will not be accepted. The elections will all be held online on Thursday 12March.

Seachtain na Gaeilge 1ú – 17ú Márta 2026

An ceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr! | The biggest celebration of our language and our culture! Fáilte roimh chách! | Everyone is welcome!

Dé Luain 2 Márta | Monday 2 March

  • 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006 (Block E)
  • 13:30 Seoladh Seachtain na Gaeilge, Áras na Gaeilge sa Teatar
  • Bál na Gaeilge, Óstán Chuan na Gaillimhe

Dé Máirt 3 Márta | Tuesday 3 March

  • 14:00 Agóid Tinteán, lasmuigh do Theach Laighean

Dé Céadaoin 4 Márta | Wednesday 4 March

  • 13:00 Bódléar, Áras na Gaeilge, Seomra 116
  • 19:00 Rince Seite leis an Cumann Rince Seite
  • 21:00 Colm 7 na hEasógaí í Sult

Deardaoin 5 Márta | Thursday 5 March

  • 16:00 Gradaim Aitheantais Gaeilge do Scoláirí na Sraithe Sóisearaí, Halla Bailey Allen
  • 19:00 This House Believes all Civil Servants should Speak Irish, Lit and Deb, Kirwan Theatre
  • 21:30 Grooveline í Sult

Dé Sathairn 7 Márta | Saturday 7 March

  • 09:00-17:00 Crannchúr leis an Club Snámha, Tarrthál agus Póló Uisce, Sráid na Siopaí/Shop Street

Tuilleadh eolaisANSEO | More infoHERE

Eco Café on Wednesday

The Eco Café is a judgement free confidential space to discuss and explore concerns about the Ecological and Climate Crisis. Please bring your thoughts, your lunch (if you would like) and stay for as long or short as you please. The Café is a collaboration between the SU, and the Student Counselling Services. Eco therapist Fiona Roche will be facilitating the conversation and there’ll be free tea/coffee. The next Café is on 1pm-3pm Weds 4 March in The River Room.

Road Safety Campaign Next Week

Try the Road Safety Authority FlineBox at Sult Mon 2-Fri 6 March. This is a breathalyser machine for testing alcohol levels. Then call up to meet the RSA 11:00-14:00 Thurs 5 March in the SU Office where they will have VR headsets, Beer goggles, RSA merchandise and free high-vis vests!

safeTALK Training

We’ve added another free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm Friday 20March on campus. You can learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).

Student Impact Awards

Nominations are open HERE until 20 March for the Student Impact Awards. There’s 27 award categories and a €15,500 total prize fund to be won! Categories include individual awards, society & union awards, social impact, sustainability & environment and financial wellbeing. The award ceremony will take place in Croke Park on 28April.

Confused about how to apply for a Student TFI Leap Card?

Watch the updated step by step video explaining the application process HERE.

Take the Student Survey – win prizes!

StudentSurvey.ie is a national survey that allows First Years, Final Years and Postgraduate Taught (PGT) students to share their academic, learning, social and personal experiences of higher education. If you’re in one of these groups of students check your inbox as you will have received an email from @etioglobal.com with a unique survey link. Prizes to be won include an iPhone 15, €100 / €50 / €20 Whoopee vouchers, €50 Students’ Union card, daily goodie bags and lots more! Survey closing date Tues 10 March.

Need a little help using technology in college?

Sign up here for some free one to one help. 

FemFest

Femsoc are delighted to invite you all to their annual feminist festival FemFest from 2-6 March! There’ll be lots of engaging speakers and fun food and crafting events, all aimed at encouraging feminist discussion and activism on campus! More info HERE.

The Galway Energy Summit to Tackle Ireland’s Net Zero Ambitions and Energy Security Crisis

The Galway Energy Summit, organised by the Energy Society, will host a number of keynote speakers and panel discussions in Áras na Mac Léinn on Weds 4March on the topic, “Can Ireland Reach Net Zero By 2050?”. More info and registration HERE.

