Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Books and Bakes Today
Call in to the Library foyer 11am-3pm today Thurs 26 March to pick up some tasty treats and second hand books at Books & Bakes! All funds raised will go to Galway Rape Crisis Centre and GOAL.
Vote Today: Clubs’ Captain
Voting is open until 8pm today Thurs 26 March on YourSpace HERE to elect your SU Clubs’ Captain for 2026/27. Please note that only Club Captains may vote in this election. Your candidate for the election is Charlotte Vanacore.
Free Bike Repair Drop In Today
We’ve teamed up with An Mheitheal Rothar to offer limited free spots at a bike repair drop in clinic 10am-2pm today Thurs 26 March. Sign up HERE.
Free Rapid HIV & Syphilis Testing Today
Get tested 1pm-3pm today Thurs 26 March with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.
Eco Café 1pm-3pm Weds 1 April
The Eco Café is a judgement free confidential space to discuss and explore concerns about the Ecological and Climate Crisis. Please bring your thoughts, your lunch (if you would like) and stay for as long or short as you please. The Café is a collaboration between the SU, and the Student Counselling Services. Eco therapist Fiona Roche will be facilitating the conversation and there’ll be free tea/coffee. The next Café is on 1pm-3pm Weds 1 April in The River Room. Any questions please email: su.environment@universityofgalway.ie
Have you got a lab coat or goggles that you no longer need?
Donate lab coats and goggles at the SU Office so that they can be passed on to other students next year. Donation deadline Fri 8May.
Academic Writing Centre
The Academic Writing Centre is open for walk-in appointments until Mon 20t April. They offer free help with essay writing as well as exam preparation.Come see them on Floor 2 of the Library. There’s no need to pre-book!
Confused about your Taxes?
The University free Tax Clinic Service is taking a limited number of final appointments this semester. More info and booking HERE.
Megatrends Conference (student-led)
Join us in the Megatrends conference 4-6pm Thurs 2 April in CA239e (J.E. Cairnes Building). Free entrance for everyone! Exciting student-led presentations on the world’s most significant long-term trends in society, technology and environment. More info emailyixin.qiu@universityofgalway.ie
Sports Scholarship Applications Close 17 April
More info and application HERE.
ALIVE Volunteering
On Monday the ALIVE Awards for student volunteering took place with 400 students completing all aspects of the award by volunteering with charities, societies and nonprofit organisations. Summer volunteering opportunities are now available on studentvolunteering.ie including digital mentoring, arts invigilators, fundraising and events assistants.
Share Your Views to Help Build a Healthier Ireland
Take part in the public consultation HERE to inform the development of the next Healthy Ireland Framework — Ireland’s national strategy for improving health and wellbeing across the population. Closing date 22 April.
Study Supports for You
- Academic Writing Centre
- Academic Skills Hub
- SUMS (Support for Undergraduate Mathematics and Statistics)
- Computer DISC Programming Support Centre
- Grinds Register
Contact Us
You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.
You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)
________________________________________________________________________________________________________________
Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn
Díolachán Leabhar agus Cístí
Buail isteach chuig halla na Leabharlainne idir 11am agus 3pm inniu, Déardaoin an 26 Márta chun roinnt cístí blasta agus leabhair athláimhe a aimsiú ag an Díolachán Leabhar agus Cístí! Rachaidh gach airgead a bhaileofar chuig Ionad Géarchéime na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL.
Vótáil Inniu: Captaen na gClubanna
Beidh an vótáil oscailte go dtí 8pm inniu, Déardaoin, an 26 Márta ar YourSpace ANSEO chun Captaen Clubanna an Chomhaltais a thoghadh don bhliain 2026/27. Tabhair faoi deara nach féidir ach le Captaein Chlub vótáil sa toghchán seo. Is í Charlotte Vanacore an t-iarrthóir don toghchán.
Inniu: Ceardlann Buail Isteach Saor in Aisce le haghaidh Deisiúcháin Rothair
I gcomhar leis an Meitheal Rothar, beidh líon teoranta spásanna saor in aisce á dtairiscint ag clinic deisiúcháin rothair idir 10am agus 2pm inniu, Déardaoin, an 26 Márta. Cláraigh ANSEO.
