Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO 

For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.

RAG Week Continues!   

Raise and Give (RAG) week is a chance for you to take a break, have some fun and help raise funds for charity! More info HERE.

Today Thurs 13th Feb

  • 11am-12pm Galentines Day Prosecco and Pancake Brunch in aid of the SU Charities. SOLD OUT!
  • 11.30am-4.45pm Sports Day Challenge. University of Galway vs ATU! Starting 11.30am in the pool and sports centre and then moving to College Park at 12.15pm. There’ll be a DJ, entertainment and a continuous flow of sports games and fun challenges between the two universities. Trophy presentation between 4pm and 4.45pm. Please come along to take part or support our university. Donations HERE.
  • 7pm Speed Quizzing at Sult. Free event – prizes to be won!

Tomorrow Fri 14th Feb

  • 1pm-2pm Charity Auction. Join us at in the Corrib Room at Sult for lunch and a charity auction with auctioneer. Tickets €5 on sale HERE includes lunch. Auction item list HERE.

All events are raising funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership

Upcoming Class Rep Meetings

Tues 18th Feb6pm-7pmCollege of Medicine, Nursing and Health SciencesAC201
Tues 18th Feb7pm-8pmCollege of Business, Public Policy and LawAC201
Weds 19th Feb6pm-7pmCollege of Science and EngineeringAC201
Weds 19th Feb7pm-8pmCollege of Arts, Social Science and Celtic StudiesAC201
Thurs 20th Feb6pm-7pmPostgraduate CouncilAC201
Mon 24th Feb6pm-8pmComhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5AC001 O’Flaherty Theatre Arts/Science Concourse

For more information contact Tom on su.education@universityofgalway.ie

SU Elections

Nominations for the Students’ Union Officer Elections open 10am Weds 26th Feb and close 5pm Weds 5th March. Voting in all SU Elections will take place on Thurs 13th March.

This is a great opportunity to get involved in your Students’ Union as either a full time paid officer or a part time voluntary officer. There’s 18 positions to be filled in the election. If you’ve any questions about running for election our SU Elections Handbook is now available HERE. You can also email suelections@universityofgalway.ie with any questions.

PGR Survey Open

The national survey of Postgraduate Research Students is open HERE. Share your experience of higher education and University of Galway. Your feedback will help identify areas of good practice and areas that would benefit from improvement to enhance the student experience. You could also win a €100 One4All Voucher by taking part.

Parkrun

University of Galway Parkrun is a fun free 5km every Saturday morning at 9.30am. It’s a great way to get some fresh air and meet new people. They also need volunteers to make this amazing community event happen each week – no experience needed! Learn more HERE.

Academic Writing Workshop In-Person

Starting essays can be overwhelming, especially if you don’t know where or how to start. This interactive workshop 6pm-7pm Thurs 20th Feb aims to provide tips on how to get through the essay writing process, from essay planning to writing and editing. In this workshop, we will use an example to help understand how to apply this process to your own assignment requirements. More info and sign up HERE

Do you wish to strengthen your well-being and resilience this semester?

Taking Action for Whole Health and Wellbeing is a program which develops personalised tools to manage distress and promote a positive approach to maintaining wellness. It’s for anyone who would like to make a positive change in their life. An essential part of participation is that you’re well enough at the time of attending to consider topics related to mental health and wellbeing in a peer setting. The free 2 day course takes place on campus Sat 22 and Sun 23 Feb. Snacks and Lunch provided. Limited Spaces HERE. Questions email: noirin.mannion@universityofgalway.ie

Academic Skills Hub

Drop into the Academic Skills Hub in the library foyer for help with finding information for your assignments, Referencing and EndNote, Getting started with your Lit Review. Mon-Fri 10am-1pm & 2pm-4pm or email academicskills@universityofgalway.ie

Are you concerned about a friend, loved one or family members drug use?

Drop in and talk to the WRDATF Drug and Alcohol Family Support Service 2pm-4pm Tues 18th Feb at the Student Enquiry Centre on the Arts/Science Concourse. More info about their free services HERE.

