Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO
For the most up to date news and info on all Students’ Union committees, join our WhatsApp community HERE.
SHAG Week Continues today Thurs 7th Nov
- 13:00-15:00 Free Rapid HIV and Syphilis testing with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed just turn up.
- 20:00 Gays and Dolls Night LGBTQ+ night at Sult. DJs, Drag Queens and Dancing! €3 Tickets available HERE.
- Get FREE condoms + lube from SU Office (while stocks last)
- Book your FREE STI Test with the Student Health Unit on 091 494 337
- Order your free at home STI Test (if you have no symptoms) online HERE.
An tSeachtain Ghaelach
Inniu Déardaoin 7 Samhain | Today Thursday 7th November
10:30-11:30 Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta (Large Acoustic Room, Áras na Mac Léinn) Ticéid €2 ANSEO
Dé Luain 11 Samhain | Monday 11th November
10:00-12:30 Maidin Amhranaíochta (Caifé na Gaeilge)
13:00-14:00 Sláine le hÁine Sheehan ar Flirt FM 101.3
Dé Máirt 12 Samhain | Tuesday 12th November
07:30 Coldvember i Bóthar na Trá
11:00-15:00 Tobshiopa Carthanachta le Clann Shíomóin (The Cube, Áras na Mac Léinn)
12:00 Comórtas le duaiseanna leis an gCumann Gaelach (Áras na Gaeilge)
13:00-14:00 Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Rónán Ó Conghaile. Ticéid €2 ANSEO. (Large Acoustic Room, Áras na Mac Léinn)
13:00-14:00 Ár gCluiche Gael le David Lynch ar Flirt FM 101.3
15:00-16:00 Ceardlann dearaidh maisc leis an gCumann Drámaíochta (Caifé na Gaeilge)
20:00-23:00 Pop-up Gaeltacht le TradSoc (The Crane Bar)
Dé Céadaoin 13 Samhain | Wednesday 13th November
13:00-14:00 Tuairisc le Raidió na Life Flirt FM 101.3
14:00-15:00 Rogha Bhríde / Take It or Leave It le Bríd Ní Mhaoileoin / Fionn Ó Cualáin Flirt FM 101.3
14:00-16:00 Ceardlann filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha. Ticéid €2 ANSEO. (Meeting Room 1 + 2, Áras na Mac Léinn)
20:00 Trath na gCeist Stem as Gaeilge i Carrolls. €20 ar bhord do cheathrar. Airgead á bhailiú ar son na Pailistíne.
20:30-22:00 Pólca 4 i Sult. Ticéid €10 ANSEO.
Déardaoin 14 Samhain | Thursday 14th November
11:00 Daidí na Nollag Oifig Comhaltas na Mac Léinn
12:00 Paul Belton i Sult
13:00-14:00 Deich le Mary Tynan ar Flirt FM 101.3
Dé hAoine 15 Samhain | Friday 14th November
13:00-14:00 Eachtraí Eilís le Eilís Ní Bhroin ar Flirt FM 101.3
Tuilleadh eolais ar fail ó | More info from su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie
Attention Swifties!
Join us and Swiftie Soc for: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition. €5 Tickets on sale HERE NOW! Dress as your favourite era. All proceeds go to the SU Charities: Galway Rape Crisis Centre and Galway Autism Partnership.
Sin is a student news outlet operated by the University of Galway Students’ Union. It includes a mix of campus news, features, sport and reviews. The Editor will be responsible for recruiting a team of volunteer student writers to contribute relevant content for Sin.ie. The Sin Editor will be a self-starter with experience of working well with others. Remuneration €275 (gross) per week in term time. Applications by email only to: chris.newell@universityofgalway.ie. Closing date: 5pm Tues 12th Nov 2024. More info HERE.
Upcoming Class Reps Meetings
Thurs 7th Nov | 6pm-7pm | Postgraduate Council | AC201 |
Mon 11th Nov | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3 | AMB-1021 Colm OHeocha Theatre Arts Millennium |
More info from Tom on su.education@universityofgalway.ie
Pop Up Charity Shop on Tuesday
Pop Up Second Hand Clothes Shop with Galway Simon Community 11:00-15:00 Tues 12th Nov in The Cube, downstairs in Áras na Mac Léinn.
