Cárta an Chomhaltais
Bíodh neart seirbhísí ar bharra do mhéar agat le cuntas ó Chomhaltas na Mac Léinn.
Le do chárta a chlárú, téigh chuig leathanach an Chomhaltais ar Yourspace.
MAC LÉINN / BALL FOIRNE de chuid Ollscoil na Gaillimhe
Tabharfar chuig leathanach Yourspace thú, áit a n‑iarrfar ort d’aitheantas mic léinn/foirne agus do phasfhocal a chur isteach. Seo é an pasfhocal céanna a úsáideann tú le logáil isteach sna Seomraí Ríomhairí, in WiFi Eduroam, in Blackboard agus i gCórais na Leabharlainne.
ALUMNUS / DUINE NACH MAC LÉINN
Mura mac léinn ná ball foirne de chuid Ollscoil na Gaillimhe thú, is féidir leat logáil isteach i do chuntas mar seo. Seans go mbeidh ar roinnt baill foirne de chuid Ollscoil na Gaillimhe logáil isteach ar an gcaoi seo chomh maith (más rud é gur bhain tú úsáid as do sheoladh ríomhphoist le logáil isteach cheana).
Fadhbanna ag logáil isteach?
Mura mac léinn lánchláraithe thú, seans nach bhfuil do chuntas ISS i ngníomh go fóill agus ní bheidh tú in ann logáil isteach dá bhrí sin. A luaithe a bheidh tú cláraithe/a bheidh do chuntas i ngníomh agat, beidh tú in ann logáil isteach.
Read MoreIs ionann do phasfhocal Edugate agus an pasfhocal a úsáideann tú le logáil isteach i Seomraí Ríomhairí, in WiFi Ollscoil na Gaillimhe, in Blackboard, i gCórais na Leabharlainne agus in StaffMail. Más rud é nach cuimhin leat/nach eol duit do phasfhocal, ba cheart duit dul go https://cass.nuigalway.ie/ agus cliceáil ar an nasc Pasfhocal dearmadta.
Mura mac léinn/ball foirne thú nó más rud é gur bhain tú céim amach tamall maith ó shin, ba cheart duit iarraidh ar Chomhaltas na Mac Léinn aoichuntas a chruthú duit ar Yourspace.
Má bhíonn fadhbanna fós agat, déan teagmháil linn agus beidh muid sásta cabhrú leat.