Students’ Union Partners with Hygiene Hub 

University of Galway Students’ Union will be partnering with Hygiene Hub Galway again this year. There will be a permanent donation point in the Students’ Union office where hygiene, personal care and household cleaning products can be left for those in need. Last year the Union collected almost 200kg of donations for the Hub and hope to collect even more this year.

Donated items will be distributed to Hygiene Hub community partners in Galway who include COPE Galway, Galway Simon Community, Galway Traveller Movement and St Vincent de Paul among others. They are asking for donations of shampoo, conditioner, shower gel, razors, shaving foam, deodorant, hairbrushes, hair ties, period products, nappies, baby wipes, toilet roll, headlice shampoo and laundry detergent.

Students’ Union President Maisie Hall said: “We are delighted to partner with Hygiene Hub again this year to join the fight against hygiene poverty. Hygiene Hub are an amazing movement who help those living in poverty access the basics items they need. Their work addresses a huge injustice that exists in our society.”

Students’ Union Vice President/Welfare and Equality Officer Paddy Marnane added: “Hygiene poverty is a major issue in the current cost of living crisis. It can lead to people having to make impossible choices between buying food or keeping clean. Our donation point aims to help Hygiene Hub to stop the social isolation that can result from hygiene poverty.”

_________________________________________________________________________________________________________

Comhaltas na Mac Léinn ag dul i gcomhpháirtíocht leis an Mol Sláinteachais 

Beidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Mol Sláinteachais na Gaillimhe arís i mbliana. Beidh buanphointe bronntanas in oifig Chomhaltas na Mac Léinn, áit ar féidir táirgí sláinteachais, cúraim phearsanta agus glantacháin tí a fhágáil dóibh siúd atá i ngátar. An bhliain seo caite bhailigh an Comhaltas beagnach 200kg d’earraí don Mhol agus tá súil acu níos mó a bhailiú i mbliana.

Scaipfear na hearraí sin ar chomhpháirtithe pobail de chuid an Mhoil Sláinteachais i nGaillimh ansin, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól, i measc comhpháirtithe eile. Tá siad ag lorg earraí amhail seampú, feabhsaitheoir, glóthach cithfholctha, rásúir, sobal bearrtha, díbholaíoch, scuaba gruaige, ceangail gruaige, táirgí míostraithe, clúidíní, ciarsúir linbh, páipéar leithris, seampú míolta gruaige agus glantach níocháin.

Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, Maisie Hall: “Tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht leis an Mol Sláinteachais arís i mbliana d’fhonn ár gcion féin a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta sláinteachais. Is gluaiseacht iontach é an Mol Sláinteachais a chabhraíonn leo siúd atá ag maireachtáil i mbochtaineacht rochtain a fháil ar na hearraí bunúsacha a theastaíonn uathu. Tugann a gcuid oibre aghaidh ar éagóir ollmhór atá ann inár sochaí.”

Bhí an méid seo le rá ag Paddy Marnane, Leasuachtarán de chuid an Chomhaltais/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais: “Is saincheist nach beag í an bhochtaineacht sláinteachais i gcomhthéacs na géarchéime reatha costais maireachtála. An toradh a d’fhéadfadh a bheith aici ná go gcaitheann  daoine roghanna dodhéanta a dhéanamh idir bia a cheannach nó iad féin a choinneáil glan. Tá sé mar aidhm ag ár mbailiúchán bronntanas cabhrú leis an Mol Sláinteachais stop a chur leis an aonrú sóisialta, rud ar féidir leis an mbochtaineacht sláinteachais a bheith ina cúis leis.”