Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

SU Election + Referendum Results

Thanks to everyone who came out and voted last week in the SU Elections and Referendum which had a huge turnout of 4,412 voters! The results are available HERE and your new officers will take up their roles from 1st of July. Well done to all the candidates and their teams!

Voting will take place online 8am-8pm next Thurs 26 March to elect your new SU Clubs’ Captain.

No nominations were received by the deadline for the SU Mature Students’ Officer position.

Daffodil Day Fundraiser at SU Office Tomorrow

Buy a daffodil pin for €3 to support the Irish Cancer Society’s Daffodil Day Campaign or donate online HERE.

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn on Tuesday

Our final Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Class Reps Council) meeting is at 6pm on Tuesday 24 March in the D’Arcy Thompson Theatre. All are welcome to attend. Only Class Reps may vote at the meeting.

Spéir Impact

We’re delighted to share that Spéir, the SU Pantry, has hit a major sustainability milestone with 51,190 kilograms of surplus food redistributed by the Students’ Union in 2025. This is equal to 121,881 meals and has saved 118,761 kilograms of CO2. We partner with FoodCloud to redistribute surplus food to you, our members, which would otherwise go to landfill.

Spéir is open Mondays and Fridays and slots are allocated on a lottery system. Register online atwww.yourspace.universityofgalway.ie. Don’t forget to bring your Student ID and a reusable shopping bag!

Galway Simon Pop Up on Tuesday

We’ve another second-hand pop up shop with Galway Simon Community 11am-3pm Tues 24 March in The Cube. Call in and get some sustainable fashion bargains for a good cause!

FND Ireland Coffee Morning

Ahead of Functional Neurological Disorder Awareness Month in April we are hosting a coffee morning with FND Ireland 10:30am-11:30am Weds 25th of March in the Corrib Room, Sult. Join us to chat with members of the FND community and learn more about the organisation and living with FND. 

Books and Bakes next Thursday

We’ll be holding a book and cake sale 11am-3pm Thurs 26 March to raise funds for Galway Rape Crisis Centre and GOAL in the Library Foyer. You can get involved by:

  1. Donating Books
  2. Baking
  3. Volunteering
  4. Buying books and bakes!

Emailstudentsunion@universityofgalway.ie for info!

Free Rapid HIV & Syphilis Testing

1pm-3pm Thurs 26 March with Sexual Health West in The Space, upstairs in Áras na Mac Léinn. No appointment needed.

Have you got a lab coat or goggles that you no longer need?

Our donation drive is back! Donate lab coats and goggles at the SU Office so that they can be passed on to other students next year. Donation deadline Fri 8May.

Bike Maintenance Basics Course

6pm-7.30pm Tues 24 March at An Mheitheal Rothar Community Bike Workshop. Just €15. Bring your own bike! Sign up HERE.

Study Supports for You

safeTALK Training Tomorrow – 6 spaces left

Free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm tomorrow Fri 20March. Learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).

Choose Solidarity March this Sat 21st March

Meet at the Cathedral at 2pm and march to the Spanish Arch for music, refreshments and local community speakers. Organised by Galway Communities Against Racism and Discrimination.

UN Youth Delegate Programme – Apply Now!

This programme will see two young people aged 18-25 join Ireland’s delegation to the United Nations, and give voice to issues concerning young people in Ireland and around the globe. More info HERE. Deadline: 5pmSun 29 March.

Contact Us

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

_______________________________________________________________________________________________________________

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

Torthaí Toghcháin + Reifreann an Chomhaltais

Glacaimid buíochas le gach duine a tháinig amach chun vóta a chaitheamh an tseachtain seo caite i dToghchán an Chomhaltais – toghchán an-mhór le 4,412 vótálaí páirteach ann! Tá torthaí an toghcháin ar fáil ANSEO agus tosóidh na hoifigigh nua ina róil an 1 Iúil. Comhghairdeas le gach iarrthóir agus leis na foirne go léir!

Tá 2 phost eile mar Oifigigh Chomhaltais fós le líonadh, agus is féidir vóta a chaitheamh ar líne 8am-8pm, Déardaoin, an 26 Márta chun na hoifigigh a leanas a thoghadh:

  • Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta
  • Captaen na gClubanna

Fógrófar liosta na n-iarrthóirí amárach (Dé hAoine).

Lá Tiomsaithe Airgid Lus na gCromchinn in Oifig an Chomhaltais Amárach

Ceannaigh biorán lus an chromchinn ar €3 chun tacú le Feachtas Lá Lus na gCromchinn de chuid Chumann Ailse na hÉireann nó déan tabhartas ar líneANSEO.

