Welcome to your weekly email from your Students’ Union | Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

SU Election Nominations Open Wednesday

Nominations open 10am on Wednesday 25February for the 18 Students’ Union Officer positions for 2026/27. If you’d like to get involved in running your Students’ Union and fighting for student rights now is your chance! Being part of the Students’ Union is a great opportunity to learn new skills, meet new people and make a big difference to student life at University of Galway and beyond. There are 4 full time paid officer positions and 14 part time volunteer officer positions.

Once you decide which one of the 18 SU Officer positions you want to run for you can get a nomination form HERE or from the SU Office. When you have filled out the nomination form and collected the signatures required you must return the completed form to the box in the SU Office. The deadline to return your form is 5pm Wednesday 4March – late nominations will not be accepted. The elections will all be held online on Thursday 12March.

The Big Gay Lock In

Join us for The Big Gay Lock In a huge night of drag Weds 25 Feb at Sult featuring performances from Annie Naggins, Blaq Coffee, Blondie and Drew Demon. Free entry. Doors 20:00. Show Starts 20:30. Doors Locked Tight 21:00!

RAG Week Thank You!

We want to say a huge thank you to everyone that took part in our RAG Week events! Whether you volunteered, spread the word, donated, shaved your head, walked across hot coals, brunched, dunked, played 5 a side, went on a date with a book, ran/jogged/walked, bid on an auction item, went thrifting, took part in the Radiothon or competed to be the RAG Rose or RAG Ride you helped us raise over €17,000 for charity over the week! We hope you enjoyed the week as much as we did.

Climate Crew Meeting Today

The SU Climate Crew is a space for you to meet and talk about everything to do with the environment and sustainability. Come along to our meeting 5pm today Thurs 19 Feb in AC214.

Pilates Course Now Enrolling

Our next 6 week online Pilates course is now open for registration HERE and is just €5. Classes take place 7.45am-8.35am Weds 25 Feb to Weds 1 April and a recording is sent to you after class in case you can’t make the live class or want to do the class again.

Upcoming Class Rep Meetings

Thurs 19 Feb6pm-7pmPostgraduate CouncilAC201
Mon 23 Feb6pm-8pmComhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5O’Flaherty Theatre

Postgrad Coffee Morning on Tuesday

All postgraduate students are invited to join us for a morning of tea, coffee, pastries and chats! 10am-12pm Tues 24 Feb in The Corrib Room at Sult. Free event all welcome get your ticket HERE.

Free Porridge

Don’t forget you can get free porridge every morning when you buy a hot drink using your SU Card in Smokey’s Café and Sult (while stocks last!). 

Mature Students’ Study Group Sessions

TimeDateLocation
12pm-3pmFri 20 FebBiz Hub CA239A Cairnes Building
10am-2pmFri 27 Feb The Stage, Áras na Mac Léinn

For more information contact Niamh on su.maturestudents@universityofgalway.ie

Want student discounts and deals?

Download the FREE MyAMLÉ app HERE and you’ll access loads of great student offers from local, national and international brands. Plus for every app sign up in February a donation will be made to the SU Charities!

Are you a Graduate?

More Irish graduates can now register to vote in Seanad university elections. Register by 26 February at www.seanadvoter.ie 

Children’s Book Day

The SU Mature Student’s Officer and Book Club Society invite you to Children’s Book Day 4pm-6pm Mon 2March in Áras na Mac Léinn. Join us for story time, snacks, fun, facepainting and games. Dress up as your favourite character and/or bring your favourite story book. A free event open to parents/carers who are students & staff of the University of Galway. RSVP by email to su.maturestudents@universityofgalway.ie 

Spéir

Spéir the SU Pantry is open every Monday and Friday in the library basement opposite the Síbín. Here we distribute free food that would otherwise have been disposed of. You can apply for a slot online via YourSpace and slots are allocated on a lottery basis. Don’t forget your student ID card!

  • Monday slot applications are open 5pm Friday to 6pm Sunday
  • Friday slot applications are open 10am Tuesday to 4pm Thursday

Bike Maintenance Basics

Join An Mheitheal Rothar to learn the essentials of bike maintenance, to keep your bike running smoothly! Next course 18:30-20:00 Tues 24 Feb just €10 – bring your own bike! Sign up HERE.

Take the Student Survey – win prizes!