Apply to the Student Sustainability Leadership Awards Programme 2026
The University of Galway Sustainability Office is offering two student scholarships of €3,700 each from September 2026 to April 2027. Responsibilities include sustainability engagement and content creation. Applications open on 2 March and close on 13 March at 12 noon. This internship is ideal for students passionate about sustainability, effective communication, and creative content creation. Apply here

University PhD Write-Up Bursary 2026 scheme

This scheme is open for full-time PhD students who are near to completing their theses yet who find themselves, for whatever reason, without funding. More info and application form HERE. Closing date 5pm Fri 16 April.

STEM Stories: From Classroom to Career

For Engineers Week, the Careers Office are partnering with Medtronic to host a panel celebrating women in STEM and the diverse pathways from university to impactful careers 10am-11am Tues 3 March in THB-G010 the Hardiman Building. Registrations via Careers Connect or email stephanie.neylon@universityofgalway.ie

Volunteering with Age Action Ireland

Age Action Ireland is recruiting volunteer computer tutors for its Getting Started programme in Galway, a course supporting people to get online or navigate smart devices with confidence. The course runs 2 hours a week for five weeks Thurs 2pm – 4pm. Link: | StudentVolunteer.ie 

Volunteering Opportunity: Digital Mentor

Are you confident with software applications like MS Word, Excel and PowerPoint and familiar with Canvas, YourSpace and other local technologies? Do you like helping other people? Sign up for this volunteering opportunity HERE.

Are you a Graduate?

More Irish graduates can now register to vote in Seanad university elections. Register by 26 February at www.seanadvoter.ie 

Want student discounts and deals?

Download the FREE MyAMLÉ app HERE and you’ll access loads of great student offers from local, national and international brands. Plus for every app sign up in February a donation will be made to the SU Charities!

Contact Us

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Ainmniúcháin do Thoghcháin an Chomhaltais Oscailte Anois!

Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil anois ó Oifig Chomhaltas na Mac Léinn nó ar líneANSEO do na 18 bpost le haghaidh Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn don bhliain 2026/27.Seo agat an deis scileanna nua a fhoghlaim, bualadh le daoine eile agus difríocht mhór a dhéanamh i saol na mac léinn.

Nuair a bheidh an fhoirm ainmniúcháin líonta agus na sínithe riachtanacha bailithe agat, ní mór an fhoirm chomhlánaithe a chur sa bhosca in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn. Is é an spriocdháta chun d’fhoirm a thabhairt ar ais ná 5pm Dé Céadaoin an 4Márta – ní ghlacfar le hainmniúcháin dhéanacha. Reáchtálfar na toghcháin ar fad ar líne Déardaoin an 12 Márta.

Seachtain na Gaeilge 1–17 Márta 2026

An ceiliúradh is mó ar ár dteanga agus ar ár gcultúr! | An ceiliúradh is mó ar ár dteanga agus ar ár gcultúr! Fáilte roimh chách!

Dé Luain 2 Márta

  • 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006 (Bloc E)
  • 13:30 Seoladh Sheachtain na Gaeilge, Áras na Gaeilge sa Téatar
  • Bál na Gaeilge, Óstán Chuan na Gaillimhe

Dé Máirt 3 Márta

  • 14:00 Agóid Tinteán, lasmuigh de Theach Laighean

Dé Céadaoin 4 Márta

  • 13:00 Bódléar, Áras na Gaeilge, Seomra 116
  • 19:00 Rince Seit leis an gCumann Rince Seit
  • 21:00 Colm 7 na hEasógaí  i Sult

Déardaoin 5 Márta

  • 16:00 Gradaim Aitheantais Gaeilge do Scoláirí na Sraithe Sóisearaí, Halla Bailey Allen
  • 19:00Creideann an Teach seo gur cheart do gach Státseirbhíseach Gaeilge a labhairt, an Cumann Litríochta agus Díospóireachta, Amharclann Kirwan
  • 21:30 Grooveline  i Sult

Dé Sathairn 7 Márta

  • 09:00-17:00 Crannchúr leis an gClub Snámha, Tarrthál agus Póló Uisce, Sráid na Siopaí

