Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Take Me Out Applications Close 4pm TODAY!
The dating show Take Me Out is back Thurs 27 Nov at Sult. Contestant applications are open HERE until 4pm today Thurs 13 Nov. Audience tickets are on sale HERE now and all proceeds go to the SU Charities.
Christmas Dinner Today!
Get your traditional Christmas Dinner with all the trimmings from 1pm today Thurs 13 Nov at Sult for just €12. €1 from each dinner sold goes to the SU Charities!
Clean Up Tomorrow
We’re arranging a post-Christmas Day clean up tomorrow Fri 14 Nov. If you’d like to help out please email su.welfare@universityofgalway.ie to get involved.
Drug & Alcohol Support Drop In on Tuesday
This Tues 18 Nov 2pm-4pm we have a Drug & Alcohol Support Drop in Clinic in the SU Office with the Western Region Drug & Alcohol Task Force. If you’ve concerns about the drug/alcohol use of a friend or family member you can talk in confidence about it at this free drop in.
International Men’s Day: Sunrise Walk
Join us 7am Weds 19 Nov for a Walk and Talk from Spanish Arch to Blackrock to mark International Men’s Day
Citizens Information Service Pop Up on Wednesday
Call in to the SU Office 11am-3pm Weds 19 Nov to meet the Citizens Information Service. They’re here to answer any queries you may have about Accommodation, Employment rights, SUSI, Free Contraception + lot’s more!
Thriftmas Market Call Out
Our annual Thriftmas market is back 11am-3pm Thurs 4 Dec. If you have your own business/side hustle get in touch as we’ve a limited number of student stalls available at the event. Email joanna.brophy@universityofgalway.ie
Postgrads and Unions
All Postgraduate students are invited to attend this free event “Postgrads and Unions” 2pm-4pm Thurs 27 Nov in CA111. More info + free tickets HERE.
Exam Timetables out 12pm today
Semester 1 exams run from Mon 8 to Fri 19 Dec. Exam timetables will be released 12pm today Thurs 13 Nov HERE. Please make sure you check your timetable carefully and if any of your subjects are missing contact your lecturer ASAP.
Need help with your subjects?
- SUMS is a free drop-in Mathematics and Statistics support center for Undergrad students.
- TheAcademic Writing Centre offers free one-on-one tutorials on essay writing for students.
- ComputerDISC is a free resource for students enrolled in computer programming or software development courses.
- The Academic Skills Hub aims to support students to develop key skills for academic success.
- The Grinds Register on YourSpace is where you can find people to help you with your subjects.
Let Loose Party
Join us 7pm-10pm Weds 26 Nov for the Let Loose Party at Sult. Galway’s first ever girlie student singalong prinks party! DJs, freebies + surprises! Ticket linkHERE.
WiSTEM Weekly Study Sessions
Weekly study sessions continue this Tuesday from 6pm onwards in AC215. Join WiSTEM and start your exam prep or complete some assignments. There’ll be biscuits!
Win a Hoodie with the USP
Congratulations to Ann Maria Anthony 1st Year B.E. who was the USP (University Skills Passport) UG hoodie winner last month. To be in with a chance of winning just log in to your USP accountHERE and you’ll be automatically entered into the draw.
Gender Discrimination Survey
WiSTEM are trying to establish the prevalence of sexism within STEM in the University of Galway. They’d be grateful if you’d take a moment to fill in their anonymous survey HERE and share your experience.
November SU Events
Click the link HERE to see some of what’s coming up this month (and there’s more to be added!).
Rally for Disability Rights + Mental Health Funding
Rally and speeches 2pm-4pm Sat 15 Nov at the Browne Doorway in Eyre Square, Galway.
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Iarratais le bheith ar Take Me Out le dúnadh 4pm INNIU!
Beidh an seó cleamhnais Take Me Out ar ais Déardaoin, an 27 Samhain ag Sult. Is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith i d’iomaitheoir sa chomórtas ANSEO go dtí 4pm, inniu, Déardaoin, an 13 Samhain. Tá ticéid ar díol ANSEO anois agus rachaidh an teacht isteach ar fad chuig rogha carthanachtaí an Chomhaltais.
Dinnéar na Nollag inniu!
Faigh dinnéar traidisiúnta na Nollag agus gach a dtéann leis ó 12 meán lae inniu, Déardaoin, an 13 Samhain in Sult. Margadh iontach ag €12. Tabharfar €1 ó gach dinnéar a dhíolfar do rogha carthanachtaí an Chomhaltais!
Glantachán Amárach
Beidh muid ag eagrú glantachán iar-Nollag amárach, Dé hAoine, an 14 Samhain. Cuir ríomhphost chuig su.welfare@universityofgalway.ie más spéis leat a bheith páirteach.
Tacaíocht Buail Isteach maidir le Drugaí agus Alcól Dé Máirt
Dé Máirt, an 18 Samhain, 2pm-4pm, beidh Clinic Tacaíochta maidir le Drugaí agus Alcól ar siúl in Oifig an Chomhaltais i gcomhar le Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Má tá imní ort fút féin i leith drugaí/alcóil nó faoi chara nó faoi bhall teaghlaigh, is féidir leat é a phlé go rúnda ag an gclinic saor in aisce seo.
