Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Take Me Out Tonight – Get your tickets!
The dating show Take Me Out is back at 8pm tonight Thurs 27 Nov at Sult. The last few audience tickets are on sale HERE now and all proceeds go to the SU Charities.
Christmas Raffle Tickets on Sale
Christmas raffle tickets are on saleHERE. There’s 20 amazing prizes to be won including a LOCO E-Scooter, jewellery, hoodies, hampers, and lots of vouchers for fabulous places!
Freebies in the SU Office
Call in to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn to get some free energy drinks while stocks last! We’ll also have free pizza on Monday 1 Dec – keep an eye on our Instagram for info!
Postgrads and Unions Event Today
All Postgraduate students are invited to attend this free event “Postgrads and Unions” 2pm-4pm Thurs 27 Nov in Friars Café + CA111. Find out about your rights as postgrads. More info HERE.
Climate Crew Meeting Today!
The last SU Climate Crew meeting this year is 6pm today Thurs 27Nov in the Large Acoustic Room. All welcome!
Bob Ross Paint-Along
Join us for a chill study week break as we paint along with Bob 7pm Weds 3 Dec in the Corrib Room at Sult. Supplies and snacks provided. Limited spaces. Ticket link HERE.
Thriftmas Market
Our Thriftmas Market is on 11am-3pm Thurs 4 Dec in Áras na Mac Léinn. Call down for a well-deserved study break and maybe get a start on your Christmas shopping or just treat yourself! We’ll have some fantastic student vendors, a Galway Simon Community pop-up shop and Flirt FM providing the festive tunes. More infoHERE.
Reading Week – Student Opinion Survey
This survey is to find out the opinions of students on having a ‘reading week’ i.e. a week of no lectures in the middle of the semester. You can take our short survey HERE.
Life Skills 2026
Registration opens Mon 1st Dec for our Life Skill courses for 2026. These classes are provided by us at a reduced rate giving you a chance to learn a new skill and broaden your CV. More info HERE.
Doing a pre-Christmas Clear-out?
Galway Simon Community are looking for donations of clothes, shoes, jewellery, hats, gloves, towels and jigsaws/games. These can be donated 11am-3pm Thurs 4th Dec at The Cube at the SU Thriftmas Market. More info on what they can/can’t take HERE.
Pet Day
Pet Day is back Tues 2nd Dec! Send photos of your pets to our Instagram on Tuesday to get them included in our pet day story!
We’re looking for new, unused, in-date personal care and household cleaning essentials – including deodorant, shower gel, shampoo, make-up, nappies, toilet roll, laundry detergent and surface cleaner. If you use a particular item, chances are someone else needs it too. Items can be donated to the box in the SU Office 10am-5pm Mon-Fri. Your donations will go to The Hygiene Hub’s community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and Saint Vincent de Paul.
Exam Tips
Here’s some of our tips and info the help you through ExamsHERE
Library Extended Weekend Opening Hours
- 8.30am-9.30pm Sat 29 Nov/Sat 6 Dec/Sat 13 Dec
- 10am-9.30pm Sun 30 Nov/Sun 7 Dec/Sun 14 Dec
Free Academic Writing Centre in the Library open Mon-Fri
Get assistance with essays, assignments, referencing or questions about your academic writing process. You can meet them in person or online. More info HERE.
Where’s your student ID Card?
Remember you need your University of Galway student ID card with you for all your exams otherwise you’ll be fined €25. If you’ve lost your ID you can buy a new one for €20 from the Student Registry Helpdesk.
Study Break Policy
The Study Break Policy is in effect in the Library until Fri 19 Dec. If you are leaving your desk for a break make sure to fill out the “I’m taking a study break” timesheet and leave it on your desk. Otherwise your stuff will be moved.
Food Drive for St. Vincent de Paul Christmas Hampers
The St. Vincent de Paul Society are accepting donations of non-perishable festive food and hygiene products outside the Socs Box in Áras na Mac Léinn until the 12 Dec. These donations will go to the Galway SVP Food Bank, who make Christmas hampers for those in the local community that are financially struggling this winter. Check out our Instagram page @svp_universityofgalway for more information.
ROPES Literary Journal
Submissions for ROPES literary journal are open now and we are accepting poetry, fiction, non-fiction, flash fiction, and visual art. More info HERE.
Sustainability Engagement Fund
The Sustainability Engagement Fund is open to students with grants from €1,000 – €2,000. The Fund will support engagement activities on key sustainability issues. This year, the Fund will focus on two of the SDGs: Green Labs (SDG12) + Peace (SDG16). Deadline: 5pm Fri 5 Dec.Further info here.