Tuilleadh eolaisANSEO

Éicea-Chaifé Dé Céadaoin

Spás rúnda saor ó bhreithiúnas is ea an tÉicea-Chaifé inar féidir ábhair imní faoin nGéarchéim Éiceolaíoch agus Aeráide a phlé agus a iniúchadh. Tabhair leat do chuid smaointe, do lón (más mian leat) agus fan chomh fada agus is mian leat. Comhar idir an Comhaltas agus Seirbhísí Comhairleoireachta na Mac Léinn is ea an Caifé. Éascóidh éicitheiripeoir, Fiona Roche, an comhrá agus beidh tae/caife saor in aisce ar fáil. Beidh an chéad Éicea-Chaifé eile ar siúl idir 1pm agus 3pm, Dé Céadaoin an 4 Márta i Seomra na hAbhann.

Feachtas um Shábháilteacht ar Bhóithre an tseachtain seo chugainn

Bain triail as FlineBox an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) i Sult, Dé Luan an 2 Márta go dtí Dé hAoine an 6 Márta. Is anáileadán é an FlineBox a scrúdaíonn leibhéil alcóil. Ansin, buail isteach chun bualadh leis an RSA 11:00-14:00 Déardaoin an 5 Márta in Oifig an Chomhaltais, áit a mbeidh gléasanna cinn VR, spéaclaí beorach, earraí RSA agus veisteanna sofheicthe saor in aisce á dtabhairt amach!

Oiliúint safeTALK

Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20Márta ar an gcampas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).

Gradaim Tionchair na Mac Léinn 

Tá ainmniúcháin oscailte ANSEO go dtí an 20 Márta le haghaidh Ghradaim Tionchair na Mac Léinn. Tá 27 gcatagóir gradam ann agus ciste duaise dar luach €15,500 san iomlán le buachan! I measc na gcatagóirí siúd tá gradaim le haghaidh daoine aonair, cumann agus comhaltas, le haghaidh tionchar sóisialta, inbhuanaitheachta agus comhshaoil chomh maith le folláine airgeadais. Reáchtálfar an searmanas bronnta gradam i bPáirc an Chrócaigh an 28Aibreán.

An bhfuil mearbhall ort faoin dóigh le hiarratas a dhéanamh ar Chárta Leap TFI do Mhic Léinn?

Féach ar an bhfíseán céim ar chéim nuashonraithe ina mínítear an próiseas iarratais ANSEO.

Comhlánaigh an  Suirbhé Mac Léinn chun duaiseanna a bhaint!

Is suirbhé náisiúnta é StudentSurvey.ie a ligeann do mhic léinn sa Chéad Bhliain, sa Bhliain Dheireanach agus Iarchéimithe Teagasctha eolas faoina dtaithí acadúil, foghlama, shóisialta agus phearsanta ar an ardoideachas a roinnt. Más duine de na mic léinn thuasluaite thú, seiceáil do bhosca isteach le haghaidh ríomhphost ó @etioglobal.com le nasc suirbhé uathúil. Ar na duaiseanna atá le buachan tá iPhone 15, dearbháin Whoopee €100 / €50 / €20, cárta Comhaltais dar luach €50, málaí earraí gach lá agus go leor eile! Dáta deiridh don suirbhé: Dé Máirt an 10 Márta.

An bhfuil beagán cabhrach uait le teicneolaíocht a úsáid sa choláiste?

Cláraigh anseo le haghaidh cabhair duine le duine saor in aisce.

Féile Feimineachais

Tá áthas ar an gCumann Feimineachais fáilte a chur roimh chuile dhuine ag an bhféile feimineachais bhliantúil FemFest a thitfidh amach idir an 2 agus an 6 Márta! Beidh neart sárchainteoirí agus imeachtaí bia agus ceardaíochta spraíúla ann, agus iad uile dírithe ar phlé agus ar ghníomhaíocht ar son an fheimineachais a spreagadh ar an gcampas! Tuilleadh eolais ANSEO.

