Welcome to your last weekly email of the year from your Students’ Union – thanks for reading!
Locker Key Return Deadline Fri 8 May
The deadline to return your locker key is 5pm Friday 8 May. Please return your locker key to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn (you can leave the lock on your locker!). Items left in lockers after the deadline will be recycled, donated to charity or disposed of.
Bank Holiday on Monday
This Monday 4 May is a Bank Holiday so the SU Office, Cloakroom, Síbín, Spéir, Smokey’s Café and Sult will all be closed. The SU Shop will be open 10am-3pm and the library and reading room will be open. Spéir will be open Weds 6 May instead + Fri 8 May as usual.
Are you registered to vote?
Today is National Voter Registration Day. The deadline to register to vote in the upcoming Galway West By Election is Tues 5 May. You can register to vote or update your details online at www.checktheregister.ie
Summer Lockers
€10 summer lockers will go on sale 10am Weds 13May on YourSpaceHERE. 2026/27 lockers will go on sale on Monday 31 August.
Volunteer with Parkrun this Sat 2nd May
University of Galway Parkrun are looking for volunteers this Saturday to help them make Parkrun happen! You don’t need any experience of parkrun or of volunteering. There’s loads of roles to choose from, and many of them can be combined with walking or running too. More info HERE or email universityofgalway@parkrun.com
SU Open All Summer!
If you need us the SU Office will be open all summer 10am-12.30pm and 2pm-4.30pm Monday-Thursday + 10am-2pm Friday (closed Bank Holidays + some staff training days). You can reach out to your SU Officers if you need any help HERE.
Exam Results and Repeats
If you’re traveling this summer please make sure that you can still access your exam results online. More info HERE.
Exam results are due out:
- Final Medicine + Final Therapies Tues 19 May
- Undergrad Results released Mon 22 June
- Postgrad Results released Mon 29 June
- International Student Results (course instances 1EM1, 1OA2, 1OA3 only) released via International Office
The schedule of exact days/times results released is on Exams Office Website HERE
Repeat/Autumn Exams
- Timetable published 12pm Fri 10 July
- Repeat/Autumn exams take place Tues 4 – Fri 14 August
- Repeat Exam fee is €195
- Repeat/Autumn Exam Results – 4 Sept Undergrads, 14 Sept Postgrads
Dates for your diary
Want to study, research or teach / lecture in the USA?
Join the Ireland-United States Commission for Educational Exchange (IUSCEE) Info Session 1pm-2pm Tues 12 May in THB-G011 Seminar Room, University of Galway. Opportunities are open to final year undergrads, postgrads, researchers and all staff across all disciplines. More info HERE.
Got squeaky brakes or gears that aren’t shifting?
Drop in with your bike to An Mheitheal Rothar’s free bike repair clinic 10am-1pm Sat 9 May.
Free Outdoor Workouts this May
Wilder Wellbeing are running 4 free workouts at 6.30am each Wednesday in May at Blackrock to boost your physical and mental wellbeing. Register for free HERE.
SUSI Applications are open for 2026/27
Visit www.susi.ie and use the Eligibility Indicator to see if you might be eligible for funding.
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
_______________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig an ríomhphost seachtainiúil deireanach den bhliain ó Chomhaltas na Mac Léinn – go raibh maith agat as é a léamh gach seachtain!
Spriocdháta chun Eochracha Taisceadáin a Thabhairt ar Ais, Dé hAoine, an 8 Bealtaine
Ní mór d’eochair taisceadáin a thabhairt ar ais faoi 5pm, Dé hAoine an 8 Bealtaine. Iarrtar ort d’eochair a fhágáil ar ais in Oifig an Chomhaltais thuas staighre in Áras na Mac Léinn (is féidir an glas a fhágáil ar an taisceadán!). Déanfar aon earraí a bheidh fágtha sna taisceadáin i ndiaidh an spriocdháta a athchúrsáil, a thabhairt do charthanas nó a chur sa bhruscar.
Lá Saoire Bainc Dé Luain
Lá Saoire Bainc a bheas ann an Luan beag seo, an 4 Bealtaine, mar sin beidh Oifig an Chomhaltais, Seomra na gCótaí, Síbín, Spéir, Caifé Smokey agus Sult dúnta. Beidh Siopa an Chomhaltais ar oscailt 10am-3pm agus beidh an leabharlann agus an seomra léitheoireachta ar oscailt. Beidh Spéir ar oscailt Dé Céadaoin, an 6 Bealtaine ina ionad sin agus Dé hAoine, an 8 Bealtaine mar is gnách.
An bhfuil tú cláraithe le vótáil?
