Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
RAG Week Continues today and tomorrow!
Today Thurs 12 Feb
- 11am-12pm Galentine’s Day Prosecco and Pancake Brunch SOLD OUT!
- 8pm Speed Quizzing at Sult. €5 entry includes a free pint. €100 worth of prizes!!
- 8pm Med Soc Take Me Out in The Quays. Tickets on sale HERE. Raising funds for Galway Sick Kids Foundation.
Tomorrow Fri 13Feb
- 11am-12.30pm Valentine’s Carnations from Obs & Gyn Soc In aid of Féileacáin. Pre-order HERE.
- 1pm-2pm Charity Auction. Join us at in the Corrib Room at Sult for lunch and a charity auction. Tickets €5 on sale HERE includes lunch. Auction item list HERE and EVERYTHING must sell so you might grab a bargain!
- Akumakon Anime & Manga Convention runs Fri 13-Sun 15 February at University of Galway and is raising funds for Croí. More info + tickets HERE.
A Workshop on Radical Imagination for a Brilliantly Sustainable Future – tailor made for postgrads!
Join your Students’ Union and STAND for this free workshop with FREE PIZZA! 17:15-19:15 Tues 17 Feb in AC215. A free event but booking is essential HERE
Drug & Alcohol Support Drop In
This Tues 17 Feb 3pm-5pm we have a Drug & Alcohol Support Drop in Clinic in the SU Office with the Western Region Drug & Alcohol Task Force. If you’re concerned about a family member’s/friend’s alcohol or drug use, or if you would like to know about supports for your own alcohol/drug use, you can avail of free & confidential support from a support worker from the Western Region Drug and Alcohol Task Force.
Postgrad Karaoke Night
Join us for the return of Postgrad-Aoke 20:30 Weds 18 Feb at Sult! Free entry, all welcome!
Postgrads and Sustainability – a showcase
Join your Students’ Union for this free event 16:00-18:00 Weds 18 Feb in AMB-G009 Lecture Room. More info and free event booking link HERE.
Climate Crew Meeting
The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Come along to the next meeting 5pm Thurs 19 February in AC214.
Election Result
Congratulations toSarah Costello who has been elected asyour new SU Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences.
Postgrad Coffee Morning
All postgraduate students are invited to join us for a morning of tea, coffee, pastries and chats! 10am-12pm Tues 24 Feb in The Corrib Room at Sult. Free event all welcome get your ticket HERE.
Mature Students’ Study Group Sessions
| Time | Date | Location |
| 10am-2pm | Fri 13 Feb | The Stage, Áras na Mac Léinn |
| 2pm-5pm | Mon 16 Feb | Main Library Group Study Room 01 |
For more information contact Niamh on su.maturestudents@universityofgalway.ie
safeTALK Training
We’ve added another free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm Friday 20March on campus. You can learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).
SU Officer Elections
Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March. More info HERE.
Upcoming Class Rep Meetings
| Tues 17 Feb | 6pm-7pm | College of Medicine, Nursing & Health Sciences | AC201 |
| Tues 17 Feb | 7pm-8pm | College of Business, Public Policy & Law | AC201 |
| Weds 18 Feb | 6pm-7pm | College of Science & Engineering | AC201 |
| Weds 18Feb | 7pm-8pm | College of Arts, Social Science & Celtic Studies | AC201 |
| Thurs 19 Feb | 6pm-7pm | Postgraduate Council | AC201 |
| Mon 23 Feb | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5 | O’Flaherty Theatre |
STAND Student Festival
Societies present the STAND Student Festival for Global Solidarity 16-20 Feb featuring the Global Solidarity Fair 11am-2pm Weds 18 Feb in Áras na Mac Léinn. Find out more here.
Do you wish to strengthen your well-being and resilience this semester?
Taking Action for Whole Health and Wellbeing is a free program which develops personalised tools to manage distress and promote a positive approach to maintaining wellness. It’s for anyone who would like to make a positive change in their life. It takes place on campus over two days Sat 21 and Sun 22 Feb. Students must be available to attend both full days. Snacks and lunch provided. Limited Spaces here: Taking Action for Whole Health and Wellbeing – Fill out form. If you’ve any questions email: noirin.mannion@universityofgalway.ie
Do you currently have low back pain—either short term (days/weeks) or long term (months/years)? Participants needed for a research study!
Dr Kevin Ng from the School of Pharmacy and Medical Sciences is recruiting individuals for a study exploring whether reflex responses can help predict low back pain outcomes. You will receive a gift voucher for participating. More info HERE
Call for Participants: Galway Energy Summit
The Energy Society are holding the Galway Energy Summit on 4th March. They’re looking for students with sustainable businesses to participate and for any students who have made films/documentaries/interviews about anything related to the theme of energy, climate change, the environment or sustainability. If you want to get involved sign up HERE.
Participants needed for a household study on sustainable food practice!
