Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Get Tested Today
Free Rapid HIV and Syphilis Testing 1pm-3pm TODAY Thurs 22 Jan with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
SU Election Canvassing Workshop / Election Info Session
Join us to learn all about running for the SU elections 6pm-8pm Tues 27 Jan in AC202. Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March. More info HERE.
Gaeltacht Housing Rights Protest
Bánú are holding a housing rights protest 12pm-1.30pm Mon 26 Jan at Roinn na Gaeltachta sna Forbacha. We’ll have a bus to/from the protest leaving the Archway at the Quad 11.20am. If you’d like to attend book your free bus ticket HERE before 4pm Fri 23 Jan.
Drug & Alcohol Support Drop In
This Tues 27 Jan 2pm-4pm we have a Drug & Alcohol Support Drop in Clinic in the SU Office. If you’re concerned about a family member’s/friend’s alcohol or drug use, or if you’d like to know about supports for your own alcohol/drug use, you can avail of free & confidential support. No appointment needed.
Cultural Diversity Day: Food, Culture & Community
Join us for a Bring a Plate event to celebrate the cultures of our diverse Postgraduate Community! Bring a plate of food that represents your culture 10.30am-12.30pm Weds 28 Jan in The Large Acoustic Room. Free event all welcome! Sign upHERE.
Climate Crew Meeting
The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Come along to the next meeting 5pm Weds 28th Jan in The Large Acoustic Room.
| Thurs 22nd Jan | 6pm-7pm | Postgraduate Class Reps Council | AC201 |
| Mon 26th Jan | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn | O’Flaherty Theatre |
SU By Election
Nominations close 5pm Weds 28 Jan for the recently vacated SU Part Time Officer position of Convenor of the College of Medicine, Nursing and Health Sciences. More info HERE.
Dunk Tank Nominations
This Raise and Give (RAG) week, we’re hosting a Dunk Tank in aid of the 25/26 SU charities, GOAL and Galway Rape Crisis Centre! We’re looking for nominations of your favourite (or least favourite!) lecturer, friend, football coach, club captain, society auditor, or Sult bartender, to take the plunge! Nominate them at the link HERE.
SU Charity Cup
The SU Charity Cup 5 A Side Competition is back for RAG Week with a €500 cash prize to be won! Matches take place 11am-4pm Weds 11 Feb at the Corrib Village Cages. Get your team signed up now HERE.
Mature Students’ Survey
This survey aims to better understand the backgrounds, needs, and experiences of mature students at University of Galway. Your responses are anonymous and will be used to improve support, resources, and learning environments for mature students. Complete the survey HERE.
Shave Off
Shave your head or face this RAG Week to raise funds for the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and GOAL. Sign up HERE. The Shave Off will take place 1pm Tues 10 Feb (Donegal Tuesday) on the main stage at Sult.
safeTALK Free Training
safeTALK is a 3½ hour ‘suicide alertness’ programme that prepares you to identify and engage with persons who may be having thoughts of suicide. The free training takes place 9.15am-1pm Fri 6 Feb on campus. You can sign up HERE with the Password: 6FEB (case sensitive)
Firewalk in 2026!
Take part in a once in a lifetime fundraising event in February by joining our Firewalk team for RAG Week! Experience the exhilaration of walking on fire! Just 15 spaces left. More infoHERE.
CÉIM session start & leader recruitment
CÉIM peer learning sessions start again this week for students in eligible disciplines – see here for more information! Log into YourSpace and go to CÉIM to see your updated session information. Don’t forget recruitment for CÉIM leaders is now underway! See here to find out more and apply before 9 February!
RAG Run 12.30pm Sun 8 Feb
Sign up for the RAG 5km Fun Run/Jog/Walk/Roll HERE. Entry is just €10 which all goes to the SU Charities. Goodie bags + t-shirts for all entrants! Prizes for best costumes with a Heroes or Villains theme (Costumes optional but encouraged!)
Recommend a Friend (or yourself!)
If you think you’d like to run for election or have a friend who would be a great SU Officer, then now is your chance to recommend them HERE
We need your books!
We’re looking for donations of fiction books for a RAG Week fundraiser with Writers Society to raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL. Books can be dropped to the SU Office until 5pm Fri 30 Jan.