Academic Writing Centre

The Academic Writing Centre in the Library supports all Postgraduate and Undergraduate students with essay writing. This free services is  available to everyone regardless of experience. They also have assistance in Irish. More info HERE.

New Student Volunteering Opportunities

  • Engineering Our Future Family Fun Day: Volunteers interested in engaging with our community and promoting STEM are welcome 10am-3pm Sat 1st March and lunch will be provided
  • Galway Autism Partnership: Volunteer wanted for weekly clubs and groups for Summer camps and community events, as well as fundraising events and administrative tasks such as social media management, IT support and promotion. 
  • Social Media Content Creator: Volunteers needed with an interest in social media and creating content to post on social media or website. This opportunity is with a social enterprise who employ people with a disability in Galway City.

Apply via Yourspace HERE.

Exploring the Impact of Soundscapes on Wellbeing

This research study explores the impact of different auditory environments on individual experiences, requiring less than 10 minutes and the use of headphones. More info and sign up HERE.

Elevate Your Academic Skills

Enhance your success with our new Academic Integrity for Students course. Worried about plagiarism? Confused about generative AI? This short online course helps you to master key principles of academic integrity, adopt best practices across all disciplines, and navigate challenges in the digital age, including the responsible use of AI. Gain valuable tools to excel in your studies and beyond.

  • Click here to enrol in the course now.
  • Click here to learn more about Academic Integrity at the University of Galway.

Student Accommodation Choice Survey

Please take 3 minutes to complete the survey HERE looking at what factors contribute to students choosing their accommodation type.

February SU Events

Click HERE to find out just some of the events we have going on this February and there’s lots more to come!

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)  

________________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.

Leanann Seachtain Phléarácaim ar aghaidh!

Deis í an tSeachtain Phléarácaim sos a ghlacadh, spraoi a dhéanamh agus airgead a bhailiú ar son carthanachta! Tuilleadh eolais ANSEO.
Inniu, Déardaoin an 13 Feabhra

  • 11am-12pm Bróinse Prosecco is Pancóg ar Lá na gCairde Ban i Seomra na Coiribe i mbeár Sult ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais. DÍOLTA AMACH!
  • 11.30am-4.45pm Dúshlán Lae Spóirt. Ollscoil na Gaillimhe vs OTA! Ag tosú 11.30am san ionad snámha agus spóirt agus ag bogadh ar aghaidh ansin go Páirc an Choláiste ag 12.15pm. Beidh DJ, siamsaíocht agus réimse cluichí spóirt agus dúshláin spraíúla idir an dá ollscoil. Bronnadh corn idir 4pm agus 4.45pm. Bígí ann agus bígí páirteach nó tacaigh lenár n-ollscoil. Tabhartais ANSEO.
  • 7pm Quiz Sciobtha i mbeár Sult. Ócáid saor in aisce – duaiseanna le buachan!

Amárach, Dé hAoine an 14 Feabhra

  • 1pm-2pm Ceant do Carthanais. Bígí linn i Seomra na Coiribe i mbeár Sult le haghaidh lóin agus ceant carthanachta le ceantálaí. Ticéid €5 ar díol ANSEO, lón san áireamh. Liosta míreanna ceant ANSEO.

Tá na himeachtaí go léir ag tiomsú airgid do Charthanais an Chomhaltais: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe

Cruinnithe d’Ionadaithe Ranga

Dé Máirt an 18 Feabhra6pm-7pmColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí SláinteAC201
Dé Máirt an 18 Feabhra7pm-8pmColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an DlíAC201
Dé Céadaoin an 19 Feabhra6pm-7pmColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachtaAC201
Dé Céadaoin an 19 Feabhra7pm-8pmColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn CheiltighAC201
Déardaoin an 20 Feabhra6pm-7pmComhairle na nIarchéimitheAC201
Dé Luain, 24 Feabhra6pm-8pmComhairle Chomhaltas na Mac Léinn, 5AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Slí Dála na nEalaíon/na hEolaíochta