StudentSurvey.ie is a national survey that allows First Years, Final Years and Postgraduate Taught (PGT) students to share their academic, learning, social and personal experiences of higher education. If you’re in one of these groups of students check your inbox as you will have received an email from @etioglobal.com with a unique survey link. Prizes to be won include an iPhone 15, €100 / €50 / €20 Whoopee vouchers, €50 Students’ Union card, daily goodie bags and lots more! Survey closing date Tues 10 March.

Galway Autism Partnership Volunteering

Volunteer with Galway Autism Partnership as a team member in their afterschool camps (2 hours per week Thursdays, Fridays and weekends). Create a welcoming environment, encourage adults and children to engage in the activity while respecting each individual’s independence.  Link: | StudentVolunteer.ie 

Societies Yoga Courses now Booking

The next block of Yoga Classes runs from 3rd March to 3rd April and the classes are now on sale HERE.

Call for participants: Exploring one-parent families experiences in education

A call for young people (aged 18-22) and parents from one-parent families to share their educational experiences in a 45 minute interview, further information on this PhD study is available HERE or email Caroline at c.fahy4@universityofgalway.ie

Mini Course in Essay Writing

The AWC is running a free 4 week mini-course designed to support students who struggle with academic writing. The course will be entirely online starting 23 Feb. It consists of daily emails, videos, and optional tasks and is designed to take approx. 15 minutes a day excluding weekends. You can sign up HERE. Queries: irina.ruppo@universityofgalway.ie

safeTALK Training

We’ve added another free safeTALK Suicide Prevention Training course 9am-1pm Friday 20March on campus. You can learn more and book your free space HERE using the password: 20MAR (case sensitive).

Contact Us

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have.

You can also find us on Facebook Instagram Tik Tok (@cmlong_su) X (Twitter) and LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)

Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn | Welcome to your weekly email from your Students’ Union

_____________________________________________________________________________________________________________

Osclófar Ainmniúcháin do Thoghcháin an Chomhaltais Dé Céadaoin

Osclófarainmniúcháin le haghaidh 18 nOifigeach an Chomhaltais do bhliain 2026/27 10am Dé Céadaoin an 25Feabhra. Más mian leat a bheith páirteach i reáchtáil an Chomhaltais agus troid ar son chearta na mac léinn, seo chugat do sheans! Ach páirt a ghlacadh i gComhaltas na Mac Léinn, beidh deis iontach agat scileanna nua a fhoghlaim, bualadh le daoine nua agus difríocht mhór a dhéanamh do shaol na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus níos faide i gcéin. Tá 4 phost oifigeach lánaimseartha le pá agus 14 phost oifigeach páirtaimseartha deonach ar fáil.

Nuair a shocraíonn tú cé acu de na 18 bpost Oifigigh leis an gComhaltas a theastaíonn uait a fháil, is féidir foirm ainmniúcháin a fháil ANSEO nó ó Oifig an Chomhaltais. Nuair a bheidh an fhoirm ainmniúcháin líonta agus na sínithe riachtanacha bailithe agat, ní mór an fhoirm chomhlánaithe a chur sa bhosca in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn. Is é an spriocdháta chun d’fhoirm a thabhairt ar ais ná 5pm Dé Céadaoin an 4Márta – ní ghlacfar le hainmniúcháin dhéanacha. Reáchtálfar na toghcháin ar fad ar líne Déardaoin an 12 Márta.

An Mhór-Ghlasáil Isteach Aerach

Bígí linn don Mhór-Ghlasáil Isteach Aerach, oíche mhór dhrag Dé Céadaoin an 25 Feabhra in Sult, le taibhiú ó Annie Naggins, Blaq Coffee, Blondie agus Drew Demon. Saorchead isteach. Doirse 20:00. Tosaíonn an seó ar 20:30. Cuirfear Glas Docht ar na Doirse ar 21:00!

Go raibh míle maith agaibh go léir as bheith páirteach i Seachtain Phléarácaim!