Student Counselling Service – Free Group Sessions
The Student Counselling Service are running a series of free group counselling sessions, which include CBT, Stress Management, Mindfulness and Neurodivergence. For more info contact counselling@universityofgalway.ie
Free Digital Champion Workshops
- Intro to MakerSpace 2pm-3pm Weds 27 Jan in the Library Training Room REGISTER
- Laser Cutting with MakerSpace 2pm-3pm Weds 4 Feb in the Library Training Room REGISTER
- Design 11am-1pm Weds 11 Feb in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
- Video 11am-1pm Weds 4 March in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
- Podcasting 12pm-2pm Tues 10 March in Meeting Room 1 & 2, Áras na Mac Léinn REGISTER
Mature Students’ Society Coffee Morning
Join the Mature Students’ Society for a coffee morning 10am-12pm Thurs 22 Jan in Meeting Rooms 1&2 upstairs in Áras na Mac Léinn.
Parkrun
University of Galway Parkrun is a fun free 5km every Saturday morning at 9.30am. It’s a great way to get some fresh air and meet new people. They also need volunteers to make this amazing community event happen each week – no experience needed! Learn more HERE.
Gale Primary Sources Events
These free training events will help you navigate this very useful resource which is available to all students via the Library Catalogue.
1. Researching Historical Newspapers – Gale Webinar, Tuesday 27 January
2. Primary Sources for Women & Gender Studies – Gale Webinar, Tuesday 03 February
3. Gale Primary Sources Roadshow – Tuesday 10 February
Rally for Palestine
Join Galway IPSC at 2pm this Saturday 24th January for a Rally For Palestine. Assemble at Spanish Arch.
Life Skills Almost Full!
We’ve very limited spaces left for the following courses:
- Tin Whistle
- Self Defence
- safeTALK Suicide Awareness Training
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
More info + sign up links are HERE.
January Events List
You can find our list of SU January events so farHERE and there’s lots more to come!
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
______________________________________________________________________________________________________________
Faigh Tástáil Inniu
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm, INNIU, Déardaoin, an 22 Eanáir sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Ceardlann maidir le Canbhasáil / Seisiún Eolais le haghaidh Thogháin an Chomhaltais
Bí linn chun eolas a chur ar gach rud a bhaineann le bheith san iomaíocht do thoghcháin an Chomhaltais, 6pm-8pm, Dé Máirt an 27 Eanáir in AC202. Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta. Tuilleadh eolais ANSEO.
Agóid le haghaidh Cearta Tithíochta sa Ghaeltacht
Beidh agóid le haghaidh cearta tithíochta á reáchtáil ag Bánú 12pm-1.30pm Dé Luain an 26 Eanáir ag Roinn na Gaeltachta sna Forbacha. Rachaidh bus chuig an agóid agus ar ais arís. Fágfaidh sé ón Áirse sa Chearnóg ar 11.20am. Más mian leat freastal ar an agóid, cuir ticéad bus saor in aisce in áirithe ANSEO roimh 4pm, Dé hAoine an 23 Eanáir.
Tacaíocht Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól
Reáchtálfar Clinic Tacaíochta Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól in Oifig an Chomhaltais an Mháirt bheag seo an 27 Eanáir ó 2pm-4pm.Má tá úsáid alcóil nó drugaí ag ball teaghlaigh/cara ag déanamh imní duit, nó más mian leat eolas a fháil faoin tacaíocht atá ar fáil duit maidir le halcól/drugaí a úsáid tú féin, is féidir tacaíocht rúnda saor in aisce a fháil sa chlinic seo. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Lá na hÉagsúlachta Cultúrtha: Bia, Cultúr agus Pobal
Bí linn ag imeacht Tabhair Leat Pláta chun cultúir ár bPobail Iarchéime éagsúil a cheiliúradh! Tabhair leat pláta bia a léiríonn do chultúr féin, 10.30am-12.30pm, Dé Céadaoin, an 28 Eanáir san Fhuaimsheomra Mór. Imeacht saor in aisce, fáilte roimh chách! Cláraigh ANSEO.
Teacht le Chéile Chriú na hAeráide
Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Tar chuig an gcéad chruinniú eile: 5pm, Dé Céadaoin, an 28 Eanáir san Fhuaimsheomra Mór.