Show us what a day in your household’s food world looks like—email Nicole Olweean at n.olweean2@universityofgalway.ie to learn more!
Check out the Sustainability Office’s new newsletter
Read the latest editionhere
Help with Student Project: Smart Eats Ireland
University of Galway students researching food waste and eating habits among students are building a free platform to help you save money and reduce food waste through AI-powered meal planning. Please take their 2-3 minute long surveyHERE
Want student discounts and deals?
Download the FREE MyAMLÉ app HERE and you’ll access loads of great student offers from local, national and international brands. Plus for every app sign up in February a donation will be made to the SU Charities!
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Leanann Seachtain RAG ar aghaidh inniu agus amárach!
Inniu, Déardaoin an 12 Feabhra
- 11am-12pm Bróinse Prosecco is Pancóg ar Lá na gCairde Ban Díolta amach!
- 8pm Quiz Sciobtha i mbeár Sult. €5 cead isteach le pionta saor in aisce. €100 de dhuaiseanna le buachan!!
- 8pm Cluiche Cleamhnais leis an gCumann Míochaine sna Céanna. Ticéid ar díol ANSEO.Rachaidh aon airgead a thiomsaítear chuig Galway Sick Kids Foundation.
Amárach, Dé hAoine an 13Feabhra
- 11am-12.30pm Coróineacha Vailintín ón gCumann Obstatraice agus Gínéiceolaíochta ar mhaithe le Féileacáin. Réamhordaigh ANSEO.
- 1pm-2pm Ceant Carthanachta.Bígí linn i Seomra na Coiribe i mbeár Sult le haghaidh lóin agus ceant carthanachta. Ticéid €5 ar díol ANSEO, lón san áireamh. Liosta earraí ceant ANSEO agus caithfear GACH RUD a dhíol – D’fhéadfá margadh iontach a fháil!
- Akumakon Beidh Comhdháil Anime agus Manga ar siúl ó Dé hAoine an 13 go dtí Dé Domhnaigh an 15 Feabhra in Ollscoil na Gaillimhe. Tiomsú airgid do Croí. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ANSEO.
Ceardlann ar Shamhlaíocht Radacach i dtreo Todhchaí Iontach Inbhuanaithe – iontach oiriúnach do mhic léinn iarchéime go háirithe!
Bí leis an gComhaltas agus STAND le haghaidh na ceardlainne saor in aisce seo. PIZZA SAOR IN AISCE AR FÁIL! 17:15-19:15 Dé Máirt an 17 Feabhra in AC215. Imeacht saor in aisce ach is gá áit a chur in áirithe ANSEO
Tacaíocht Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól
Dé Máirt, an 17 Feabhra, 3pm-5pm, beidh Clinic Tacaíochta um Dhrugaí agus Alcól ar siúl in Oifig an Chomhaltais i gcomhar le Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Má tá imní ort faoi úsáid alcóil nó drugaí ag ball teaghlaigh/cara, nó más mian leat eolas a fháil faoi thacaíochtaí maidir le halcól agus drugaí a úsáid tú féin, is féidir tacaíocht saor in aisce agus rúnda a fháil ó oibrí tacaíochta ó Thascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Seirbhís saor in aisce agus rúnda.
Oíche Cháirióice d’Iarchéimithe
Bígí linn le haghaidh Iarchéimióice, 20:30 Dé Céadaoin an 18 Feabhra in Sult! Imeacht saor in aisce, fáilte roimh chách!
Iarchéimithe agus an Inbhuanaitheacht – taispeántas
Ocáid saor in aisce seo le Comhaltas na Mac Léinn, 16:00-18:00 Dé Céadaoin an 18 Feabhra i Seomra Léachta AMB-G009. Tuilleadh eolais agus nasc chun áit saor in aisce a chur in áirithe ANSEO.
Teacht le Chéile Chriú na hAeráide
Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Tar chuig an gcéad chruinniú eile ar 5pm, Déardaoin an 19 Feabhra in AC214.
Torthaí an Toghcháin
Comhghairdeas leSarah Costello a toghadh marThionólaí nua Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte don Chomhaltas
Maidin Chaife d’Iarchéimithe
Cuirfear fáilte roimh gach iarchéimí ag maidin chaife le tae, caife, taosráin agus comhrá uilig ar an mbiachlár! 10am-12pm, Dé Máirt an 24 Feabhra i Seomra na Coiribe in Sult. Imeacht saor in aisce, fáilte roimh chách, faigh do thicéad ANSEO.
Seisiúin Ghrúpstaidéir do Mhic Léinn Lánfhásta
| Am | Dáta | Áit |
| 10am-2pm | Dé hAoine, an 13 Feabhra | An tArdán, Áras na Mac Léinn |
| 2pm-5pm | Dé Luain an 16 Feabhra | Seomra Grúpstaidéir 01 sa Phríomhleabharlann |
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Niamh ar su.maturestudents@universityofgalway.ie
Oiliúint safeTALK
Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20 Márta ar an gcampas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).
