Welcome to your weekly email from your Students’ Union
SHAG Week Continues Today Thurs 5 Nov
- 12pm Spin and Win! Answer questions on sexual health and spin the wheel to win! With Active* Consent + your SU around campus.
- 1pm-3pm Free Rapid HIV and Syphilis testing with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed just turn up.
- 8pm Rodeo Night at Sult. Get your cowboy hat and strap in for a wild ride! We’ve the Dicktator Rodeo p*nis in the Corrib Room. Free Entry and surprises!
Tomorrow Fri 6 Nov
- 12pm Freebie Friday
All Week
- Book your free STI Test with the Student Health Unit by phoning 091 494 337
- Free condoms + lube from SU Office
- Order your free at home STI Test (if you’ve no symptoms) at www.sh24.ie
List of SHAG Week Help + Advice Resources HERE.
Take Me Out Applications Close 5pm TODAY!
Take Me Out is back on Tues 17 Nov at Sult but first we need contestants! Take Me Out is a dating game for single people and it’s your chance to maybe find some romance and definitely have the craic all while raising funds for the SU Charities. If that sounds good to you apply HERE before 11pm Today Thurs 5 Nov.
Audience tickets will be on sale 9am Mon 9 Nov HERE.
Galway Simon Pop Up Shop on Monday
We have Galway Simon coming back for another Pop Up Shop 11am-3pm this Monday 9 November in The Cube. They’ll have lots of great pre-loved clothes and jewellery along with Christmas Jumpers just in time for a certain day!
SU Climate Crew Meetings are back!
The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Email Gergő Gyula at su.environment@universityofgalway.ie to get involved or come along to the next meeting 1pm Tues 10 Nov in Meeting Room 1 upstairs in Áras na Mac Léinn.
Winter Ólympics – Beer Drinking Competition
Get your team of four signed upHERE and arrive thirsty 5pm Weds 11 November at Sult!
Christmas Day Blowout at Sult
Join us at Sult from 10.30am Thurs 12 November for our Christmas Day Blowout! Free entry, DJ, Cheesy Christmas Tunes, Steins, Christmas Jumper Competition, Christmas Spice Box and lots of festive cheer all day!
Thriftmas Market Trader Call Out
Our annual Thriftmas Market is back 11am-3pm Monday 30 November. If you have your own business/side hustle get in touch as we’ve a limited number of University of Galway student stalls available at the event. Email joanna.brophy@universityofgalway.ie
Class Rep Meetings This Month
| Thurs 5 Nov | 6pm-7pm | Postgraduate Council | AC202 |
| Mon 9 Nov | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3 | O’Flaherty Theatre |
More info from Eimear on su.education@universityofgalway.ie
Get Tested Today
1pm-3pm today Thurs 5 Nov we have Free Rapid HIV and Syphilis testing with Sexual Health West in The Space upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed just turn up.
Galway Pulse’s Big Busk
Join Galway Pulse 7pm-10.30pm Tues 10 Nov at Sult for the Big Busk. There’ll be an open mic, raffle and live bands. Entry is free and the event is raising funds for The Irish Cancer Society and Galway Rape Crisis Centre.
Grinds Register
If you’re looking to get or give grinds in any subject we have a grinds register on YourSpace. Here you can find details of people available to give grinds or put your own advertisement up. More info HERE.
November SU Events
Click the link HERE to see some of what’s coming up this month (and there’s more to be added!).
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_____________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Seachtain SHAG ag leanúint ar aghaidh inniu, Déardaoin, an 5 Samhain
- 12pm Cas agus Buaigh! Freagair ceisteanna maidir leis an tsláinte ghnéis agus cas an roth le buachan! Le Active* Consent + Comhaltas na Mac Léinn timpeall an champais.
- 1pm-3pm Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat, níl ort ach a bheith ann.
- 8pm Oíche Róidió i Sult. Faigh do hata buachalla bó agus réitigh thú féin do mharcaíocht fhiáin! Tá b*d an Dicktator Rodeo againn i Seomra na Coiribe. Saorchead isteach agus neart féiríní!
Amárach, Dé hAoine, an 6 Samhain
- 12pm Aoine na nAiscíní
An tSeachtain ar Fad
- Cuir do Thástáil STI saor in aisce in áirithe le hAonad Sláinte na Mac Léinn ar 091 494 337
- Coiscíní agus bealadh saor in aisce ó Oifig Chomhaltas na Mac Léinn
- Ordaigh do thástáil STI saor in aisce don bhaile (ar chuntar nach bhfuil aon siomptóm ort) ag www.sh24.ie
Liosta Acmhainní Cabhrach + Comhairle Sheachtain SHAG ANSEO.