Cruinnithe Ionadaithe Ranga Amach Romhainn
| Déardaoin, 22 Eanáir | 6pm-7pm | Comhairle na nIonadaithe Ranga Iarchéime | AC201 |
| Dé Luain, 26 Eanáir | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn, | Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh |
Fothoghcháin an Chomhaltais
Dúnfar ainmniúcháin ar 5pm, Dé Céadaoin an 28 Eanáir do phost mar Oifigeach Comhaltais Páirtaimseartha, is é sin Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte, atá folamh anois. Tuilleadh eolais ANSEO.
Ainmniúcháin le haghaidh an Umair Tumtha
An tSeachtain Phléarácaim (Seachtain RAG) seo, beidh Umar Tumtha againn chun airgead a thiomsú do charthanachtaí an Chomhaltais 25/26, is iad sin GOAL agus Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú! Táimid ar lorg ainmniúcháin do dhaoine le tumadh san umar, bíodh sin an léachtóir is fearr (nó is measa!) leat, cara, cóitseálaí peile, captaen do chumainn, iniúchóir cumainn, nó freastalaí beair in Sult! Ainmnigh ANSEO iad.
Corn Carthanachta an Chomhaltais
Tá Comórtas Corn Carthanachta Cúigear an Taobh an Chomhaltais ag teacht ar ais do Sheachtain RAG agus beidh duais €500 le buachan! Titfidh na cluichí amach idir 11am agus 4pm, Dé Céadaoin an 11 Feabhra i gCaighin Shráidbhaile na Corribe. Cláraigh foireann anois ANSEO.
Suirbhé na Mac Léinn Lánfhásta
Tá sé mar aidhm leis an suirbhé seo tuiscint níos fearr a fháil ar chúlra, riachtanais agus eispéiris mhic léinn lánfhásta in Ollscoil na Gaillimhe. Baileofar do chuid freagraí gan ainm agus úsáidfear iad chun tacaíocht, acmhainní agus an timpeallacht foghlama a fheabhsú do mhic léinn lánfhásta. Is féidir an suirbhé a líonadh isteach ANSEO.
An Bearradh Mór
Bearr an ghruaig de do cheann nó an fhéasóg de d’aghaidh an tSeachtain Phléarácaim seo chun airgead a thiomsú do Charthanachtaí an Chomhaltais, is iad sin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL. Cláraigh ANSEO. Beidh An Bearradh Mór ar siúl ar 1pm, Dé Máirt an 10 Feabhra (Máirt Dhún na nGall) ar an ardán mór in Sult.
Oiliúint Saor in Aisce safeTALK
Clár saor in aisce 3½ uair an chloig maidir le ‘hairdeall ar fhéinmharú’ is ea safeTALK. Cuireann sé ar do chumas duit daoine is dóigh a bhfuil smaointe féinmharaithe ar intinn acu a aithint agus caidreamh a thógáil leo. Beidh an oiliúint saor in aisce ar siúl ó 9.15am go 1pm, Dé hAoine an 6 Feabhra ar an gcampas. Is féidir clárú ANSEO ach an Focal Faire seo a úsáid: 6FEB (cásíogair)
Siúl Dóiteáin in 2026!
Ar mhaith leat a bheith páirteach in imeacht nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra? Tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! 15 spás fágtha. Tuilleadh eolais ANSEO.
Seisiúin CÉIM ag tosú & ceannairí á n-earcú
Cuirfear tús arís le seisiúin phiarfhoghlama CÉIM an tseachtain seo do mhic léinn sna disciplíní incháilithe – féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais! Logáil isteach ar YourSpace agus téigh chuig CÉIM chun teacht ar an eolas is déanaí maidir le do sheisiún.Ná déan dearmad go bhfuil ceannairí CÉIM á n-earcú faoi láthair! Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh faoin 9 Feabhra!
Rith RAG 12.30pm Dé Domhnaigh an 8 Feabhra
Cláraigh don Rith/Bogshodar/Siúl/Rolladh Spraoi 5km RAG ANSEO. Ní chosnaíonn sé ach €10 chun clárú agus rachaidh an t-airgead sin ar fad chuig Carthanais an Chomhaltais. Málaí féiríní ⁊ t-léinte do gach iarrthóir! Téama Laochra agus Bithiúnaigh ann (Moltar culaith a chaitheamh, ach tá siad roghnach) agus duaiseanna le baint do na cultacha is fearr!