Inniu an Lá Náisiúnta Clárúcháin Vótálaithe. Is é Dé Máirt, an 5 Bealtaine an spriocdháta chun clárú le vótáil san fhothoghchán atá ar na bacáin i nGaillimh Thiar. Is féidir leat clárú le vótáil nó do shonraí a nuashonrú ar líne ag www.checktheregister.ie
Taisceadáin don Samhradh
Beidh costas €10 ar thaisceadáin don samhradh agus beidh siad ar díol ar 10am Dé Céadaoin an 13Bealtaine ar YourSpaceANSEO. Beidh taisceadáin ar díol don bhliain 2026/27 Dé Luain an 31 Lúnasa.
Cabhraigh le Parkrun ar bhonn deonach Dé Sathairn, an 2 Bealtaine
Tá Parkrun Ollscoil na Gaillimhe ag lorg daoine a bheidh sásta cabhrú ar bhonn deonach an Satharn beag seo! Ní gá duit aon taithí a bheith agat ar parkrun ná ar obair dheonach. Beidh neart ról ar fáil, agus beidh siúl nó rith i gceist le cuid acu freisin. Tuilleadh eolais ANSEO nó seol ríomhphost chuig universityofgalway@parkrun.com
Comhaltas na Mac Léinn ar Oscailt i rith an tSamhraidh ar fad!
Beidh Oifig an Chomhaltais ar oscailt i rith an tsamhraidh ar fad 10am-12.30pm agus 2pm-4.30pm, Luan go Déardaoin agus 10am-2pm Dé hAoine (druidte ar Laethanta Saoire Bainc agus ar roinnt laethanta oiliúna foirne) má tá aon rud uait. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigigh an Chomhaltais má theastaíonn aon chabhair uait ANSEO.
Torthaí Scrúduithe agus Athscrúduithe
Má tá tú chun dul ag taisteal sa samhradh, iarrtar ort a chinntiú go mbeidh rochtain agat ar do thorthaí scrúduithe ar líne. Tuilleadh eolais ANSEO.
Tá torthaí scrúduithe le heisiúint ar na dátaí a leanas:
- Scrúduithe Deiridh Leighis + Scrúduithe Deiridh Teiripí, Dé Máirt, an 19 Bealtaine
- Torthaí Fochéimithe le heisiúint, Dé Luain, an 22 Meitheamh
- Torthaí Iarchéimithe le heisiúint, Dé Luain, an 29 Meitheamh
- Torthaí Mac Léinn Idirnáisiúnta (cúrsaí 1EM1, 1OA2, 1OA3 amháin) le heisiúint tríd an Oifig Idirnáisiúnta
Tá sceideal beacht na laethanta/na n-amanna a n-eiseofar na torthaí le fáil ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe ANSEO
Scrúduithe Athshuí/Fómhair
- Amchlár le foilsiú 12pm, Dé hAoine, an 10 Iúil
- Beidh na Scrúduithe Athshuí/Fómhair ar siúl idir Dé Máirt, an 4 Lúnasa agus Dé hAoine, an 14 Lúnasa
- Is é €195 an táille le scrúdú a athshuí
- Torthaí na Scrúduithe Athshuí/Fómhair – an 4 Meán Fómhair i gcás Fochéimithe agus an 14 Meán Fómhair i gcás Iarchéimithe
Dátaí don dialann
Ar mhaith leat dul i mbun staidéir, taighde nó teagaisc sna Stáit Aontaithe?
Beidh seisiún eolais á reáchtáil ag Coimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (IUSCEE) 1pm-2pm, Dé Máirt, an 12 Bealtaine i Seomra Seimineáir THB-G011, Ollscoil na Gaillimhe. Tá deiseanna ar fáil do mhic léinn atá sa bhliain dheireanach dá bhfochéim, d’iarchéimithe, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne i ngach disciplín. Tuilleadh eolais ANSEO.
Coscáin ag scréachach nó giaranna nach bhfuil ag aistriú i gceist?
Buail isteach chuig an gclinic deisiúcháin rothar saor in aisce a bheidh á reáchtáil ag an Meitheal Rothar – 10am-1pm, Dé Sathairn, an 9 Bealtaine.
Seisiúin Aclaíochta Saor in Aisce Amuigh faoin Aer i mí na Bealtaine
Beidh 4 sheisiún aclaíochta saor in aisce á reáchtáil ag Wilder Wellbeing ag 6:30am gach Céadaoin i mí na Bealtaine ar an gCarraig Dhubh. Bí ann le cur le d’fholláine choirp is mheabhrach. Cláraigh saor in aisce ANSEO.
Tá iarratais SUSI oscailte le haghaidh 2026/27
Tabhair cuairt ar www.susi.ie agus bain úsáid as an Táscaire Incháilitheachta chun a fháil amach an bhfuil tú i dteideal maoiniú.
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)