Iarratais le bheith ar Tóg Amach Mé le dúnadh ag 5pm INNIU!
Beidh Tóg Amach Mé ar ais Dé Máirt, an 17 Samhain i Sult, ach roimhe sin, teastaíonn iomaitheoirí uainn! Is cluiche é Tóg Amach Mé do dhaoine singile ina dtéann siad amach ar choinne. Seo do sheans b’fhéidir beagán rómánsaíochta a aimsiú agus an-chraic a bheith agat go cinnte, agus tú ag tiomsú airgid do Charthanachtaí an Chomhaltais ag an am céanna. Más suim leat é, déan iarratas ANSEO roimh 11pm inniu, Déardaoin, an 5 Samhain.
Beidh ticéid don lucht féachana ar díol ag 9am Dé Luain, an 9 Samhain ANSEO.
Tobshiopa Chlann Shíomóin na Gaillimhe Dé Luain
Beidh Clann Shíomóin na Gaillimhe ar ais le haghaidh Tobshiopa eile 11am-3pm Dé Luain seo, an 9 Samhain sa Chiúb. Beidh neart éadaí agus seodra athláimhe iontacha acu mar aon le Geansaithe Nollag díreach in am don lá mór!
Cruinnithe Chriú Aeráide an Chomhaltais ar ais!
Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Seol ríomhphost chuig Gergő Gyula ag su.environment@universityofgalway.ie le bheith páirteach nó tar chuig an gcéad chruinniú eile 1pm Dé Máirt, an 10 Samhain i Seomra Cruinnithe 1 thuas staighre in Áras na Mac Léinn.
Ólympics an Gheimhridh – Comórtas Óil Piontaí
Cláraigh d’fhoireann ceathrairANSEO agus bíodh tart ort nuair a thiocfaidh tú ag 5pm Dé Céadaoin, an 11 Samhain i Sult!
Féasta mar a bheadh Lá Nollag ann i Sult
Bí linn i Sult ó 10.30am Déardaoin, an 12 Samhain dár bhféasta mar a bheadh Lá Nollag ann! Saorchead isteach, DJ, amhráin Nollag maoithneacha, crúiscíní beorach, Comórtas na nGeansaithe Nollag, Bosca Spíosraí Nollag agus neart spraoi Nollaigiúil an lá ar fad!
Glao ar Thrádálaithe le haghaidh Thíosmhargadh na Nollag
Beidh Tíosmhargadh bliantúil na Nollag ar ais ó 11am go 3pm Dé Luain, an 30 Samhain. Má tá gnólacht nó fiontar beag agat, déan teagmháil linn mar tá líon teoranta seastán curtha ar leataobh againn do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe ag an ócáid. Cuir ríomhphost chuig joanna.brophy@universityofgalway.ie
Cruinnithe Ionadaithe Ranga an Mhí seo
| Déardaoin, an 5Samh | 6pm-7pm | Comhairle na nIarchéimithe | AC202 |
| Dé Luain, an 9Samh | 6pm-8pm | Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3 | Léachtlann Uí Fhlatharta |
Tuilleadh eolais ó Eimear ag su.education@universityofgalway.ie
Faigh Tástáil Inniu
Inniu, Déardaoin, an 5 Samhain idir 1pm agus 3pm, beidh Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat, níl ort ach a bheith ann.
Babhta Buscála Galway Pulse
Bí le Galway Pulse 7pm-10.30pm Dé Máirt, an 10 Samhain i Sult don Bhabhta Buscála. Beidh micreafón oscailte, crannchur agus bannaí ceoil beo ann. Saorchead isteach agus beifear ag bailiú airgid do Chumann Ailse na hÉireann agus d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú ag an ócáid.
An Clár Diancheachtanna
Más mian leat tabhairt faoi dhiancheachtanna (ceachtanna a dhéanamh nó a mhúineadh) in aon ábhar, tá clár diancheachtanna againn ar YourSpace. Ansin is féidir leat sonraí a fháil faoi dhaoine atá ar fáil chun diancheachtanna a chur ar fáil nó d’fhógra féin a chur in airde. Tuilleadh eolais ANSEO.
Imeachtaí an Chomhaltais i mí na Samhna
Cliceáil an nasc ANSEO le cuid de na rudaí atá le teacht an mhí seo a fheiceáil (agus tá níos mó le cur leis!).
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)