Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Refreshers’ Fair on Wednesday
Our Refreshers’ Fair is on 11am-3pm Wednesday 21 January at Áras na Mac Léinn! Call down for freebies, prizes and surprises! There’ll be giant inflatable games, student friendly companies + information stands, pop up shops, food trucks and music from Flirt FM. We’ll also be giving away 1,000 FREE Students’ Union Rudaí Áille tote bags with some extra special surprises you don’t want to miss. More info HERE.
You asked, we did!
The Library has eliminated late fees and any existing fines for late books have been forgiven. They do ask that you return materials on time so they remain available for other students who may need them. Thanks to the Library team for working with us on this!
Notice of By Election
Nominations are now open for the recently vacated SU Part Time Officer position of Convenor of the College of Medicine, Nursing and Health Sciences. You can collect a nomination form at the SU Office or download one HERE. Nominations close 5pm Weds 28 Jan at which point completed nomination forms must be returned to the box in the SU Office. This position is a part time, unpaid, voluntary role and will run from Fri 6 Feb 2026 until Tues 30 June 2026. More info HERE.
RAG Rose Deadline Monday
Could you be the next RAG (Raise and Give Week) Rose? Prizes include: a €200 Sult Voucher; your photo on the wall of Sult; a Sash + Tiara and the Honour + Glory of being the RAG Week Rose! Raise €150 minimum to take part by 5pm Mon 19 Jan. Sign up HERE
We need your books!
We’re looking for donations of books for a RAG Week fundraiser with Writers Society to raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL. Books can be dropped to the SU Office until 5pm Fri 30 Jan.
CÉIM sessions & leader recruitment
CÉIM peer learning sessions start again next week for students in eligible disciplines – see here for more info. Meet up weekly with others doing your course and trained higher year student leaders in a friendly and relaxed environment. Make friends, get up to speed on coursework and improve your skills! Log into YourSpace and go to CÉIM to see your updated session info. Recruitment for 2026/27 CÉIM leaders is now underway! See here to find out more and apply before 9 February!
Life Skills 2026 filling up fast!
Sign up is now open for the following courses:
- Sign Language
- Gaeilge
- Heartsaver AED
- Bodhrán
- Tin Whistle
- Self Defence
- safeTALK Suicide Awareness Training
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
- Financial Resilience
- 5 A Day for Mental Health with Jigsaw
- Bike Maintenance Course with An Mheitheal Rothar
More info + sign up links are HERE.
Thinking of running for the SU Officer Elections?
Our SU Elections Handbook is now available HERE. We’ll have a Canvassing Workshop / Election Info Session 6pm-8pm Tues 27 Jan. Election nominations for all 18 SU Officer positions open 10am Weds 25 Feb and close 5pm Weds 4 March.Voting takes place Thurs 12 March 2026. You can email suelections@universityofgalway.ie with any questions or check HERE.
Firewalk in 2026!
Take part in a once in a lifetime fundraising event in February by joining our Firewalk team for RAG Week! Experience the exhilaration of walking on fire! Spaces are limited. More info HERE.
January Events List
You can find our list of SU January events so far HERE and there’s lots more to come!
RAG Run 12.30pm Sun 8 Feb
Sign up for the RAG 5km Fun Run/Jog/Walk/Roll HERE. Entry is just €10 which all goes to the SU Charities. Goodie bags + t-shirts for all entrants! Prizes for best costumes with a Heroes or Villains theme (Costumes optional but encouraged!)
Galway University Musical Society (GUMS) Presents FOLLIES
Join GUMS for their annual musical in the Black Box Theatre 3-7 February. Tickets HERE.
Call to the ALIVE stand at the Refreshers’ Fair on Weds 21 Jan to discover great volunteering opportunities. Meet other student volunteers, find out how to apply for the President’s Award for Volunteering and enter a draw for a goodie bag!
Would you like to be part of the ENLIGHT Student Network?
Applications for the paid position of ENLIGHT Student Network Representative for the University close tomorrow Fri 16 Jan. More info contact ENLIGHTSNGalway@universityofgalway.ie and check HERE.
Yoga Classes On Sale
Yoga classes for staff and students will run from Tues 20 Jan to Fri 27Feb and are just €24 for students. More info and sign up HERE.
Hardiman PhD Scholarships
The 2026 Hardiman PhD Scholarships scheme is open for ‘new’ PhD students. They are fully funded for four years; with a stipend of €25,000 per annum, plus tuition fee covered for the 4 years. Applications Close 6 February. More info HERE.
Undergraduate of the Year Award Deadline 2 Feb 2026
The Undergraduate of the Year Awards celebrate Ireland’s best and brightest undergraduate talent. There’s 9 different categories and prizes include placement years, graduate roles and branded gifts. More information HERE.
Do you experience abdominal pain related to inflammatory bowel disease (IBD) or irritable bowel syndrome (IBS)? Or are you a healthy volunteer interested in contributing to clinical research?
PhD Student Rebecca Lane invites you to participate in her clinical study exploring how the body’s own “cannabis-like” system and gut microbes may influence abdominal pain. Find out more HERE.