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Tom ar su.education@universityofgalway.ie

Toghcháin an Chomhaltais
Osclófar ainmniúcháin do Thoghcháin Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn ag 10am. Dé Céadaoin an 26 Feabhra agus druidfear iad ag 5pm Dé Céadaoin an 5 Márta. Beidh toghcháin uile an Chomhaltais ar siúl Déardaoin, an 13 Márta.
Is deis iontach í seo le bheith páirteach i gComhaltas na Mac Léinn s’agat mar oifigeach lánaimseartha, le pá, nó mar oifigeach páirtaimseartha, ar bhonn deonach. Tá 18 bpost le líonadh sa toghchán. Má tá aon cheist agat faoi bheith san iomaíocht sna toghcháin tá Lámhleabhar Toghcháin an Chomhaltais ar fáil anois ANSEO. Má bhíonn aon cheisteanna agat, cuir chuig suelections@universityofgalway.ie iad.

Suirbhé Taighde Iarchéime Oscailte
Tá an suirbhé náisiúnta ar Thaighde Iarchéime oscailte ANSEO. Cuir in iúl d’eispéireas leis an ardoideachas agus le hOllscoil na Gaillimhe. Cuideoidh d’aiseolas le réimsí dea-chleachtais agus le réimsí ar féidir iad a fheabhsú a aithint chun eispéireas mac léinn a dhéanamh níos fearr i gcoitinne. Thiocfadh leat dearbhán One4All dar luach €100 a bhaint chomh maith ach páirt a ghlacadh ann.

Parkrun
Is rith spraíúil 5km saor in aisce é Parkrun Ollscoil na Gaillimhe a thiteann amach gach maidin Dé Sathairn ag 9.30am. Is deis iontach é seal a chaitheamh amuigh faoin aer agus bualadh le daoine nua. Teastaíonn oibrithe deonacha uathu freisin leis an imeacht pobail iontach seo a chur ar siúl gach seachtain – níl gá taithí a bheith agat roimh ré! Tuilleadh eolais ANSEO.

Ceardlann Scríbhneoireachta Acadúla ar an Láthair

Agus tú ag tosú aistí, amanna is féidir leis dul sa mhuileann ort, go háirithe murab eol duit an áit ná an chaoi le tosú. Tá sé mar aidhm ag an gceardlann idirghníomhach seo, a bheas ar siúl 6pm-7pm Déardaoin an 20 Feabhra, leideanna a sholáthar maidir leis an gcaoi chun dul tríd an bpróiseas chun aiste a scríobh, ó aiste a phleanáil go scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh uirthi. Sa cheardlann seo, úsáidfimid sampla chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir leat an próiseas seo a chur i bhfeidhm do do riachtanais aistí féin. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Ar mhaith leat cur le d’fholláine agus le d’athléimneacht an seimeastar seo?
Is clár é Taking Action for Whole Health and Wellbeing (Gníomhú ar mhaithe le Sláinte agus Folláine Iomlánaíoch) a fhorbraíonn uirlisí pearsanta chun míshuaimhneas a bhainistiú agus chun cur chuige dearfach i leith folláine a choinneáil a spreagadh. Do dhuine ar bith atá ag iarraidh athrú dearfach a chur i bhfeidhm ina shaol atá sé. Agus tú ag glacadh páirt ann tá sé fíorthábhachtach go bhfuil sách folláin chun ceisteanna a bhaineann leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine a mheas i measc piaraí. Beidh an cúrsa dhá lá saor in aisce seo ar siúl ar an gcampas Dé Sathairn an 22 agus Dé Domhnaigh an 23 Feabhra. Cuirfear sólaistí agus lón ar fáil. Áiteanna Teoranta ANSEO. Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le: noirin.mannion@universityofgalway.ie

Mol Scileanna Acadúla
Buail isteach sa Mhol Scileanna Acadúla i bhforhalla na leabharlainne chun cabhair a fháil maidir le heolas a aimsiú do do chuid tascanna, Tagairtí agus EndNote, agus Tús a chur le hAthbhreithniú Litríochta. Luan-Aoine 10am-1pm & 2pm-4pm nó seol ríomhphost chuig academicskills@universityofgalway.ie

An bhfuil tú buartha faoi do chara, duine muinteartha nó ball teaghlaigh ag úsáid drugaí?