Lá Idirnáisiúnta na Bhfear
07:00 Dé Céadaoin 19 Samhain Siúlóid is Scéalta ó An Póirse Caoch go dtí An Charraig Dhubh
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Tobsheastán na Seirbhíse Faisnéise do Shaoránaigh Dé Céadaoin
Buail isteach chuig Oifig an Chomhaltais idir 11am agus 3pm Dé Céadaoin, an 19 Samhain chun bualadh leis an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh. Tá siad anseo chun freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá agat faoi Lóistín, Cearta fostaíochta, SUSI, Frithghiniúint Saor in Aisce + go leor eile!
Glao ar Rannpháirtithe le haghaidh Mhargadh Athláimhe na Nollag
Beidh Margadh Athláimhe Bliantúil na Nollag ar ais 11am-3pm, Déardaoin, an 4 Nollaig. Má tá gnólacht nó fiontar beag agat, déan teagmháil linn mar tá líon teoranta seastán curtha ar leataobh againn do mhic léinn. Cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie
Iarchéimithe agus Ceardchumainn
Tá cuireadh á thabhairt do gach mac léinn iarchéime freastal ar an ócáid saor in aisce seo “Iarchéimithe agus Ceardchumainn” 2pm-4pm, Déardaoin, an 27 Samhain in CA111. Tuilleadh eolais agus ticéid saor in aisce ANSEO.
Amchlár na Scrúduithe le foilsiú 12pm inniu
Beidh scrúduithe Sheimeastar 1 ar siúl ó Dé Luain, an 8 Nollaig go Dé hAoine, an 19 Nollaig. Foilseofar Amchlár na Scrúduithe ag 12pm inniu, Déardaoin, an 13 Samhain. Beidh sé ar fáil ANSEO. Déan cinnte an t-amchlár a sheiceáil go cúramach. Má bhíonn ceann ar bith de d’ábhair fágtha ar lár, déan teagmháil le do léachtóir gan mhoill.
Cabhair uait le d’ábhair?
- SUMS – Is ionad tacaíochta Matamaitice agus Staitisticí buail isteach saor in aisce é SUMS do gach mac léinn fochéime.
- Cuireannan tIonad don Scríbhneoireacht Acadúil ranganna teagaisc duine le duine ar fáil do mhic léinn maidir le haistí a scríobh.
- Is acmhainn saor in aisce é ComputerDISC do mhic léinn atá cláraithe ar chúrsaí ríomhchlárúcháin nó cúrsaí forbartha bogearraí.
- Tá sé mar aidhm ag an Mol Scileanna Acadúla tacú le mic léinn na príomhscileanna is gá don rath acadúil a fhorbairt.
- Is é an Clár Diancheachtanna ar YourSpace an áit ar féidir leat teacht ar dhaoine le cabhrú leat le d’ábhair.
Cóisir Lig Leat
Bí linn 7pm-10pm, Dé Céadaoin, an 26 Samhain le haghaidh Chóisir Lig Leat in Sult. Cóisir canta cailíní le réamhdheochanna don chéad uair riamh i nGaillimh! DJanna, aiscíní + iontais! Ticéid ar fáil ANSEO.
Seisiúin Sheachtainiúla Staidéir WiSTEM
Beidh seisiúin sheachtainiúla staidéir ag leanúint ar aghaidh Dé Máirt, ó 6pm ar aghaidh, in AC215. Bí páirteach in WiSTEM agus tosaigh ag ullmhú do na scrúduithe nó críochnaigh roinnt tascanna. Níos fearr fós, beidh brioscaí ann!
Buaigh húdaí leis an bPas Scileanna Ollscoile
Comhghairdeas le Ann Maria Anthony, 1ú bhliain B.E. a bhuaigh húdaí Pas Scileanna Ollscoile an mhí seo caite. Le deis a bheith agat húdaí do do chuid féin a bhuachan, níl le déanamh ach logáil isteach i do chuntas Pas Scoileanna Ollscoile ANSEO agus cuirfear san áireamh sa chrannchur go huathoibríoch thú.
Suirbhé maidir le hIdirdhealú Inscne
Tá WiSTEM ag iarraidh a dhéanamh amach cé chomh forleathan is atá fadhb an ghnéasachais laistigh de STEM in Ollscoil na Gaillimhe. Ba mhór acu dá dtógfá nóiméad leis a suirbhé gan ainm a líonadh isteach ANSEO agus do thuairimí a roinnt leo.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí na Samhna
Cliceáil an nasc ANSEO le cuid de na rudaí atá le teacht an mhí seo a fheiceáil (agus tá níos mó le cur leis!).
Slógadh ar son Cearta Míchumais agus Maoiniú Meabhairshláinte
Slógadh agus óráidí 2pm-4pm, Dé Sathairn, an 15 Samhain ag Browne Doorway ar an bhFaiche Mhór, Gaillimh.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)