Recommend a Friend (or yourself!)
If you think you’d like to run for election or have a friend who would be a great SU Officer, then now is your chance to recommend them HERE and let them know how amazing you think they are!
Contact Us | Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
An tAonach Athnuachana Dé Céadaoin
Beidh an tAonach Athnuachana ar siúl 11am-3pm Dé Céadaoin an 21 Eanáir in Áras na Mac Léinn! Buail isteach le hearraí in aisce, duaiseanna agus iontais a fháil! Beidh mórchluichí inséidte ann, cuideachtaí atá báúil do mhic léinn agus seastáin eolais, tobshiopaí, trucailí bia agus ceol ó Flirt FM. Beidh 1,000 mála gualainne Comhaltais ó Rudaí Áille á dtabhairt amach againn SAOR IN AISCE freisin, chomh maith le roinnt iontais speisialta nár mhaith leat a chailliúint. Tuilleadh eolais ANSEO.
Deireadh le táillí leabharlainne!
Tá an Leabharlann tar éis deireadh a chur le táillí déanacha agus aon fhíneálacha reatha a chealú. Iarrtar, áfach, ábhair a thabhairt ar ais in am ionas go mbeidh siad ar fáil do mhic léinn eile a dteastaíonn siad uathu. Gabhaimid buíochas le foireann na Leabharlainne as tacú linn ar an ábhar seo!
Fógra Fothoghcháin
Tá ainmniúcháin oscailte anois do phost mar Oifigeach Comhaltais Páirtaimseartha, is é sin Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte, atá folamh anois. Is féidir foirm ainmniúcháin a fháil ó Oifig Chomhaltas na Mac Léinn nó ceann a íoslódáil ANSEO. Dúnfar ainmniúcháin ar 5pm Dé Céadaoin an 28 Eanáir agus ní mór foirmeacha ainmniúcháin comhlánaithe a chur sa bhosca in Oifig an Chomhaltais faoin am sin. Is post páirtaimseartha, neamhíoctha, deonach é agus a mhairfidh an tréimhse idir Dé hAoine an 6 Feabhra 2026 agus Dé Mháirt an 30 Meitheamh 2026. Tuilleadh eolais ANSEO.
Spriocdháta don Rós RAG: Dé Luain
An tusa an chéad Rós RAG eile? Ar na duaiseanna atá le buachan, tá dearbhán Sult €200; do ghrianghraf ar bhalla Sult; Sais + Tiara agus an Onóir + an Ghlóir a ghabhann le bheith i do Rós RAG! Le bheith páirteach, ní mór €150 ar a laghad a bhailiú faoi 5pm Dé Luain an 19 Eanáir. Cláraigh ANSEO
Tá do leabhair ag teastáil uainn!
Tá muid ag iarraidh ar dhaoine leabhair a dheonú le haghaidh imeacht tiomsaithe airgid i gcomhar le Cumann na Scríbhneoirí chun airgead a thiomsú d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus do GOAL. Is féidir leabhair a fhágáil in Oifig an Chomhaltais go dtí 5pm Dé hAoine 30 Eanáir.
Seisiúin CÉIM & earcaíocht ceannairí
Tosóidh seisiúin foghlama piaraí CÉIM arís an tseachtain seo chugainn do mhic léinn i ndisciplíní incháilithe – féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais. Buail le daoine eile atá ag déanamh do chúrsa agus le ceannairí oilte ó na blianta os do chionn gach seachtain i dtimpeallacht chairdiúil réchúiseach. Buail le cairde nua, tar isteach ar obair chúrsa agus cuir le do scileanna! Logáil isteach ar YourSpace agus téigh chuig CÉIM chun teacht ar shonraí cothrom le dáta maidir le do sheisiún. Earcaíocht do cheannairí CÉIM 2026/27 ar siúl anois! Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh faoin 9 Feabhra!
Scileanna Saoil 2026 á líonadh go gasta!
Tá clárúchán oscailte anois do na cúrsaí seo a leanas:
- Teanga Chomharthaíochta
- Gaeilge
- Heartsaver (Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach)
- Bodhrán
- Feadóg Stáin
- Féinchosaint
- Oiliúint safeTALK um Fheasacht Féinmharaithe
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
- Athléimneacht Airgeadais
- 5 sa lá ar son na meabhairshláinte le Jigsaw
- Cúrsa Cothabhála Rothar le An Mheitheal Rothar
Tuilleadh eolais agus naisc chun clárú ANSEO.
An bhfuil rún agat dul san iomaíocht i dToghchán na nOifigeach Comhaltais?
Tá Lámhleabhar Toghcháin an Chomhaltais ar fáil ANSEO anois. Beidh Ceardlann Canbhasála / Seisiún Eolais Toghcháin ar siúl 6pm-8pm Dé Máirt an 27 Eanáir. Osclófar ainmniúcháin toghcháin do na 18 bpost mar Oifigigh Chomhaltais ar 10am Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus dúnfar iad ar 5pm Dé Céadaoin an 4 Márta.Déanfar an vótáil Déardaoin an 12 Márta 2026. Is féidir aon cheisteanna maidir leis an toghchán a chur ar ríomhphost chuig suelections@universityofgalway.ie nó is féidir féachaint ANSEO.