Students’ Union Pantry
Spéir will be open tomorrow Fri 8th Nov at 2pm and 3.30pm.Registration closes 5pm today Thurs 7th Nov. Apply for your slot on YourSpace HERE.
HEA Student Accommodation Survey
The Higher Education Authority survey on Student Accommodation collects data on students’ experience in finding accommodation, their preferences and level of satisfaction with their accommodation, as well as commuting patterns etc. The aim of this survey is to gather data to inform Government policy in relation to student accommodation, increase the supply of student accommodation and to examine alternative solutions that will remove accommodation as a barrier to accessing higher education. The survey HERE only takes 5 minutes to complete and you could win one of 10 €100 One4all vouchers.
Pink Training is one of Europe’s largest LGBTQ+ conferences which sees over 300 delegates attend a weekend of residential training Fri 29th Nov to Sun 1st Dec at University of Galway. With talks, workshops and plenary sessions, Pink Training is about all things LGBTQ+, as well as activism, mental health, campaigning, leadership, and the diversity of our community. For an opportunity to join the University of Galway delegation at Pink Training please fill out the expression of interest form HERE by 12pm tomorrow Fri 8th Nov.
Vaping and Cannabis (THC/HHC)
Join for this online free info session on vaping and cannabis (THC/HHC) 11.30am Weds 13th Nov HERE.
Mental Health Matters Monday
Join Mental Health Reform and the University of Galway 5.30pm-6.30pm Mon 11th Nov for a free, info seminar on the Mental Health Bill 2024. Register HERE. This will be followed by a one-hour hustings starting at 6.45pm with some of your local General Election Candidates on what they will do to improve mental health services and supports if elected. Tea/coffee will be served. Feel free to send questions/queries to Ber Grogan at bgrogan@mentalhealthreform.ie
First Years Freshers’ Point
1st Year Freshers’ Point 12pm-2pm Weds 13th Nov in Meeting Room 1, Áras na Mac Léinn. Free hot drinks, board games and space to chill out and chat.
Winter Conferring
Winter 2024 Conferring Ceremony Schedule is now available HERE. Any queries contact conferring@universityofgalway.ie
Solidarity with Palestine + Lebanon
Join University of Galway staff 1pm-2pm every Wednesday on University Road (Quad entrance to campus) to show solidarity with the people of Palestine and Lebanon. All welcome.
Webinar: Sustainable management of water, aquatic ecosystems and marine resources
Join this online webinar 1pm-2pm Tues 12th Nov HERE and dip your toes in research related to SDG6 (Clean Water and Sanitation) and SDG14 (Life Below Water). This webinar will also feature the launch of the Sustainability Engagement Fund which is available to staff and students with grants ranging from €1,000 – €2,000. The Fund will support engagement activities on key sustainability issues, focussing this year on SDG6 and SDG14. See here for further information.
Surf Club Gig
The Surf Club Gig is on 9pm Weds 13th Nov in The Loft. Echo Chamber, Radiator and Cur Dogs will be serenading you all night long. This is not one to miss, the craic will be 90! Get your tickets here!
Get Tested 1pm-3pm Today
Free Rapid HIV and Syphilis testing with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn 1pm-3pm today Thurs 7th Nov. No appointment needed just turn up.
Pólca 4
Pólca 4 i Sult 20:30-22:00 Dé Céadaoin 13 Samhain. Ticéid €10 ANSEO.
Success Quiz – Prizes to be won!
Take a minute to complete the University Success quiz HERE and you could win prizes like a €100 SU Card, 2 x tickets to the Ball of your choice, a pizza party for 4 at Sult or University of Galway merch! Closing date 5pm TOMORROW Fri 8th Nov.
Drug & Alcohol Awareness Week
The Western Region Drug & Alcohol Task Force are holding their annual Regional Drug & Alcohol Awareness Week 11th-15th November. They’re running a range of events on various drug & alcohol related topics across the week. More info HERE.
