Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

What is the Students’ Union?

“The mission of the Union shall be to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.” – Constitution of the Students’ Union

The SU is a representative organisation that is independent from the University and consists of all registered students at NUI Galway.  As the SU is an independent body, the SU officers do not have to answer to the University authorities – we only answer to you, our members who have elected us.

These are the officers in the Students’ Union working for you this year to promote and defend your rights:

 

SU Pop Up | Pop Up CMLOÉG 

Call over to us in the Aula Maxima, The Quadrangle, OÉ Gaillimh to get all the free stuff! We will be there from TODAY Thurs 2nd Sept until Friday 1st Oct. Pick up your reusable Rudaí Álainn bag full of FREE STUFF including:

 

SU Office is Open

The SU Office is now open Mon-Fri 10am-5pm upstairs in Áras na Mac Léinn (beside Sult). Call in to collect buy Secondhand Books, get SU Charity Socks, collect your locker keys and lots more! Our services at Sult, the SU Shop and Smokey’s Café have also reopened so call by and shop local!

 

Hump Day Hoolie 7.30pm Weds 8th Sept

Our Hump Day Hoolies are back with lots of speed friending, comedy, prizes and fun! Get your free tickets HERE.

 

Ways to get involved with your SU this year |Bealaí le páirt a ghlacadh i do Chomhaltas i mbliana

 

Lockers

Lockers will go on sale from the SU Website at 10am on Monday 6th of September.

 

Coming Up Soon 

 

Welcome Magazine

Our Fáilte magazine has all the information you need about starting life in NUI Galway and Galway! There’s some great offers, deals and information from our supporters too so have a read HERE.

 

Class Reps

Can you lead the way and be the voice of your class this year? Nominations for Class Rep positions for this year will be opening soon. It’s a great way to gain experience, make friends, get training and get your Class Rep Hoodie! More information will be available HERE.

 

Sign Language Registration now open

Registration is now open for our 10 week reduced rate Sign Language Course. More information and registration HERE

 

Sign up For Project UniCoV  

NUIG is one of four Irish universities participating in the UniCoV project to help detect and prevent the spread of COVID-19 among students and staff. Its aim is to support, facilitate and sustain the return of face-to-face on campus activity. They need your help with this! Volunteer to take part in the project and you will be trained to perform rapid nasal swab tests and provide saliva samples for PCR testing for 2-week or 8-week periods. Watch the explainer video

 

Join our Cycle Challenge

The Smarter Travel Cycle Challenge will take place alongside Bike Week and will run from Sun 12th Sept to Sat 18th Sept. Get together with your NUIG classmates to form teams of 2 – 6 and be in with a chance to win some great prizes just by cycling more! Register your team or join a team now HERE

 

Upcoming Free Student Wellness Workshops

  • Connection Wellness Workshops – 12pm Fri 3rd Sept
  • Goal Setting Wellness Workshops- 4pm Weds 8th Sept & 12pm Fri 10th Sept

 

Campus Tours

Book your spot for a Campus Tour online at www.yourspace.nuigalway.ie – meet new people, get familiar with campus and get your steps in!

 

Student Health Unit

The FREE Student Health Unit is open but you must book your appointment online prior to attending. More information on their services and how to book your appointment online here.

 

Handy Links For You

 

Strive Not to Drive

Start the year off right and take care of your mental & physical well-being by taking part in Energy Society’s Bike Week, where you can win awesome prizes based on how many kilometres you cycle and every participant gets a free breakfast, high-vis vest, and bike lights! For more info and to register visit our website here.

 

Would you like to strengthen your well-being and resilience this year?

WRAP is an evidence-based programme that develops personalised tools to help manage distress and promote positive mental health during 4 workshops, beginning 6pm Mon 13th Sept. Contact Programme Coordinator: fiona.m.fitzgerald@nuigalway.ie for more details or apply today HERE Limited Spaces.

 

Free Online Stress Control Course

Free Stress Control sessions start back next Monday 6th of September at this LINK

 

Mental Health Supports

Don’t be afraid to reach out, you’re not alone. More info here.

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@nuigalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) and Twitter.

_________________________________________________________________________________________________________________

 

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn

 

Céard é Comhaltas na Mac Léinn?

“Is é misean an Chomhaltais ionadaíocht a dhéanamh ar a bhaill agus cearta a mball a chur chun cinn, a chosaint agus a dhearbhú ag gach leibhéal den tsochaí.” – Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Is eagraíocht ionadaíoch é an Comhaltas atá ag feidhmiú neamhspleách ar an Ollscoil agus tá gach mac léinn atá cláraithe in OÉ Gaillimh páirteach ann.  De bhrí gur comhlacht neamhspleách é an Comhaltas, níl oifigigh an Chomhaltais freagrach d’údaráis na hOllscoile – táimid freagrach daoibhse, ár baill a thoghamar.