GLOWRED for World AIDS Day
World AIDS Day is this Monday 1st of December. HIV Ireland are asking you to wear red on World AIDS Day and use #GLOWRED4WAD to show your support on social media.
Universal Health Coverage in Ireland
We are looking for participants to give their views on plans for Universal Health Coverage in Ireland. Visit www.publichealth.ie/uhc for more information and details on how to register your interest.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Take Me Out Anocht – Faigh do thicéid!
Beidh an seó cleamhnais Take Me Out ar ais ag 8pm anocht, Déardaoin, an 27 Samhain in Sult. Tá ticéad nó dhó fós ar díol ANSEO agus rachaidh an teacht isteach ar fad chuig rogha carthanachtaí an Chomhaltais.
Ticéid do Chrannchur na Nollag ar díol
Tá ticéid do chrannchur na Nollag ar díolANSEO. Tá 20 duais iontach le buachan, lena n-áirítear Scútar Leictreach LOCO, seodra, húdaithe, ciseáin, agus neart dearbhán le haghaidh áiteanna iontacha!
Aiscíní in Oifig an Chomhaltais
Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn chun roinnt deochanna fuinnimh saor in aisce a fháil fad is a bheidh cuid fágtha againn! Beidh píotsa saor in aisce againn freisin Dé Luain, an 1 Nollaig – coinnigh súil ar ár gcuntas ar Instagram le haghaidh eolais!
Iarchéimithe agus Ceardchumainn Inniu
Tá cuireadh á thabhairt do gach mac léinn iarchéime freastal ar an ócáid saor in aisce seo “Iarchéimithe agus Ceardchumainn” 2pm-4pm, Déardaoin, an 27 Samhain in Friars Café + CA111. Faigh tuilleadh eolais faoi na cearta atá agat mar iarchéimí. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cruinniú den Chriú Aeráide inniu!
Beidh an cruinniú deireanach den Chriú Aeráide i mbliana ar siúl 6pm inniu, Déardaoin, an 27Samhain san Fhuaimsheomra Mór. Fáilte roimh chách!
Péinteáil le Bob Ross
Tóg sos suaimhneach le linn na seachtaine staidéir agus déan beagán péinteála in éineacht le Bob, 7pm Dé Céadaoin, an 3 Nollaig i Seomra na Coiribe in Sult. Fearas agus sneaiceanna ar fáil. Líon teoranta áiteanna. Ticéid ar fáil ANSEO..
Tíosmhargadh na Nollag
Beidh Tíosmhargadh na Nollag ar siúl 11am-3pm, Déardaoin, an 4 Nollaig in Áras na Mac Léinn. Buail isteach chun sos a ghlacadh ón staidéar, chun tús a chur le siopadóireacht na Nollag, nó chun rud beag deas a cheannach duit féin! Beidh díoltóirí iontacha as measc na mac léinn, tobshiopa de chuid Chlann Shíomóin na Gaillimhe agus beidh Flirt FM ann le foinn na féile. Tuilleadh eolais ANSEO.
Seachtain Léitheoireachta – Suirbhé Tuairimí Mac Léinn
Díreoidh an suirbhé seo ar thuairimí mac léinn a fháil amach maidir le ‘seachtain léitheoireachta’ (i.e. seachtain gan léachtaí i lár an tseimeastair) a bheith ann. Is féidir leat an suirbhé gairid a líonadh isteach ANSEO.
Scileanna Saoil 2026
Beifear in ann clárú le haghaidh na gcúrsaí atá le cur ar fáil mar chuid de Scileanna Saoil 2026 ó Dé Luain, an 1 Nollaig. Is muidne a chuireann na ranganna seo ar fáil ar ráta laghdaithe d’fhonn an deis a thabhairt duit scil nua a fhoghlaim agus do CV a fheabhsú. Tuilleadh eolais ANSEO.
Glanadh amach roimh an Nollaig?
Tá Clann Shíomóin na Gaillimhe ag lorg tabhartas, amhail éadaí, bróga, seodra, hataí, lámhainní, tuáillí agus míreanna mearaí/cluichí. Is féidir iad a thabhairt idir 11am agus 3pm, Déardaoin, an 4 Nollaig ag The Cube ag Tíosmhargadh na Nollag. Tuilleadh eolais faoi na rudaí ar féidir leo glacadh leo agus nach féidir leo glacadh leo ANSEO.
Lá na bPeataí
Beidh Lá na bPeataí ar ais Dé Máirt, an 2 Nollaig! Seol grianghraif de do pheataí chuig ár gcuntas ar Instagram Dé Máirt agus cuirfidh muid san áireamh iad i Scéal Lá na bPeataí!