Contact Us / Déan teagmháil linn
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) and X (Twitter)
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. / Welcome to your weekly email from your Students’ Union. Tá fáil ar an leagan Béarla ANSEO
Leis an nuacht agus eolas is déanaí a fháil maidir le coistí Chomhaltas na Mac Léinn, cláraigh lenár bpobal WhatsApp ANSEO.
Seachtain SHAG ag leanúint ar aghaidh inniu, Déardaoin, an 7 Samhain
- 13:00-15:00 Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat, níl ort ach a bheith ann.
- 20:00 Oíche LADTA+ Gays and Dolls ag Sult. DJanna, Draig-ríonacha agus Damhsa! €3. Ticéid ar fáil ANSEO.
- Coiscíní agus bealadh ar fáil SAOR IN AISCE ó Oifig Chomhaltas na Mac Léinn (méid teoranta)
- Cuir do Thástáil STI SAOR IN AISCE in áirithe le hAonad Sláinte na Mac Léinn ar 091 494 337
- Is féidir do thástáil bhaile STI saor in aisce a ordú (mura bhfuil aon siomptóim ort) ANSEO.
An tSeachtain Ghaelach
Inniu, Déardaoin, an 7 Samhain
10:30-11:30 Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta (Seomra Mór Fuaimiúil, Áras na Mac Léinn) €2 ANSEO
Dé Luain, an 11 Samhain
10:00-12:30 Maidin Amhranaíochta (Caifé na Gaeilge)
13:00-14:00 Sláine le hÁine Sheehan ar Flirt FM 101.3
Dé Máirt, an 12 Samhain
07:30 Coldvember i mBóthar na Trá
11:00-15:00 Tobshiopa Carthanachta le Clann Shíomóin (The Cube, Áras na Mac Léinn)
12:00 Comórtas le duaiseanna leis an gCumann Gaelach (Áras na Gaeilge)
13:00-14:00 Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Rónán Ó Conghaile. Ticéid €2 ANSEO. (An Fuaimsheomra Mór, Áras na Mac Léinn)
13:00-14:00 Ár gCluiche Gael le David Lynch ar Flirt FM 101.3
15:00-16:00 Ceardlann dearaidh maisc leis an gCumann Drámaíochta (Caifé na Gaeilge)
20:00-23:00 Pop-up Gaeltacht le TradSoc (Beár The Crane)
Dé Céadaoin, an 13 Samhain
13:00-14:00 Tuairisc le Raidió na Life Flirt FM 101.3
14:00-15:00 Rogha Bhríde / Take It or Leave It le Bríd Ní Mhaoileoin / Fionn Ó Cualáin Flirt FM 101.3
14:00-16:00 Ceardlann filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha. Ticéid €2 ANSEO. (Seomraí Cruinnithe 1 + 2, Áras na Mac Léinn)
20:00 Trath na gCeist Stem as Gaeilge in Carrolls. €20 ar bhord do cheathrar. Airgead á bhailiú ar son na Pailistíne.
20:30-22:00 Pólca 4 i Sult. Ticéid €10 ANSEO.
Déardaoin, an 14 Samhain
11:00 Daidí na Nollag Oifig Comhaltas na Mac Léinn
12:00 Paul Belton i Sult
13:00-14:00 Deich le Mary Tynan ar Flirt FM 101.3
Dé hAoine, an 15 Samhain
13:00-14:00 Eachtraí Eilís le hEilís Ní Bhroin ar Flirt FM 101.3
Tuilleadh eolais ar fail ó su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie
Ar aire, a Swifties!
Bígí linn agus le Swiftie Soc le haghaidh: Sult (Taylor’s Version) Eras Edition. €5. Ticéid ar díol ANSEO ANOIS! Déan tú féin a ghléasadh suas mar an ré is fearr leat. Tabharfar an t-airgead ar fad do na carthanais is rogha leis an gComhaltas: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe.
