Students’ Union Launches Accommodation & Cost of Living Report
University of Galway Students’ Union will be launching their Accommodation and Cost of Living Report, titled “Generation Emigration: A call for our Government to end the National Accommodation Crisis” this week. Working alongside Máiread Farrell, Sinn Féin TD, they will be launching the report in Leinster House, and have invited all current sitting TDs to their briefing.
The report has been compiled using data from 1,710 students collected by Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, and highlights accommodation insecurity and the impact of the cost of living crisis on students.
Students’ Union President Faye Ní Dhomhnaill said: “It’s paramount that we speak to our legislators on the accommodation crisis, and highlight that this issue is a national one, impacting young people across Ireland. It is easy to discount the student accommodation crisis and cost of living crisis and it’s impacts on young people, writing it off as being part of the struggle of pursuing third level education. However, we have seen through similar reports compiled by UCCSU, USI, NUS-USI, and UCDSU, there are issues regarding accommodation across this island, and it’s time for our government to engage with Students’ Unions in the implementation of the National Student Accommodation Strategy.”
Students’ Union Vice President for Education Tom Forde said: “The lack of investment in Purpose Built Student Accommodation leaves our 19,000 students at the mercy of the private rental market. University of Galway only has 1,867 beds for these students, and as the market continues to dwindle offering less accommodation with each passing week our students suffer. Ireland champions a young and educated work force but we continue to see figures like 68% of 18-34 year olds living with their parents. We found in our own report 12% of our students live at home. A lack of investment will lead to us losing our students who want to join the work force and further study in Ireland. Higher Education Institutions and the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science, need to engage with Students’ Unions to identify areas of critical importance and provide accommodation for students who are desperately in need, and also recognising independence as a basic right that Students deserve.”
Report link available HERE.
_____________________________________________________________________________________________________________
Tuarascáil ar Chóiríocht agus ar an gCostas Maireachtála le Seoladh ag Comhaltas na Mac Léinn
Seolfaidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe a dTuarascáil ar Chóiríocht agus ar an gCostas Maireachtála, dar teideal “Glúin na hEisimirce: Éileamh ar ár Rialtas deireadh a chur leis an nGéarchéim Náisiúnta Chóiríochta, an tseachtain seo. Seolfaidh siad an tuarascáil i dTeach Laighean agus iad ag obair le Máiread Farrell, TD de chuid Shinn Féin, agus tá cuireadh tugtha acu do gach TD a bhfuil suíochán sa Dáil acu faoi láthair chun freastal ar a gcruinniú eolais.
Cuireadh an tuarascáil le chéile agus úsáid á baint as sonraí a bhailigh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ó 1,710 mac léinn, agus tugtar chun solais sa tuarascáil an éiginnteacht a bhaineann le cóiríocht agus tionchar na géarchéime costais maireachtála ar mhic léinn.
Dúirt Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá sé ríthábhachtach go labhraímid lenár lucht reachtaíochta maidir leis an ngéarchéim chóiríochta, agus go gcuireann muid in iúl dóibh gur ceist náisiúnta í an cheist seo, ceist a imríonn tionchar ar dhaoine óga ar fud na hÉireann. Is éasca beag is fiú a dhéanamh de ghéarchéim chóiríochta na mac léinn agus den ghéarchéim costais maireachtála agus de na tionchair a imríonn siad ar dhaoine óga, agus glacadh leis nach bhfuil iontu ach cuid den streachailt a bhaineann le tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal. Thug muid faoi deara, mar sin féin, i dtuarascálacha dá macasamhail a d’fhoilsigh Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCCSU), Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), Aontas Náisiúnta na Mac Léinn, Tuaisceart Éireann (NUS-USI) agus Aontas na Mac Léinn, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCDSU), go bhfuil fadhbanna ann maidir le cóiríocht ar fud an oileáin seo, agus nach mór dár rialtas teagmháil a dhéanamh le hAontais Mac Léinn chun an Straitéis Náisiúnta Cóiríochta do Mhic Léinn a chur i bhfeidhm.”
Dúirt Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Tom Forde: “Tá ár 19,000 mac léinn fágtha san fhaopach ag an margadh cóiríochta príobháidí ar cíos mar gheall ar an easpa infheistíochta i gCóiríocht do Mhic Léinn a Tógadh le Sainchuspóir. Níl ach 1,867 leaba ar fáil do na mic léinn seo ag Ollscoil na Gaillimhe, agus tá ár mic léinn thíos leis i gcónaí de réir mar a leanann an margadh ag dul i léig agus níos lú cóiríochta á cur ar fáil ann seachtain i ndiaidh seachtaine. Is fíor go bhfuil lucht saothair óg agus léannta in Éirinn ach leantar fós féin le figiúirí a eisiúint, cosúil leis an gcaoi go bhfuil 68% de dhaoine 18-34 bliain d’aois ag cónaí go fóill lena dtuismitheoirí. Dheimhnigh muid inár dtuarascáil féin go gcónaíonn 12% dár mic léinn sa bhaile. Caillfidh muid ár mic léinn, ar mian leo dul ag obair sa lucht saothair agus níos mó staidéir a dhéanamh in Éirinn, de bharr easpa infheistíochta. Tá ar Institiúidí Ardoideachais agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta dul i dteagmháil le hAontais na Mac Léinn le limistéir ríthábhachtacha a shainaithint agus cóiríocht a chur ar fáil do mhic léinn atá i ngéarghátar, agus neamhspleáchas a aithint mar bhuncheart atá ag dul do Mhic Léinn.”
Tuarascáil nasc ANSEO