Seo a leanas na hoifigigh atá ar obair i gComhaltas na Mac Léinn i mbliana agus a bhfuil bhur gcearta á gcur chun cinn agus á gcosaint acu:

  • Uachtarán: Róisín president@oegaillimhie
  • Leas-Uachtarán/Oideachas: Clodagh education@oegaillimh.ie
  • Leas-Uachtarán/Leas & Comhionannas: Cora welfare@oegaillimh.ie
  • Oifigeach na Gaeilge: Eímear gaeilge@oegaillimh.ie
  • Mic Léinn Lánfhásta: Anita maturestudents@oegaillimh.ie
  • Cúrsaí Iarchéime Múinte: Martin pgtaught@oegaillimh.ie
  • Taighde Iarchéime: Shane pgresearch@oegaillimh.ie
  • Clubanna: Kirsty clubs@oegaillimh.ie
  • Tionólaí – Na Dána, Eolaíochtaí Sóisialta & Léann Ceilteach: Faye arts@oegaillimh.ie
  • Tionólaí – Eolaíocht agus Innealtóireacht: Sai scienceengineering@oegaillimh.ie
  • Tionólaí – Leigheas, Altranas & Eolaíochtaí Sláinte: Jack medicine@oegaillimh.ie
  • Tionólaí – Gnó, Beartas Poiblí & Dlí: Krystian business@oegaillimh.ie
  • Inscne agus Cearta LGBT+: Orlaith lgbt@oegaillimh.ie
  • Cearta Daoine faoi Mhíchumas: Niamh disability@oegaillimh.ie
  • Cathaoirleach na gCumann: Ethan socs@oegaillimh.ie
  • Oifigeach Mionlach Eitneach: Anne Marie ethnicminorities@oegaillimh.ie
  • Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta: Matthew international@oegaillimh.ie

 

SU Pop Up | Pop Up CMLOÉG

Tabhair cuairt orainn san Aula Maxima, An Chearnóg, OÉ Gaillimh chun rudaí deasa a fháil uainn saor in aisce! Beimid ann INNIU, Déardaoin, an 2 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine, an 1 Deireadh Fómhair. Faigh mála in-athúsáidte Rudaí Áille uainn atá lán le RUDAÍ SAOR IN AISCE lena n-áirítear:

 

Uaireanta Oscailte Oifig Chomhaltas na Mac Léinn

Tá Oifig an Chomhaltais oscailte Luan-Aoine, idir 10am-5pm, thuas staighre in Áras na Mac Léinn (in aice le Sult). Tabhair cuairt orainn más mian leat Leabhair Dara Láimhe a cheannach, Stocaí Carthanais an Chomhaltais a fháil, eochracha do thaisceadáin a bhailiú agus neart eile! Tá Sult,  Siopa an Chomhaltais agus Caifé Smokey’s oscailte arís agus ná bíodh drogall oraibh tamall a chaitheamh iontu!

 

Cóisir Lár na Seachtaine, 7.30pm, Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair

Tá Cóisirí Lár na Seachtaine á reáchtáil againn arís agus beidh neart deiseanna agaibh bualadh le cairde nua, taitneamh a bhaint as seónna coiméide, duaiseanna a bhuachan agus píosa spraoi a bheith agaibh! Tá ticéid saor in aisce le fáil ANSEO.

 

Ways to get involved with your SU this year |Bealaí le páirt a ghlacadh i do Chomhaltas i mbliana

 

Taisceadáin

Beidh taisceadáin ar díol ar Shuíomh Gréasáin an Chomhaltais ag 10am, Dé Luain, an 6 Meán Fómhair.

 

Ag Tarlú go Luath

 

Irisleabhar Fáilte

Tá an t-eolas ar fad a theastaíonn uait chun tús a chur le do shaol nua in OÉ Gaillimh agus i nGaillimh le fáil san irisleabhar Fáilte! Tá eolas maidir le roinnt tairiscintí iontacha, margaí maithe mar aon le heolas ónár lucht tacaíochta le fáil ann, agus is féidir é a léamh ANSEO.

 

Ionadaithe Ranga

Ar mhaith leat labhairt amach agus ionadaíocht a dhéanamh ar do rang i mbliana? Beidh deis agaibh ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh Ionadaithe Ranga don bhliain amach romhainn go luath. Is bealach iontach é chun taithí a fháil, aithne a chur ar dhaoine, tairbhe a bhaint as roinnt oiliúna agus Húdaí Ionadaí Ranga a fháil! Beidh tuilleadh eolais ar fáil ANSEO.