Táimid ag earcú: Eagarthóir Sin
Is áisíneacht nuachta do mhic léinn é Sin atá á oibriú ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Bíonn meascán de nuacht champais, gnéithe, spórt agus léirmheasanna ann. Beidh an tEagarthóir freagrach as foireann scríbhneoirí deonacha mic léinn a earcú chun ábhar ábhartha a chur ar fáil do Sin.ie. Beidh an tEagarthóir in ann gníomhú as a stuaim féin agus taithí aige nó aici ar oibriú go maith le daoine eile. Luach saothair €275 (comhlán) in aghaidh na seachtaine i rith an téarma. Iarratais tríd an ríomhphost amháin chuig: chris.newell@universityofgalway.ie. An spriocam: 5pm, Dé Máirt, an 12 Samhain 2024. Tuilleadh eolais ANSEO.
Cruinnithe d’Ionadaithe Ranga
Déa 7 Sam | 6pm-7pm | Comhairle na nIarchéimithe | AC201 |
Lua 11 Sam | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3 | AMB-1021 Léachtlann Choilm Uí Eocha, Áras Dán na Mílaoise |
Tuilleadh eolais ó Tom ag su.education@universityofgalway.ie.
Tobshiopa Carthanachta, Dé Máirt
Tobshiopa éadaí athláimhe i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe, 11:00-15:00, Dé Máirt, an 12 Samhain sa Chiúb, thíos staighre in Áras na Mac Léinn.
Landair Chomhaltas na Mac Léinn
Beidh Spéir ar oscailt amárach, Dé hAoine, an 8 Samhain ag 2pm agus 3:30pm.Dúnfar an clárúchán ag 5pm inniu, Déardaoin, an 7 Samhain. Cuir isteach ar do shliotán ar YourSpace ANSEO.
Suirbhé an Údaráis um Ard-Oideachas maidir le Cóiríocht do Mhic Léinn
Bailíonn suirbhé an Údaráis um Ard-Oideachas maidir le Cóiríocht do Mhic Léinn sonraí ar cén chaoi ar éirigh le mic léinn cóiríocht a aimsiú, na roghanna atá acu agus cé chomh sásta is atá siad anois leis an gcóiríocht a fuair siad, chomh maith le patrúin chomaitéireachta, srl. Is é is aidhm leis an suirbhé seo ná sonraí a bhailiú le bonn eolais a chur faoi bheartas an Rialtais maidir leis an gcóiríocht do mhic léinn, soláthar cóiríochta do mhic léinn a mhéadú agus breathnú ar bhealaí eile a bhféadfaí cúrsaí a fheabhsú le nach mbeadh an chóiríocht ina bac ar rochtain ar ardoideachas a thuilleadh. Ní thógfaidh sé ach 5 nóiméad ort an suirbhé a chomhlánú ANSEO agus d’fhéadfá ceann de 10 ndearbhán €100 One4all a bhuachan.
Clárú le haghaidh na hOiliúna Bándeirge
Tá an Oiliúint Bhándearg ar cheann de na comhdhálacha LADTA+ is mó san Eoraip, ina bhfreastalaíonn breis is 300 toscaire ar dheireadh seachtaine oiliúna cónaithe. Dé hAoine, an 29 Samhain go dtí Dé Domhnaigh, an 1 Nollaig in Ollscoil na Gaillimhe. Lán le cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha, baineann an Oiliúint Bhándearg le cúrsaí uile LADTA+, chomh maith le gníomhaíochas, meabhairshláinte, feachtasaíocht, ceannaireacht, agus éagsúlacht ár bpobail. Le deis a bheith agat a bheith ar thoscaireacht Ollscoil na Gaillimhe ag an Oiliúint Bhándearg, comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise ANSEO faoi 12pm amárach, Dé hAoine, an 8 Samhain.
Vápáil agus Raithneach (THC/HHC)
Bí páirteach sa seisiún faisnéise ar líne saor in aisce seo maidir leis an Vápáil agus Raithneach (THC/HHC) 11:30am, Dé Céadaoin, an 13 Samhain ANSEO.