Mearthástáil Saor in Aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí Inniu
Déan tástáil inniu, Déardaoin, an 26 Márta idir 1pm agus 3pm, le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.
Éicea-Chaifé, 1pm-3pm Dé Céadaoin, an 1 Aibreán
Spás rúnda saor ó bhreithiúnas is ea an tÉicea-Chaifé inar féidir ábhair imní faoin nGéarchéim Éiceolaíoch agus Aeráide a phlé agus a iniúchadh. Tabhair leat do chuid smaointe, do lón (más mian leat) agus fan chomh fada agus is mian leat. Comhar idir an Comhaltas agus Seirbhísí Comhairleoireachta na Mac Léinn is ea an Caifé. Éascóidh éicitheiripeoir, Fiona Roche, an comhrá agus beidh tae/caife saor in aisce ar fáil. Beidh an chéad Éicea-Chaifé eile ar siúl idir 1pm agus 3pm, Dé Céadaoin, an 1 Aibreán i Seomra na hAbhann. Seol ceisteanna tríd an ríomhphost chuig: SU.environment@universityofgalway.ie
An bhfuil cóta nó spéaclaí saotharlainne agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh?
Deonaigh cótaí agus spéaclaí saotharlainne ag Oifig an Chomhaltais ionas gur féidir iad a thabhairt do mhic léinn eile an bhliain seo chugainn. Spriocdháta deonaithe: Dé hAoine, an 8 Bealtaine.
Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
Beidh an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla oscailte do dhaoine gan choinne go dtí Dé Luain, an 20 Aibreán. Cuirtear cabhair saor in aisce ar fáil maidir le scríobh aistí agus ullmhúchán scrúduithe.Buail isteach ar Urlár 2 den Leabharlann. Ní gá coinne a dhéanamh roimh ré!
An bhfuil mearbhall ort faoin gCáin?
Tá líon teoranta coinní deireanacha ar fáil saor in aisce ag Seirbhís Clinic Cánach na hOllscoile an seimeastar seo. Tuilleadh eolais agus áirithintí ANSEO
Comhdháil Megatrends (faoi stiúir mic léinn)
Bí linn ag comhdháil Megatrends 4-6pm, Déardaoin, an 2 Aibreán in CA239e (J.E. Cairnes). Saorchead isteach do chách! Cur i láthair spreagúil faoi stiúir mic léinn ar na treochtaí fadtéarmacha is suntasaí ar domhan maidir leis an tsochaí, i dtaca leis an teicneolaíocht agus maidir leis an gcomhshaol. Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig yixin.qiu@universityofgalway.ie
Iarratais ar Scoláireachtaí Spóirt le Dúnadh an 17 Aibreán
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ANSEO.
Obair Dheonach ALIVE
Thit bronnadh Gradaim ALIVE do mhic léinn amach Dé Luain. Gradaim dóibh siúd a bhíonn i mbun obair dheonach atá ann agus chríochnaigh 400 mac léinn gach gné den ghradam trí obair dheonach a dhéanamh le carthanachtaí, cumainn agus eagraíochtaí neamhbhrabúis. Tá deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh sa samhradh ar fáil anois ar studentvolunteering.ie. I measc na ndeiseanna sin, tá meantóireacht dhigiteach, maoirseoirí ealaíon, tiomsú airgid agus cúntóirí imeachtaí.
Roinn do Thuairimí agus Déan do Chuid Féin le hÉirinn a Dhéanamh Níos Sláintiúla
Glac páirt sa chomhairliúchán poiblí ANSEO le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chéad Chreata eile maidir le hÉirinn Shláintiúil — straitéis náisiúnta na hÉireann chun sláinte agus folláine a fheabhsú ar fud an phobail. Is é an 22 Aibreán an dáta deiridh.
Tacaíochtaí Staidéir atá ar Fáil Duit
- Ionad Scríbhneoireachta Acadúla
- Mol Scileanna Acadúla
- SUMS (Tacaíocht d’Fhochéimithe Matamaitice agus Staitistice)
- Ionad Tacaíochta Ríomhchláraithe ComputerDISC
- An Clár Diancheachtanna
Déan teagmháil linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.
Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)