Ba mhaith linn buíochas mór ó chrói a ghabháil le gach duine a bhí páirteach in imeachtaí na Seachtaine Pléarácaim! Cibé acu a bhí tú ag obair go deonach, ag scaipeadh an scéil, ag déanamh tabhartais, ag baint do chuid gruaige, ag siúl ar ghríos, ag ithe bróinse, á thumadh san uisce, ag imirt cúigear an taobh, ag dul ar dáta le leabhar, ag rith/ag bogshodar/ag siúl, páirteach sa cheant, ag siopaíocht i siopa carthanais, san iomaíocht le bheith mar an Rós nó Leadhb Phléarácaim nó páirteach sa Raidió-tón, chuidigh tú linn breis is €17,000 a thiomsú do charthanais le linn na seachtaine! Tá súil againn gur bhain sibh a oiread taitnimh as an tseachtain agus a bhain sinne.

Cruinniú den Chriú Aeráide inniu

Soláthraíonn Criú Aeráide an Chomhaltais spás do dhaoine chun teacht le chéile agus labhairt faoi gach ní a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht. Tar chuig ár gcruinniú 5pm inniu Déardaoin an 19 Feabhra in AC214.

Cúrsa Pilates – Cláraigh Anois

Is féidir clárú anois don chéad chúrsa Pilates ar líne a mhairfidh 6 seachtaine ANSEO. Níl ach €5 i gceist chun clárú. Beidh na ranganna ar siúl idir 7.45am agus 8.35am ón gCéadaoin an 25 Feabhra go dtí an Chéadaoin an 1 Aibreán agus seolfar taifeadadh chugat i ndiaidh an ranga ar eagla nach féidir leat freastal ar an rang beo nó gur mhian leat an rang a dhéanamh arís.

Cruinnithe Ionadaithe Ranga atá le Teacht

Déardaoin, an 19 Feabhra6pm-7pmComhairle na nIarchéimitheAC201
Dé Luain an 23 Feabhra6pm-8pmComhairle Chomhaltas na Mac Léinn, 5Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh

Maidin Caife d’Iarchéimithe Dé Máirt

Cuirfear fáilte roimh gach iarchéimí ag maidin chaife le tae, caife, taosráin agus comhrá uilig ar an mbiachlár! 10am-12pm, Dé Máirt an 24 Feabhra i Seomra na Coiribe in Sult. Imeacht saor in aisce, fáilte roimh chách, faigh do thicéad ANSEO.

Leite Saor in Aisce

Ná déan dearmad gur féidir leite saor in aisce a fháil gach maidin ach deoch te a cheannach le do Chárta Comhaltais i gCaifé Smokey agus in Sult (go mbeidh sí ar fad imithe!). 

Seisiúin Ghrúpstaidéir do Mhic Léinn Lánfhásta

AmDátaÁit
12pm-3pmDé hAoine, an 20 FeabhraMol Biz CA239A Foirgneamh Cairnes
10am-2pmDé hAoine, an 27 Feabhra An tArdán, Áras na Mac Léinn

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Niamh ar su.maturestudents@universityofgalway.ie

Ar mhaith leat lascainí agus margaí do mhic léinn?

Íoslódáil an aip MyAMLÉ SAOR IN AISCE ANSEO go bhfaighidh tú rochtain ar neart tairiscintí iontacha do mhic léinn ó bhrandaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Rachaidh síntiús chuig Carthanachtaí an Chomhaltais as gach duine a chláraíonn ar an aip i mí Feabhra!

An céimí thú?

Is féidir le níos mó céimithe Éireannacha clárú anois chun vótáil i dtoghcháin ollscoile don Seanaid. Cláraigh faoin 26 Feabhra ar www.seanadvoter.ie 

Lá Leabhar na bPáistí

Cuireann Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus an Club Leabhar fáilte romhat freastal ar Lá Leabhar na bPáistí, 4pm-6pm, Dé Luain an 2Márta in Áras na Mac Léinn. Bígí linn le haghaidh am scéalaíochta, sneaiceanna, spraoi, péinteáil aghaidhe agus cluichí. Gléas tú féin mar an carachtar is fearr leat agus/nó tabhair leat an leabhar scéalaíochta is fearr leat. Imeacht saor in aisce atá oscailte do thuismitheoirí agus do chúramóirí ar mic léinn nó baill foirne de chuid Ollscoil na Gaillimhe iad. Is féidir suim a léiriú ach ríomhphost a chur chuig su.maturestudents@universityofgalway.ie

Spéir

Bíonn Spéir, Pantrach an Chomhaltais, ar oscailt gach Luan agus Aoine in íoslach na leabharlainne os comhair an tSíbín. Is féidir earraí bia saor in aisce a fháil anseo a bheadh le diúscairt murach é. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shliotán ar líne ar YourSpace agus déantar na sliotáin a leithdháileadh ar bhonn crannchuir. Ná déan dearmad do chárta aitheantais mic léinn!