Toghcháin na nOifigeach Comhaltais
Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cruinnithe Ionadaithe Ranga atá le Teacht
| Dé Máirt an 17 Feabhra | 6pm-7pm | Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte | AC201 |
| Dé Máirt an 17 Feabhra | 7pm-8pm | Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí | AC201 |
| Dé Céadaoin an 18 Feabhra | 6pm-7pm | Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta | AC201 |
| Dé Céadaoin, an 18Feabhra | 7pm-8pm | Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh | AC201 |
| Déardaoin, an 19 Feabhra | 6pm-7pm | Comhairle na nIarchéimithe | AC201 |
| Dé Luain an 23 Feabhra | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5 | Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh |
Féile Mac Léinn STAND
Cuireann Cumainn an Chomhaltais i láthair Féile STAND do Mhic Léinn ar son na Dlúthpháirtíochta Domhanda 16-20 Feabhra, le hAonach Dlúthpháirtíochta Domhanda 11am-2pm Dé Céadaoin an 18 Feabhra in Áras na Mac Léinn. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Ar mhaith leat cur le d’fholláine agus le d’athléimneacht an seimeastar seo?
Is clár saor in aisce é Taking Action for Whole Health and Wellbeing (Gníomhú ar mhaithe le Sláinte agus Folláine Iomlánaíoch) a fhorbraíonn uirlisí pearsanta chun míshuaimhneas a bhainistiú agus chun cur chuige dearfach i leith folláine a choinneáil a spreagadh. Do dhuine ar bith atá ag iarraidh athrú dearfach a chur i bhfeidhm ina shaol atá sé. Beidh sé ar siúl ar an gcampas thar dhá lá: Dé Sathairn an 21 agus Dé Domhnaigh an 22 Feabhra. Ní mór go mbeidh tú ar fáil chun freastal ar an dá lá ina n-iomláine. Cuirfear sólaistí agus lón ar fáil. Spásanna teoranta anseo: Gníomhú ar mhaithe le Sláinte agus Folláine Iomlánaíoch – Líon isteach an fhoirm. Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le: noirin.mannion@universityofgalway.ie
An bhfuil pian in íochtar na droma agat faoi láthair—go gearrthéarmach (laethanta/seachtainí) nó go fadtéarmach (míonna/blianta)? Tá rannpháirtithe ag teastáil le haghaidh staidéar taighde!
Tá an Dr Kevin Ng ó Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis ag earcú daoine le bheith páirteach i staidéir a scrúdóidh más féidir le freagairtí frithluaile cabhrú le torthaí a eascraíonn as pian in íochtar na droma a thuar. Gheobhaidh rannpháirtithe dearbhán as páirt a ghlacadh. Tuilleadh eolais ANSEO
Glao ar Rannpháirtithe: Cruinniú Mullaigh na Gaillimhe um Fhuinneamh
Reáchtálfaidh an Cumann Fuinnimh Cruinniú Mullaigh na Gaillimhe um Fhuinneamh an 4 Márta. Tá siad ag lorg mic léinn a bhfuil gnólachtaí inbhuanaithe acu le bheith páirteach agus aon mhic léinn a rinne scannáin/cláir faisnéise/agallaimh faoi rud ar bith a bhaineann le téama an fhuinnimh, an athraithe aeráide, an chomhshaoil nó na hinbhuanaitheachta. Más mian leat a bheith páirteach, is féidir clárú ANSEO.
Tá rannpháirtithe ag teastáil le haghaidh staidéar teaghlaigh maidir le cleachtais inbhuanaithe bhia!
Taispeáin dúinn an chuma atá ar lá i saol bia do theaghlaigh—seol ríomhphost chuig Nicole Olweean ar n.olweean2@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil!
Féach nuachtlitir nua na hOifige Inbhuanaitheachta
Léigh an t-eagrán is déanaíanseo
Cabhair le Tionscadal Mac Léinn: Smart Eats Ireland
Tá mic léinn Ollscoil na Gaillimhe atá ag déanamh taighde ar dhramhaíl bhia agus ar nósanna itheacháin i measc mac léinn ag tógáil ardán saor in aisce chun cabhrú leat airgead a shábháil agus dramhaíl bhia a laghdú trí phleanáil béilí IS-chuidithe. Déan an suirbhé 2-3 nóiméad ANSEO le do thoil.
Ar mhaith leat lascainí agus margaí do mhic léinn?
Íoslódáil an aip MyAMLÉ SAOR IN AISCE ANSEO go bhfaighidh tú rochtain ar neart tairiscintí iontacha do mhic léinn ó bhrandaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Rachaidh síntiús chuig Carthanachtaí an Chomhaltais as gach duine a chláraíonn ar an aip i mí Feabhra!
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)