Students’ Union Announce Charity Partners 

University of Galway Students’ Union today announced their charity partners for the 2025/26 academic year who are Galway Rape Crisis Centre and GOAL. The Union will be holding fundraising events throughout the year on behalf of the two charities.

Students’ Union President Maisie Hall said: “We are very excited to raise much needed funds for these two amazing charities. Over the academic year our events will help our students and staff to feel part of the University community, volunteer, have fun and keep active while fundraising.”

Cathy Connolly Executive Director of Galway Rape Crisis Centre said: “We are so pleased to have been nominated as one of the University of Galway Students’ Union Charities. We really appreciate the support of the student body. This initiative will help us to offer counselling to our crisis clients impacted by sexual violence and reduce our waiting list. We look forward to the year ahead.’’

Welcoming the news Colin Lee, GOAL Director of Programme and Operations, said: “Since 2012, GOAL has been working across the Middle East, including in Syria and southern Türkiye, and since late 2023 has directed vital funding into Gaza to support emergency humanitarian aid and the operation of two medical centres. At the same time, we continue to advocate for sustained international support. We are now deeply honoured that University of Galway Students’ Union has chosen GOAL as their charity partner for 2025/26. All funds raised through this partnership will go directly towards our ongoing humanitarian aid efforts in Gaza, where the needs remain staggering.”

Notes about the University of Galway Students’ Union 2025/26 Charities:
Galway Rape Crisis Centre
is dedicated to providing a professional, caring and confidential counselling and support service for those in our community affected by sexual abuse and sexual violence.

GOAL works with the most vulnerable communities to help them respond to and recover from humanitarian crises, and to assist them build transcendent solutions to mitigate poverty and vulnerability.

_____________________________________________________________________________________________________________

Comhpháirtithe Carthanais Fógartha ag Comhaltas na Mac Léinn 

Inniu d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe na comhpháirtithe carthanais don bhliain acadúil 2025/26: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus GOAL. Beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á reáchtáil ag an gComhaltas le linn na bliana ar mhaithe leis an dá charthanas.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Maisie Hall: “Táimid ar bís cistí a bhfuil géarghá leo a thiomsú don dá charthanas seo a dhéanann obair na gcapall. Le himeacht na bliana acadúla, cuideoidh imeachtaí tiomsaithe airgid le mic léinn agus le baill foirne a mhothú go bhfuil siad páirteach i bpobal na hOllscoile, obair dheonach a dhéanamh, spraoi a bheith acu agus coinneáil gníomhach agus iad ag tiomsú airgid.”

Dúirt Cathy Connolly, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú: “Tá áthas orainn a bheith ainmnithe mar cheann de Charthanais Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Is mór againn an tacaíocht a fhaighimid ó na mic léinn. Beidh an tionscnamh seo ina chuidiú againn seirbhísí comhairleoireachta a chur ar fáil do na cliaint s’againne atá thíos le foréigean gnéasach agus an liosta feithimh a laghdú. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain atá amach romhainn.’’

Ag fáiltiú dó roimh an nuacht, dúirt Colin Lee, Stiúrthóir Clár agus Oibríochtaí GOAL: “Ó 2012 i leith, tá GOAL ag obair ar fud an Mheánoirthir, lena n-áirítear sa tSiria agus i ndeisceart na Tuirce, agus ó dheireadh 2023 i leith, tá muid ag díríú maoiniú ríthábhachtach ar Gaza le cúnamh daonnúil éigeandála a chur ar fáil agus le dhá ionad leighis a choinneáil ag dul. Ag an am céanna, tá muid ag labhairt amach ar son tacaíocht idirnáisiúnta leanúnach. Is mór an onóir dúinn gur roghnaigh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe GOAL mar cheann dá chuid comhpháirtithe carthanachta don bhliain 2025/26. Na cistí go léir a bhaileofar tríd an gcomhpháirtíocht seo, úsáidfear iad faoi chomhair na n-iarrachtaí atá á ndéanamh againn in Gaza le cabhair dhaonnúil a chur ar fáil, áit a bhfuil sí ag teastáil go géar.”

Nótaí maidir le Rogha Carthanas Chomhaltas na Mac Léinn, 2025/26:
Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach.

Oibríonn GOAL leis na pobail is leochailí dá bhfuil ann le cabhrú leo freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla, teacht chucu féin arís ina ndiaidh, agus teacht ar réitigh le dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an leochaileacht go ginearálta.