Cuir Cara (nó tú féin) chun Tosaigh!
Más mheasann tú gur mhaith leat seasamh don toghchán, nó má tá cara agat a bheadh ina Oifigeach Comhaltais den scoth, seo agat an deis chun daoine a chur chun tosaigh ANSEO.
Tá do leabhair ag teastáil uainn!
Tá muid ag iarraidh ar dhaoine leabhair ficsin a dheonú le haghaidh imeacht tiomsaithe airgid i gcomhar le Cumann na Scríbhneoirí chun airgead a thiomsú d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus do GOAL. Is féidir leabhair a fhágáil in Oifig an Chomhaltais go dtí 5pm Dé hAoine 30 Eanáir.
Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn – Grúpsheisiúin Saor in Aisce
Tá sraith de ghrúpsheisiúin chomhairleoireachta saor in aisce á reáchtáil ag an tSeirbhís Chomhairleoireachta do Mhic Léinn, lena n-áirítear seisiúin ar theiripe chognaíochta agus iompraíochta (CBT), Bainistíocht Struis, Aireachas agus Néaréagsúlacht.Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig counselling@universityofgalway.ie
Ceardlanna Saor in Aisce don Saol Digiteach
- Tús Eolais ar MakerSpace 2pm-3pm, Dé Céadaoin an 27 Eanáir i Seomra Oiliúna na Leabharlainne CLÁRAIGH
- Gearradh Léasair le MakerSpace 2pm-3pm, Dé Céadaoin, an 4 Feabhra i Seomra Oiliúna na Leabharlainne CLÁRAIGH
- Dearadh 11am-1pm, Dé Céadaoin an 11 Feabhra i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
- Físeáin11am-1pm, Dé Céadaoin an 4 Márta i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
- Podchraoladh 12pm-2pm, Dé Máirt an 10 Márta i Seomra Cruinnithe 1 & 2, Áras na Mac Léinn CLÁRAIGH
Maidin Chaife Chumann na Mac Léinn Lánfhásta
Bígí linn i gCumann na Mac Léinn Lánfhásta le haghaidh maidin chaife, 10am-12pm Déardaoin an 22 Eanáir i Seomraí Cruinnithe 1&2 thuas staighre in Áras na Mac Léinn.
Parkrun
Is rith spraíúil 5km saor in aisce é Parkrun Ollscoil na Gaillimhe a thiteann amach gach maidin Dé Sathairn ag 9.30am. Is deis iontach é seal a chaitheamh amuigh faoin aer agus bualadh le daoine nua. Teastaíonn oibrithe deonacha uathu freisin leis an imeacht pobail iontach seo a chur ar siúl gach seachtain – níl gá taithí a bheith agat roimh ré! Tuilleadh eolais ANSEO.
Imeachtaí Foinsí Príomhúla le Gale
Cabhróidh na himeachtaí oiliúna saor in aisce seo leat tairbhe a bhaint as an acmhainn fhónta seo a bhfuil fáil ag gach mac léinn uirthi trí Chatalóg na Leabharlainne.
1. Taighde a Dhéanamh ar Nuachtáin Stairiúla– Seimineár Gréasáin le Gale, Dé Máirt an 27 Eanáir
2.Foinsí Príomhúla le haghaidh Léann na mBan agus Inscní– Seimineár Gréasáin le Gale, Dé Máirt an 3 Feabhra
3. Seó Bóthair Foinsí Príomhúla le Gale– Dé Máirt an 10 Feabhra
Slógadh ar son na Palaistíne
Bígí linn in IPSC na Gaillimhe ar 2pm an Satharn beag seo an 24 Eanáir le haghaidh Slógadh ar son na Palaistíne. Teacht le chéile ag an bPóirse Caoch.
Scileanna Saoil Beagnach Lán!
Tá spásanna do na cúrsaí seo a leanas an-teoranta anois:
- Feadóg Stáin
- Féinchosaint
- Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.
Liosta d’Imeachtaí Eanáir
Is féidir teacht ar an liosta is déanaí d’imeachtaí an Chomhaltais a bheidh ag titim amach i mí Eanáir ANSEO agus tá go leor eile le teacht!
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)