Welcome to your weekly email from your Students’ Union
Happy Christmas Day!
Join us at Sult from 10.30am today Thurs 12 Nov for our Christmas Day Blowout! Free entry, DJ, Cheesy Christmas Tunes, Steins, Christmas Jumper Competition, Christmas Spice Boxes and lots of festive cheer all day!
Clean Up Tomorrow
We’re arranging a post-Christmas Day clean up at 12pm tomorrow Fri 13 Nov. We’ll be meeting at the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn. Gloves and litter pickers will be provided – make sure to dress for the Galway weather!
Take Me Out Audience Tickets Selling Fast!
Take Me Out the live dating show is back at Sult on Tues 17 Nov hosted by comedian Steve Bennett and starring your fellow University of Galway students. Get your ticket HERE.
Pink Training
We will be hosting AMLÉ Pink Training Fri 27 to Sun 29 November. Pink Training is Europe’s largest LGBTQIA+ Training and networking event for third-level students. It’s a space where students come together to share their experiences, learn from others, and participate in workshops on LGBTQI+ issues, rights, and activism. Deadline to apply for a space HERE is 5pm Tues 17 Nov. Lunch and dinner will be provided. As spaces are limited please only apply if you can attend the whole weekend.
Thriftmas Market Trader Call Out
Our Thriftmas Market is back 11am-3pm Mon 30 Nov. If you have your own business/side hustle get in touch as we’ve a limited number of University of Galway student stalls available at the event. Email joanna.brophy@universityofgalway.ie
Class Rep Hoodies have arrived!
If you are a registered Class Rep call in to the Students’ Union Office to collect your Class Rep hoodie but please make sure to complete the online Class Rep Training module on YourSpace first!
Exam Timetables out 12pm today
Semester 1 exams run from Mon 7 to Fri 18 Dec. Exam timetables will be released 12pm today Thurs 12 Nov HERE. Please make sure you check your timetable carefully and if any of your subjects are missing contact your lecturer ASAP.
Free Breakfast
Did you know you can get free porridge when you buy any hot drink in Sult or Smokey’s Café using your SU Card? Available while stocks last each morning!
Drug & Alcohol Support Drop In Clinic
If you’re concerned about a family member’s/friend’s alcohol or drug use, or if you would like to know about supports for your own alcohol/drug use, you can avail of free & confidential support from a support worker from the Western Region Drug and Alcohol Task Force 2pm-4pm Tuesday 24 November in the Students’ Union Office.
Free Rapid HIV and Syphilis Testing
Get tested for free 1pm-3pm Thursday 26 November with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Need help with your subjects?
- SUMS is a free drop-in Mathematics and Statistics support center for Undergrad students.
- TheAcademic Writing Centre offers free one-on-one tutorials on essay writing for students.
- ComputerDISC is a free resource for students enrolled in computer programming or software development courses.
- The Academic Skills Hub aims to support students to develop key skills for academic success.
- The Grinds Register on YourSpace is where you can find people to help you with your subjects.
Students with Care Experience
The University are looking for students with care experience and kinship care experience to take part in a study about their journey to higher education and experiences at university. Interviews can be online or in person and are completely confidential. There’s a small compensation for sharing your time. Email ciara.gunning@universityofgalway.ie to find out more or to arrange to take part.
Academic Skills Library Workshops: Supports for Assignments and Exams
Learn to Cite, Reference, Use End Note, Find Books and Articles. Sign up for sessions HERE.
Race Equality eLearning Programme for Students
The University has launched a new Race Equality eLearning Programme for students. Developed to support a diverse, inclusive and anti-racist campus community, the programme explores key topics including race equality, anti-racism, respectful communication, and available support pathways. Access the programme here.
Academic Writing Centre Group Workshops, In Person, Nov 16 & 24
The workshop is suitable for all students working on an assignment or a longer project. It was designed for those who prefer to get advice in a group setting or who cannot come to the AWC during the usual opening hours. Sign up for sessions HERE.
Student-led Conference: Creating a European University – based on principles of Renewable Energy and Circular Economy!
The ENLIGHT Student Network are looking for applications from students who would like to host a workshop at the ENLIGHT Conference in the University of Groningen in the Netherlands 5–7 March 2027. Before applying please contact enlightSNgalway@universityofgalway.ie and then register:here
Sign up to take part in developing Stop Vaping services in Ireland
We are inviting people who vape and/or use nicotine pouches to help shape the development of a new Stop Vaping service. Participants will get a €30 voucher. Sign up to take part HERE.
Democracy Education Survey
As part of a project proposal under the ERASMUS+ programme in the area of ‘Democracy education at universities in the context of social cohesion’, there’s a short survey HERE for you to complete to shareyour experiences and perceptions of democracy education at universities.
