Bíonn an Tobhach Mic Léinn iníoctha ag gach mac léinn.
Tugadh isteach den chéad uair é siar in 1997 le tógáil Áras na Mac Léinn a mhaoiniú agus cuireadh leis le himeacht ama le seirbhísí mic léinn eile a mhaoiniú. I mí Aibreáin 2021, vótáil na mic léinn ar son an Tobhach Mic Léinn a laghdú ó €224 in aghaidh na bliana go €140 in aghaidh na bliana. Leithdháiltear an tobhach mar seo a leanas:
-
-
-
Comhaltas na Mac Léinn €40.00
-
Aonad Sláinte na Mac Léinn €22.00
-
-
-
Ciste Tionscadal na Mac Léinn €5.00
-
Iomlán: €140.00 Úsáidtear an Tobhach Mic Léinn leis na seirbhísí thuasluaite a mhaoiniú toisc nach leor an maoiniú a fhaigheann siad ón Ollscoil. Is í Ollscoil na Gaillimhe an t‑aon choláiste tríú leibhéal sa tír a éilíonn ar a cuid mac léinn fóirdheonú a dhéanamh ar sheirbhísí atá maoinithe go lárnach i ngach coláiste eile. Caitheann Comhaltas na Mac Léinn dúthracht lena chinntiú go gcuirtear seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil do mhic léinn. Más mian leat eolas a chur ar shaothar Chomhaltas na Mac Léinn, lean ar na meáin shóisialta muid.