Siúl Dóiteáin in 2026!
Ar mhaith leat a bheith páirteach in imeacht nach ndéanfaidh tú arís i do shaol i mí Feabhra? Tiomsaigh airgead le haghaidh Sheachtain Phléarácaim le foireann Siúil Dóiteáin s’againn! Cuir an t-aidréanailín ag sruthú is ag sreabhadh le siúl dóiteáin! Líon teoranta áiteanna ann. Tuilleadh eolais ANSEO.
Liosta d’Imeachtaí Eanáir
Is féidir teacht ar liosta an liosta is déanaí d’imeachtaí an Chomhaltais a bheidh ag titim amach i mí Eanáir ANSEO agus tá go leor eile le teacht!
Rith RAG 12.30pm Dé Domhnaigh an 8 Feabhra
Cláraigh don Rith/Bogshodar/Siúl/Rolladh Spraoi 5km RAG ANSEO. Ní chosnaíonn sé ach €10 chun clárú agus rachaidh an t-airgead sin ar fad chuig Carthanais an Chomhaltais. Málaí féiríní ⁊ t-léinte do gach iarrthóir! Téama Laochra agus Bithiúnaigh ann (Moltar culaith a chaitheamh, ach tá siad roghnach) agus duaiseanna le baint do na cultacha is fearr!
FOLLIES le cur i láthair ag Cumann Ceoil Ollscoil na Gaillimhe (GUMS)
Beidh ceoldráma bliantúil GUMS ar siúl in Amharclann an Black Box ón 3 go dtí an 7 Feabhra. Ticéid ar fáil ANSEO.
An bhful suim agat obair dheonach a dhéanamh?
Buail isteach ar sheastán ALIVE ag an Aonach Athnuachana Dé Céadaoin an 21 Eanáir chun tuilleadh a fháil amach faoi dheiseanna iontacha obair dheonach a dhéanamh. Buail le mic léinn eile ar oibrithe deonacha iad, faigh eolas faoin dóigh le hiarratas a dhéanamh ar Ghradam an Uachtaráin don Obair Dheonach agus cuir isteach ar chrannchur chun mála bronntanais a bhuachan!
Ar mhaith leat a bheith páirteach i Líonra ENLIGHT na Mac Léinn?
Dúnann iarratais ar an bpost íoctha mar Ionadaí Líonra Mac Léinn ENLIGHT don Ollscoil amárach, Dé hAoine an 16 Eanáir. Tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le ENLIGHTSNGalway@universityofgalway.ie nó féachaint ANSEO.
Ranganna Ióga ar Díol
Beidh ranganna ióga do bhaill foirne agus do mhic léinn ar siúl ón Mháirt an 20 Eanáir go dtí an Aoine an 27Feabhra. agus ní bheidh ach €24 orthu do mhic léinn. Tuilleadh eolais agus clárúchán ANSEO.
Scoláireachtaí PhD Hardiman
Tá scéim Scoláireachtaí PhD Hardiman 2026 oscailte do mhic léinn PhD ‘nua’. Maoinítear na scoláireachtaí go hiomlán go ceann ceithre bliana. Íoctar liúntas €25,000 in aghaidh na bliana, chomh maith leis na táillí teagaisc do na ceithre bliana. Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 6 Feabhra. Tuilleadh eolais ANSEO.
Spriocdháta do Ghradaim Fochéimithe na Bliana: 2 Feabhra 2026
Déanann Gradaim Fochéimithe na Bliana ceiliúradh ar thallann na bhfochéimithe is fearr agus is éirimiúla in Éirinn. Tá 9 gcatagóir éagsúla ann agus áirítear ar na duaiseanna bliain socrúcháin, róil iarchéime agus bronntanais bhrandáilte. Tuilleadh eolais ANSEO.
An mbíonn pian boilg ort a bhaineann le galar athlasta putóige (IBD) nó le siondróm putóige greannaithí (IBS)? Nó an duine sláintiúil thú agus suim agat do chion féin a dhéanamh ar son taighde cliniciúil?
Cuireann mac léinn PhD, Rebecca Lane fáilte romhat a bheith páirteach i staidéar cliniciúil ina scrúdófar an chaoi a bhféadfadh míocróib putóige agus córas an choirp féin atá “mar a bheadh cannabas ann” dul i bhfeidhm ar phian boilg. Faigh tuilleadh eolais ANSEO.
Cuir Cara (nó tú féin) chun Tosaigh!
Más mheasann tú gur mhaith leat seasamh don toghchán, nó má tá cara agat a bheadh ina Oifigeach Comhaltais iontach, seo é an deis chun daoine a chur chun tosaigh ANSEO. Ainmnigh cara lena chur in iúl dó a iontaí atá siad, dar leat!
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)