November SU Events
Click the link HERE to see some of what’s coming up this month (and there’s more to be added!).
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
______________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Lá Nollag sona duit!
Bí linn i Sult ó 10.30am inniu Déardaoin, an 12 Samhain dár bhféasta mar a bheadh Lá Nollag ann! Saorchead isteach, DJ, amhráin Nollag, crúiscíní beorach, Comórtas na nGeansaithe Nollag, Boscaí Spíosraí Nollag agus neart spraoi Nollaigiúil an lá ar fad!
Glantachán Amárach
Táimid ag eagrú glantacháin i ndiaidh an fhéasta mar a bheadh Lá Nollag ann ag 12pm amárach Dé hAoine, an 13 Samhain. Buailfimid le chéile ag Oifig Chomhaltas na Mac Léinn thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Cuirfear lámhainní agus piocadóirí bruscair ar fáil – bí cinnte go mbeidh tú gléasta don aimsir i nGaillimh!
Ticéid le bheith i lucht féachana Tóg Amach Mé ag díol go sciobtha!
Beidh an seó cleamhnais beo Tóg Amach Mé ar ais i Sult Dé Máirt, an 17 Samhain, á chur i láthair ag an bhfuirseoir Steve Bennett agus mic léinn eile de chuid Ollscoil na Gaillimhe ina réaltaí ann. Faigh do thicéad ANSEO.
Oiliúint Bhándearg
Beidh Oiliúint Bhándearg AMLÉ á reáchtáil againn ó Dé hAoine, an 27 Samhain go Dé Domhnaigh, an 29 Samhain. Is í Oiliúint Bhándearg an ócáid oiliúna agus líonraithe LADTIA+ is mó san Eoraip do mhic léinn tríú leibhéal. Is spás é ina dtagann mic léinn le chéile chun a dtaithí a roinnt, foghlaim ó dhaoine eile, agus páirt a ghlacadh i gceardlanna ar shaincheisteanna, cearta agus gníomhaíochas LADTIA+. Is é 5pm Dé Máirt, an 17 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar spás ANSEO. Cuirfear lón agus dinnéar ar fáil. Ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, ná déan iarratas ach má tá tú in ann freastal ar an deireadh seachtaine ar fad.
Glao ar Thrádálaithe le haghaidh Thíosmhargadh na Nollag
Beidh Tíosmhargadh na Nollag ar ais 11am-3pm, Dé Luain, an 30 Samhain. Má tá gnólacht nó fiontar beag agat, déan teagmháil linn mar tá líon teoranta seastán curtha ar leataobh againn do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe ag an imeacht. Seol ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie
Tá Húdaithe na nIonadaithe Ranga istigh!
Más Ionadaí Ranga cláraithe thú, buail isteach chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn chun do húdaí Ionadaí Ranga a bhailiú ach déan cinnte go gcríochnóidh tú an Modúl Oiliúna d’Ionadaithe Ranga ar líne ar YourSpacear dtús!
Amchlár na Scrúduithe le foilsiú 12pm inniu
Beidh scrúduithe Sheimeastar 1 ar siúl ó Dé Luain, an 7 Nollaig go Dé hAoine, an 18 Nollaig. Foilseofar Amchlár na Scrúduithe ag 12pm inniu, Déardaoin, an 12 Samhain. Beidh sé ar fáil ANSEO. Déan cinnte an t-amchlár a sheiceáil go cúramach. Má bhíonn ceann ar bith de d’ábhair fágtha ar lár, déan teagmháil le do léachtóir gan mhoill.
Bricfeasta Saor in Aisce
An raibh a fhios agat gur féidir leat leite saor in aisce a fháil nuair a cheannaíonn tú aon deoch te i Sult nó i gCaifé Smokey le do Chárta Comhaltais? Ar fáil gach maidin fad is a mhaireann an stoc!
Clinic Tacaíochta Buail Isteach um Dhrugaí agus Alcól
Má tá imní ort faoi úsáid alcóil nó drugaí ag ball teaghlaigh/cara, nó más mian leat eolas a fháil faoi thacaíochtaí maidir leis an úsáid a bhaineann tú féin as alcól nó drugaí, is féidir tacaíocht saor in aisce agus rúnda a fháil ó oibrí tacaíochta de chuid Thascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair idir 2pm agus 4pm Dé Máirt, an 24 Samhain in Oifig an Chomhaltais.
Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí
Faigh tástáil saor in aisce Déardaoin, an 26 Samhain idir 1pm agus 3pm le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Cabhair uait le d’ábhair?