Bailiúchán na Nollag don Mhol Sláinteachais
Táimid ag lorg táirgí cúraim phearsanta agus glantacháin tí atá nua agus nár úsáideadh fós mar thabhartais – lena n-áirítear díbholaíoch, glóthach chithfholctha, seampú, smideadh, clúidíní, páipéar leithris, glantach éadaí agus glantóir dromchla. Más rud é go mbaineann tú féin úsáid as earra faoi leith, is dóigh go mbainfidh duine eile leas as chomh maith. Is féidir earraí a bhronnadh don bhosca in Oifig an Chomhaltais idir 10am agus 5pm, Luan-Aoine. Dáilfear na tabhartais ar chomhpháirtithe pobail an Bhainc Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól.
Leideanna Scrúdaithe
Seo roinnt leideanna agus eolais ANSEO le cabhrú leat teacht slán as na Scrúduithe
Uaireanta Breise Oscailte ag an Deireadh Seachtaine sa Leabharlann
- 8.30am-9.30pm, Dé Sathairn, an 29 Samhain/Dé Sathairn, an 6 Nollaig/Dé Sathairn, an 13 Nollaig
- 10am-9.30pm, Dé Domhnaigh, an 30 Samhain/Dé Domhnaigh, an 7 Nollaig/Dé Domhnaigh, an 14 Nollaig
Ionad Scríbhneoireachta Acadúla saor in aisce sa Leabharlann oscailte Luan go hAoine
Faigh cúnamh le haistí, tascanna, tagairtí nó ceisteanna faoi do phróiseas scríbhneoireachta acadúla. Is féidir leat bualadh leo ar an láthair nó ar líne. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cá bhfuil do Chárta Mic Léinn?
Cuimhnigh go mbeidh Cárta Aitheantais Mic Léinn Ollscoil na Gaillimhe ag teastáil uait le haghaidh do scrúduithe go léir. Mura bhfuil sé agat, gearrfar fíneáil €25 ort. Má tá do chárta aitheantais caillte agat is féidir leat ceann nua a cheannach ar €20 ón Deasc Chabhrach um Chlárúchán Mac Léinn.
Beartas Sosa Staidéir
Beidh an Beartas Sosa Staidéir i bhfeidhm sa Leabharlann go dtí Dé hAoine an 19 Nollaig. Má fhágann tú do dheasc le haghaidh sosa, déan cinnte an bhileog ama “Tá mé ar shos staidéir” a líonadh isteach agus a fhágáil ar do dheasc. Seachas sin, bogfar do chuid earraí.
Tiomsú Bia do Chiseáin Nollag Naomh Uinseann de Pól
Beidh Cumann Naomh Uinseann de Pól ag glacadh le tabhartais bhia agus táirgí sláinteachais domheata lasmuigh de Bhosca na gCumann (Socs Box) in Áras na Mac Léinn go dtí an 12 Nollaig. Rachaidh na tabhartais uilig chuig Banc Bia SVP na Gaillimhe, a dhéanann ciseáin Nollag dóibh siúd sa phobal áitiúil atá ag streachailt ó thaobh airgid de an geimhreadh seo. Féach ar ár leathanach Instagram @svp_universityofgalway le haghaidh tuilleadh eolais.
Irisleabhar liteartha ROPES
Is féidir ábhar a chur isteach anois le haghaidh irisleabhar liteartha ROPES. Glacfar le filíocht, ficsean, neamhfhicsean, mearfhicsean agus amharc-ealaín.Tuilleadh eolais ANSEO.
An Ciste Rannpháirtíochta Inbhuanaitheachta
Tá an Ciste Rannpháirtíochta Inbhuanaitheachta ar fáil do mhic léinn le deontais idir €1,000 agus €2,000 le fáil.Tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta maidir le saincheisteanna tábhachtacha inbhuanaitheachta. I mbliana, díreoidh an Ciste ar dhá cheann de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG12): Saotharlanna Glasa (SDG12) + An tSíocháin (SDG16). Spriocdháta: 5pm, Dé hAoine, an 5 Nollaig.Tuilleadh eolais anseo.
GLOWRED ar son Lá Domhanda SEIF
Is é Dé Luain, an 1 Nollaig Lá Domhanda SEIF. Tá HIV Ireland ag iarraidh ort dearg a chaitheamh ar Lá Domhanda SEIF agus #GLOWRED4WAD a úsáid le do thacaíocht a léiriú ar na meáin shóisialta.
Clúdach Sláinte Uilíoch in Éirinn
Táimid ar lorg rannpháirtithe chun a dtuairimí a thabhairt maidir le pleananna um Chlúdach Sláinte Uilíoch in Éirinn. Tabhair cuairt ar www.publichealth.ie/uhcle haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí maidir leis an dóigh le do spéis a chur in iúl.
Déan teagmháil linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)