  • Bíonn iarratais ar shliotáin Luain oscailte ó 5pm gach Aoine go dtí 6pm gach Domhnach
  • Bíonn iarratais ar shliotáin Aoine oscailte ó 10am gach Máirt go dtí 4pm gach Déardaoin

Rang Cothabhála Rothar

Tabharfaidh ceardlann An Mheitheal Rothar bunscileanna cothabhála rothar duit go mbeidh tú in ann do rothar a choinneáil ag rothlú go réidh! An chéad chúrsa eile 18:30-20:00 Dé Máirt an 24 Feabhra gan ach €10 air – tabhair leat do rothar féin! Cláraigh ANSEO.

Comhlánaigh an  Suirbhé Mac Léinn chun duaiseanna a bhaint!

Is suirbhé náisiúnta é StudentSurvey.ie a ligeann do mhic léinn sa Chéad Bhliain, sa Bhliain Dheireanach agus Iarchéimithe Teagasctha eolas faoina dtaithí acadúil, foghlama, shóisialta agus phearsanta ar an ardoideachas a roinnt. Más duine de na mic léinn thuasluaite thú, seiceáil do bhosca isteach le haghaidh ríomhphost ó @etioglobal.com le nasc suirbhé uathúil. Ar na duaiseanna atá le buachan tá iPhone 15, dearbháin Whoopee €100 / €50 / €20, cárta Comhaltais dar luach €50, málaí earraí gach lá agus go leor eile! Dáta deiridh don suirbhé: Dé Máirt an 10 Márta.

Obair Dheonach le Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe

Déan obair dheonach le Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe mar bhall foirne ar a gcampaí iarscoile (2 uair an chloig sa tseachtain – Déardaoin, Dé hAoine agus ag an deireadh seachtaine). Cruthaigh timpeallacht fháilteach, spreag daoine fásta agus páistí chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus neamhspleáchas gach duine aonair á urramú ag an am céanna.  Nasc: | StudentVolunteer.ie

Cúrsaí Ióga na gCumann – Áirithintí ar oscailt anois

Beidh an chéad bhloc eile de Ranganna Ióga ar siúl ón 3 Márta go dtí an 3 Aibreán agus tá na ranganna ar díol anois ANSEO.

Glao ar rannpháirtithe: Iniúchadh ar thaithí teaghlaigh aontuismitheora san oideachas

Glao ar dhaoine óga (18-22 bliain d’aois) agus ar thuismitheoirí ó theaghlaigh aontuismitheora chun a dtaithí oideachais a roinnt in agallamh 45 nóiméad. Tá tuilleadh eolais faoin staidéar PhD seo ar fáil ANSEO nó seol ríomhphost chuig Caroline ar c.fahy4@universityofgalway.ie

Gearrchúrsa maidir le hAistí a Scríobh

Tá gearrchúrsa ceithre seachtaine saor in aisce á reáchtáil ag an AWC atá ceaptha chun tacú le mic léinn a bhfuil deacrachtaí acu leis an scríbhneoireacht acadúil. Beidh an cúrsa ar líne go hiomlán agus cuirfear tús leis an 23 Feabhra. Beidh ríomhphoist laethúla, físeáin agus tascanna roghnacha i gceist leis agus níor cheart go dtógfadh sé níos mó ná 15 nóiméad sa lá lena dhéanamh, diomaite den deireadh seachtaine.Cláraigh ANSEO. Ceisteanna: irina.ruppo@universityofgalway.ie

Oiliúint safeTALK

Beidh cúrsa oiliúna saor in aisce eile um Chosc ar Fhéinmharú le safeTALK ar siúl 9am-1pm, Dé hAoine an 20Márta ar an gcampas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus do spás saor in aisce a chur in áirithe ANSEO ach an focal faire a leanas a úsáid: 20MAR (cásíogair).

Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn tríd an ríomhphost ag studentsunion@universityofgalway.ie má bhíonn ceist nó moladh ar bith agat.

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Instagram, Tik Tok (@cmlong_su), X (Twitter) agus LinkedIn (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway Students’ Union)