 

Cláraigh le haghaidh Cúrsa Teanga Chomharthaíochta anois

Is féidir clárú anois dár gCúrsa Teanga Chomharthaíochta 10 seachtaine agus tairbhe a bhaint as ráta laghdaithe. Tá tuilleadh eolais agus sonraí clárúcháin le fáil ANSEO

 

Cláraigh le haghaidh Tionscadal UniCoV  

Tá OÉ Gaillimh i measc ceann de cheithre Ollscoil Éireannacha atá ag glacadh páirte i dtionscadal UniCoV. Táthar ag súil go gcabhróidh UniCoV le COVID-19 a aithint i measc mac léinn agus comhaltaí foirne agus leathadh an víris a chosc. Is é aidhm an tionscadail tacú leis na hiarrachtaí gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcampas arís, na hiarrachtaí sin a éascú agus leanúint ar aghaidh leo. Ní mór daoibhse cabhrú leis na hiarrachtaí seo! Tairg páirt a ghlacadh sa tionscadal ar bhonn deonach agus cuirfear oiliúint ort ionas go mbeidh tú in ann tástálacha tapa maipín sróine a dhéanamh agus samplaí seile a chur ar fáil le haghaidh tástáil PCR le haghaidh tréimhsí coicíse nó ocht seachtaine. Breathnaigh ar an bhfíseán mínithe

 

Glac Páirt inár nDúshlán Rothaíochta

Reáchtálfar an Dúshlán Rothaíochta Taisteal Níos Cliste ag an am céanna le Seachtain na Rothar idir an Domhnach, an 12 Meán Fómhair agus an Satharn, an 18 Meán Fómhair. Bunaigh foirne de idir 2 – 6 le do chomhghleacaithe ranga in OÉ Gaillimh agus beidh deis agaibh roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan trí níos mó ama a chaitheamh ag rothaíocht! Cláraigh d’fhoireann nó glac páirt i bhfoireann ANSEO

 

Ceardlanna Folláine Saor in Aisce do Mhic Léinn

  • Ceardlanna Folláine Caidrimh – 12pm, Dé hAoine, an 3 Meán Fómhair
  • Ceardlanna Folláine Socraithe Spriocanna – 4pm, Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair & 12pm, Dé hAoine, an 10 Meán Fómhair

 

Turais Mórthimpeall an Champais

Cuir áit in áirithe ar líne ag www.yourspace.nuigalway.ie más mian leat dul ar Thuras Mórthimpeall an Champais – cuir aithne ar dhaoine nua, déan do bhealach thart ar an gcampas agus caith tamall ag siúl!

 

Aonad Sláinte na Mac Léinn

Tá Aonad Sláinte na Mac Léinn oscailte ach ní mór duit do choinne a chur in áirithe roimh ré ar líne. Tá an tseirbhís seo á cur ar fáil SAOR IN AISCE. Tá tuilleadh eolais maidir leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an Aonad Sláinte agus maidir le conas do choinne a chur in áirithe ar líne le fáil anseo.

 

Naisc Úsáideacha

 

Déan Iarracht an Carr a Fhágáil sa Bhaile

Cuir tús maith leis an mbliain agus tabhair aire do d’fholláine mheabhrach & fhisiciúil trí pháirt a ghlacadh i Seachtain na Rothar atá á heagrú ag an gCumann Fuinnimh. Beidh deis agat duaiseanna iontacha a bhuachan bunaithe ar an méid ciliméadar a thaistealaíonn tú ar an rothar agus faigheann gach rannpháirtí bricfeasta, veist shofheicthe agus soilse dá rothar saor in aisce! Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus más mian leat clárú tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin anseo.

 

Ar mhaith leat d’fholláine agus acmhainneacht a fheabhsú i mbliana?

Is clár fianaisebhunaithe é WRAP a chabhraíonn le daoine uirlisí pearsanta a fhorbairt chun déileáil le dúshláin an tsaoil agus meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn. Tá ceithre cheardlann ar fad á reáchtáil mar chuid den chlár seo agus reáchtálfar an chéad cheardlann ag 6pm, Dé Luain, an 13 Meán Fómhair. Sonraí Teagmhála Chomhordaitheoir an Chláir: seol r-phost chuig fiona.m.fitzgerald@nuigalway.ie má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó déan iarratas ANSEO inniu. Níl ach méid teoranta Spásanna ar fáil.

 

Cúrsa Rialaithe Struis Saor In Aisce Ar Líne

Cuirfear tús arís leis na seisiúin Rialaithe Struis Dé Luain seo chugainn, an 6 Meán Fómhair ag an NASC seo

 

Tacaíochtaí Meabhairshláinte

Ná bíodh drogall ort labhairt le duine éigin, níl tú i d’aonar. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí r-phost a sheoladh chuig studentsunion@nuigalway.ie agus aon cheisteanna nó moltaí atá agat a chur in iúl. Chomh maith leis sin, is féidir leat muid a leanúint ar Facebook Instagram Tik Tok, Snapchat (@nuigsu) agus Twitter.