Cúrsaí Meabhairshláinte an Luain
Bí le Mental Health Reform agus Ollscoil na Gaillimhe 5:30pm-6:30pm, Dé Luain, an 11 Samhain le haghaidh seimineár faisnéise saor in aisce ar an mBille Meabhair-Shláinte, 2024. Cláraigh ANSEO. Beidh seisiún toghchánaíochta uair an chloig ina dhiaidh sin ag 6.45pm le cuid de na hiarrthóirí áitiúla Dála, áit a labhróidh siad faoina ndéanfaidh siad le seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú má thoghtar iad. Beidh tae/caife ar fáil. Ná bíodh drogall ort ceisteanna a chur chuig Ber Grogan ag bgrogan@mentalhealthreform.ie
Pointe na bhFreisear
Pointe na bhFreisear do mhic léinn na chéad bhliana, 12pm-2pm, Dé Céadaoin, an 13 Samhain i Seomra Cruinnithe 1, Áras na Mac Léinn. Beidh neart deochanna te saor in aisce, cluichí boird agus go leor spáis le scíth a ligean agus comhrá a dhéanamh.
Searmanais Bhronnta an Gheimhridh
Tá sceideal Shearmanais Bhronnta an Gheimhridh, 2024 ar fáil anois ANSEO. Déan teagmháil le conferring@universityofgalway.ie má bhíonn ceist ar bith agat.
Dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín agus leis an Liobáin
Bí i dteannta fhoireann Ollscoil na Gaillimhe 1pm-2pm gach Céadaoin ar Bhóthar na hOllscoile (an bealach isteach ag an gCearnóg) le dlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne agus na Liobáine a chur in iúl. Fáilte roimh chách.
Seimineár Gréasáin: Bainistíocht inbhuanaithe ar uisce, éiceachórais uisceacha agus acmhainní muirí
Glac páirt sa seimineár gréasáin ar líne seo 1pm-2pm, Dé Máirt, an 12 Samhain ANSEO agus faigh blaiseadh de thaighde a bhaineann le SDG6 (Uisce Glan agus Sláintíocht) agus SDG14 (An Saol Faoi Uisce). Tá an Ciste Rannpháirtíochta Inbhuanaitheachta le seoladh mar chuid den seimineár freisin, ar ciste é ar féidir le baill foirne agus mhic léinn deontais idir €1,000 – €2,000 a fháil uaidh. Tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta ar phríomh-shaincheisteanna inbhuanaitheachta, agus béim ar leith i mbliana ar SDG6 agus SDG14. Breathnaigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.
Gig an Chlub Surfála
Beidh Gig an Chlub Surfála ar siúl ag 9pm, Dé Céadaoin, an 13 Samhain sa Loft. Beidh Echo Chamber, Radiator agus Cur Dogs ag cur ceiliúr ceoil ort ar an oíche. Ná caill amach, beidh an-chraic go deo againn! Ticéid ar fáil anseo!
Faigh Tástáil 1pm-3pm Inniu
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair. Ar siúl 1pm-3pm INNIU, Déardaoin, an 7 Samhain sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat, níl ort ach a bheith ann.
Pólca 4
Pólca 4 i Sult 20:30-22:00 Dé Céadaoin, an 13 Samhain. Ticéid €10 ANSEO.
Quiz Ratha – Duaiseanna le buachan!
Ní thógfaidh sé ach nóiméad ort Quiz Ratha na hOllscoile a líonadh ANSEO agus beidh deis agat duaiseanna a bhuachan: Cárta €100 ón gComhaltas, 2 thicéad chuig an mBál is rogha leat féin, féasta pizza do cheathrar ag Sult nó earraí de chuid Ollscoil na Gaillimhe! 5pm, AMÁRACH, Dé hAoine, an 8 Samhain an spriocam.
An tSeachtain Feasachta ar Dhrugaí agus Alcól
Tá Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair chun an tSeachtain Feasachta Réigiúnach ar Dhrugaí agus Alcól a reáchtáil ón 11 Samhain go dtí an 15 Samhain. Beidh raon imeachtaí ar siúl ar ábhair éagsúla a bhaineann le drugaí agus alcól. Tuilleadh eolais ANSEO.
Déan Teagmháil Linn / Contact Us
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost: studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘is maith liom’ a thabhairt dúinn agus muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su) agus X (Twitter)