Buail isteach agus labhair le Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh WRDATF maidir le Drugaí agus Alcól, 2pm-4pm Dé Máirt an 18 Feabhra ag Ionad Eolais an Chomhaltais ar an tSlí Dhála Ealaíon/Eolaíochta. Tá tuilleadh eolais faoina gcuid seirbhísí saor in aisce ANSEO.

Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
Tacaíonn an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla sa Leabharlann le gach mac léinn Iarchéime agus Fochéime le haistí a scríobh. Tá na seirbhísí saor in aisce seo ar fáil do gach duine beag beann ar thaithí. Tá cúnamh ar fáil don Ghaeilge freisin. Tuilleadh eolais ANSEO.

Deiseanna Nua Saorálaíochais do Mhic Léinn

  • Lá Spraoi Teaghlaigh, An Innealtóireacht don Todhchaí: Tá fáilte roimh éinne ar suim leis obair dheonach a dhéanamh lenár bpobal agus STEM a chur chun cinn teacht 10am-3pm, Dé Sathairn an 1 Márta. Cuirfear lón ar fáil
  • Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe: Teastaíonn oibrithe deonacha le haghaidh clubanna agus grúpaí seachtainiúla le haghaidh campaí samhraidh agus imeachtaí pobail, chomh maith le himeachtaí tiomsaithe airgid agus tascanna riaracháin, amhail cuntais meán sóisialta a riar, tacaíocht TF a sholáthar agus bolscaireacht a dhéanamh.
  • Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh: Teastaíonn oibrithe deonacha a bhfuil spéis acu sna meáin shóisialta agus in ábhar a chruthú le postáil ar na meáin shóisialta nó ar an suíomh gréasáin. Baineann an deis seo le fiontar sóisialta a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas i gCathair na Gaillimhe.

Déan iarratas ar YourSpace ANSEO.

Tionchar Fuaimdhreach ar an bhFolláine a Fhiosrú

Fiosraíonn an staidéar taighde seo an tionchar atá ag timpeallachtaí éisteachta éagsúla ar eispéiris aonair. Teastaíonn níos lú ná 10 nóiméad agus cluasáin a úsáid. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.

Do chuid Scileanna Acadúla a fheabhsú

Is féidir leat caighdeán níos airde a bhaint amach ar an gcúrsa nua atá againn, Macántacht Acadúil do Mhic Léinn. Imní ort faoin mbradaíl? Mearbhall ort faoin Intleacht Shaorga ghiniúnach? Ar an gcúrsa gairid seo ar líne, forbróidh tú máistreacht ar na prionsabail is tábhachtaí den mhacántacht acadúil, bainfidh tú leas as an dea-chleachtas i ngach disciplín agus tabharfaidh tú faoi na dúshláin atá romhainn sa ré dhigiteach seo – úsáid fhreagrach na hintleachta saorga san áireamh. Scileanna fiúntacha a fhorbairt le barr feabhais a bhaint amach sa staidéar agus i réimsí eile.

Suirbhé ar Rogha Cóiríochta do Mhic Léinn
Tóg 3 nóiméad chun an suirbhé a chomhlánú ANSEO. Pléann an suirbhé leis na gnéithe a chuireann mic léinn san áireamh agus a gcineál cóiríochta a roghnú.

Imeachtaí an Chomhaltais i mí Feabhra
Cliceáil ANSEO chun tuilleadh a fháil amach faoi na himeachtaí a bheidh ag titim amach i mí Feabhra, agus tá neart eile le teacht, leis!

Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)