Cruinniú Mullaigh Fuinnimh na Gaillimhe chun dul i ngleic le Spriocanna Glan-Nialasacha na hÉireann agus leis an nGéarchéim Slándála Fuinnimh

Beidh roinnt spreagchainteoirí agus pléphainéil i measc na n-imeachtaí ag Cruinniú Mullaigh Fuinnimh na Gaillimhe, arna eagrú ag an gCumann Fuinnimh, in Áras na Mac Léinn Dé Céadaoin an 4Márta ar an ábhar, “An féidir le hÉirinn Glan-Nialas a Bhaint Amach Faoi 2050?”. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Cuir isteach ar Chlár na nGradam Ceannaireachta Mac Léinn um Inbhuanaitheacht 2026
Tá Oifig Inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe ag tairiscint dhá scoláireacht mac léinn ar fiú €3,700 an ceann iad ó Mheán Fómhair 2026 go hAibreán 2027. I measc na bhfreagrachtaí ina leith beidh rannpháirtíocht inbhuanaitheachta agus cruthú ábhair. Osclófar na hiarratais an 2 Márta agus dúnfar iad an 13 Márta ar mheán lae. Tá an intéirneacht seo oiriúnach do mhic léinn a bhfuil paisean acu don inbhuanaitheacht, do chumarsáid éifeachtach agus do chruthú ábhair chruthaithigh. Déan iarratas ANSEO

Scéim na hOllscoile um Sparánachtaí Scríofa PhD 2026

Tá an scéim seo oscailte do mhic léinn PhD lánaimseartha atá gar dá dtráchtas a chríochnú ach atá gan mhaoiniú ar chúis ar bith. Tuilleadh eolais agus iarratas ANSEO. Dáta deireanach 5pm, Dé hAoine, an 16 Aibreán.

Scéalta STEM: Ón Seomra Ranga agus isteach i nGairm

Mar gheall ar Sheachtain na nInnealtóirí, tá an Oifig Gairmeacha, i gcomhpháirtíocht le Medtronic, chun painéal a óstáil a dhéanfaidh ceiliúradh ar mhná i ngairmeacha STEM agus ar na conairí éagsúla is féidir a leanúint ón ollscoil isteach i ngairmeacha feidhmiúla: 10am-11am Dé Máirt an 3 Márta in THB-G010, Áras Hardiman. Cláraigh ar Careers Connect nó seol ríomhphost chuig stephanie.neylon@universityofgalway.ie

Obair Dheonach le hAoisghníomhaíocht Éireann

Tá Aoisghníomhaíocht Éireann ag earcú teagascóirí ríomhaireachta deonacha dá gclár Getting Started i nGaillimh, cúrsa a thacaíonn le daoine dul ar líne nó muinín a chothú iontu a ngléasanna cliste a úsáid. Maireann an cúrsa 2 uair an chloig sa tseachtain, agus reáchtálfar é thar chúig seachtaine ar an Déardaoin 2pm – 4pm. Nasc: | StudentVolunteer.ie

Deiseanna Oibre Deonaí: Meantóirí Digiteacha

An bhfuil tú muiníneach le feidhmchláir bogearraí ar nós MS Word, Excel agus PowerPoint agus an bhfuil tú eolach ar Canvas, YourSpace agus teicneolaíochtaí áitiúla eile? An maith leat a bheith ag cuidiú le daoine eile? Cláraigh don deis oibre deonaí seo ANSEO.

An céimí thú?

Is féidir le níos mó céimithe Éireannacha clárú anois chun vótáil i dtoghcháin ollscoile don Seanaid. Cláraigh faoin 26 Feabhra ar www.seanadvoter.ie 

Ar mhaith leat lascainí agus margaí do mhic léinn?

Íoslódáil an aip MyAMLÉ SAOR IN AISCE ANSEO go bhfaighidh tú rochtain ar neart tairiscintí iontacha do mhic léinn ó bhrandaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Rachaidh síntiús chuig Carthanachtaí an Chomhaltais as gach duine a chláraíonn ar an aip i mí Feabhra!

Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)