- Is ionad tacaíochta Matamaitice agus Staidrimh buail isteach saor in aisce é SUMS do mhic léinn fochéime.
- Cuireannan tIonad don Scríbhneoireacht Acadúil ranganna teagaisc duine le duine saor in aisce ar fáil do mhic léinn maidir le haistí a scríobh.
- Is acmhainn saor in aisce é ComputerDISC do mhic léinn atá cláraithe ar chúrsaí ríomhchlárúcháin nó cúrsaí forbartha bogearraí.
- Tá sé mar aidhm ag an Mol Scileanna Acadúla tacú le mic léinn na príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn le haghaidh rath acadúil.
- Is é an Clár Diancheachtanna ar YourSpace an áit ar féidir leat teacht ar dhaoine le cabhrú leat le d’ábhair.
Mic Léinn a bhfuil Taithí ar Chúram acu
Tá an Ollscoil ag lorg mic léinn a bhfuil taithí ar chúram agus taithí ar chúram gaolta acu chun páirt a ghlacadh i staidéar faoina n-aistear chuig an ardoideachas agus a dtaithí san ollscoil. Is féidir agallaimh a bheith ar líne nó ar an láthair, agus iad go hiomlán rúnda. Beidh rud beag ag dul duit mar chúiteamh ar do chuid ama. Seol ríomhphost chuig ciara.gunning@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil nó le socrú a dhéanamh chun páirt a ghlacadh.
Ceardlanna Leabharlainne ar Scileanna Acadúla: Tacaíochtaí le haghaidh Tascanna agus Scrúduithe
Foghlaim conas foinsí a lua, tagairt a dhéanamh, EndNote a úsáid, agus leabhair agus ailt a aimsiú. Cláraigh le haghaidh seisiúnANSEO.
Clár Ríomhfhoghlama um Chomhionannas Ciníocha do Mhic Léinn
Tá Clár Ríomhfhoghlama nua um Chomhionannas Ciníocha seolta ag an Ollscoil do mhic léinn. Forbraíodh an clár chun tacú le pobal campais éagsúil, ionchuimsitheach atá i gcoinne an chiníochais, agus déanann sé iniúchadh ar phríomhábhair lena n-áirítear comhionannas ciníoch, frithchiníochas, cumarsáid mheasúil, agus na conairí tacaíochta atá ar fáil. Faigh rochtain ar an gclár anseo.
Ceardlanna Grúpa an Ionaid don Scríbhneoireacht Acadúil, ar an láthair, 16 & 24 Samhain
Tá an cheardlann oiriúnach do gach mac léinn atá ag obair ar thasc nó ar thionscadal fada. Ceapadh é seo dóibh siúd ar fearr leo comhairle a fháil mar ghrúpa nó nach féidir leo teacht chuig an Ionad don Scríbhneoireacht Acadúil le linn na ngnáthuaireanta oscailte. Cláraigh le haghaidh seisiúnANSEO.
Comhdháil faoi stiúir mac léinn: Ollscoil Eorpach a chruthú – bunaithe ar phrionsabail an Fhuinnimh In-athnuaite agus an Gheilleagair Chiorclaigh!
Tá Líonra Mac Léinn ENLIGHT ag lorg iarratas ó mhic léinn ar mhaith leo ceardlann a óstáil ag Comhdháil ENLIGHT in Ollscoil Groningen san Ísiltír ón 5 go dtí an 7 Márta 2027. Sula ndéanann tú iarratas, déan teagmháil leenlightSNgalway@universityofgalway.ie agus cláraigh ansin:anseo
Cláraigh le bheith páirteach i bhforbairt seirbhísí Cuir Deireadh leis an Vápáil in Éirinn
Táimid ag tabhairt cuiridh do dhaoine a bhíonn ag vápáil agus/nó ag úsáid spagaí nicitín chun cabhrú linn seirbhís nua Cuir Deireadh leis an Vápáil a fhorbairt. Gheobhaidh rannpháirtithe dearbhán €30. Cláraigh le páirt a ghlacadh ANSEO.
Suirbhé ar an Oideachas Daonlathais
Mar chuid de thogra tionscadail faoin gclár ERASMUS+ sa réimse ‘Oideachas daonlathais in ollscoileanna i gcomhthéacs an chomhtháthaithe shóisialta’, tá suirbhé gearr ANSEO le comhlánú agat chundo thaithí agus do thuairimí ar oideachas daonlathais in ollscoileanna a roinnt.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí na Samhna
Cliceáil an nasc ANSEO le cuid de na rudaí atá le teacht an mhí seo a fheiceáil (agus tá níos mó le cur leis!).
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, TikTok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)