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn Dé Máirt

Beidh an cruinniú deireanach de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle na nIonadaithe Ranga) ar siúl ar 6pm Dé Máirt an 24 Márta i Léachtlann D’Arcy Thompson. Beidh fáilte roimh chách freastal ar an imeacht. Ní bheidh ceart vótála ag an gcruinniú ach ag Ionadaithe Ranga.

Tionchar Spéir

Tá áthas orainn an scéal a scaipeadh gur bhain Spéir, Landair an Chomhaltais, cloch mhíle mhór inbhuanaitheachta amach agus 51,190 cileagram de bhia barrachais athdháilte ag an gComhaltas in 2025. Is ionann sin agus 121,881 béile, anuas ar 118,761 cileagram de CO2 a choigilt. Bímid ag obair i gcomhar le FoodCloud chun barrachas bia a athdháileadh oraibhse, ar ár mbaill, ar bia é a rachadh chuig líonadh talún murach sin.

Bíonn Spéir oscailte ar an Luan agus ar an Aoine gach seachtain agus sanntar sliotáin trí chrannchur. Cláraigh ar líne arwww.yourspace.universityofgalway.ie. Ná déan dearmad do chárta aitheantais mac léinn agus mála siopadóireachta in-athúsáidte a thabhairt leat!

Tobshiopa Chlann Shíomóin na Gaillimhe Dé Máirt

Beidh tobshiopa athláimhe á reáchtáil le Clann Shíomóin na Gaillimhe 11am-3pm Dé Máirt an 24 Márta sa Chiúb. Buail isteach agus faigh roinnt margaí faisin inbhuanaithe agus tacaigh le cúis mhaith san am céanna!

Maidin Chaife FND Ireland

Roimh Mhí na Feasachta um Neamhoird Néareolaíocha Feidhmiúla i mí Aibreáin, beidh maidin chaife á reáchtáil againn le FND Ireland ó 10:30am go 11:30am, Dé Céadaoin an 25 Márta i Seomra Coirib, Sult. Bí linn chun comhrá a dhéanamh le baill de phobal FND agus tuilleadh a fhoghlaim faoin eagraíocht agus faoin saol le neamhord néareolaíoch feidhmiúil.

Leabhair agus Cístí, Déardaoin seo chugainn

Beidh díolachán leabhar agus cístí ar siúl i bhForhalla na Leabharlainne idir 11am agus 3pm Déardaoin an 26 Márta chun airgead a thiomsú d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus do GOAL. Is féidir cur leis an imeacht ar roinnt bealaí:

  • Leabhair a dheonú
  • Bácáil
  • Obair Dheonach
  • Leabhar agus cístí a cheannach!

Seol ríomhphost chuig studentsunion@universityofgalway.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Mearthástáil saor in aisce le haghaidh VEID agus na Gallbholgaí

1pm-3pm, Déardaoin seo chugainn, an 26 Márta le Sláinte Ghnéis an Iarthair sa Spás, thuas staighre in Áras na Mac Léinn. Ní gá duit coinne a bheith agat.

An bhfuil cóta nó spéaclaí saotharlainne agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh?

Tá an feachtas deonaithe ar ais! Deonaigh cótaí agus spéaclaí saotharlainne ag Oifig an Chomhaltais ionas gur féidir iad a thabhairt do mhic léinn eile an bhliain seo chugainn. Spriocdháta chun deonú, Dé hAoine an 8 Bealtaine.

Rang Cothabhála Rothar

6pm-7pm Dé Máirt an 24Márta i gCeardlann An Mheitheal Rothar. Níl ach €15 ar an gcúrsa seo. Tabhair leat do rothar féin! Cláraigh ANSEO.

Tacaíochtaí Staidéir atá ar Fáil Duit

Oiliúint safeTALK – 6 spás fágtha

Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20Márta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).

Mórshiúl ar son na Dlúthpháirtíochta an Satharn seo an 21 Márta

Teacht le chéile ag an Ardeaglais ar 2pm agus siúl go dtí an Póirse Caoch, áit a mbeidh ceol, sólaistí agus cainteoirí pobail áitiúla. Arna eagrú ag Pobail Chathair na Gaillimhe i gcoinne an Chiníochais agus an Idirdhealaithe.

Clár Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe – Cuir Iarratas Isteach Anois!

Sa chlár seo, beidh beirt daoine óga idir 18 agus 25 bliana d’aois ag dul isteach i dtoscaireacht na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe, agus beidh siad mar ghuth le haghaidh na saincheisteanna sin a bhaineann le daoine óga in Éirinn agus ar fud an domhain.Tuilleadh eolais ANSEO. Spriocdháta: 5pmDé Domhnaigh an 29 Márta.

Déan teagmháil linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost studentsunion@universityofgalway.ie maidir le haon cheisteanna nó moltaí atá agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)