Eolas an bhealaigh chuig Ollscoil na Gaillimhe

Cén chaoi do bhealach a dhéanamh go Gaillimh

Seo thíos liosta na seirbhísí bus/traenach a théann go Cathair na Gaillimhe.

Comhlachtaí Príobháideacha Bus

Bus Éireann

Expressway

Iarnród Éireann

Cén chaoi do bhealach a dhéanamh thart ar Chathair na Gaillimhe agus chuig Ollscoil na Gaillimhe

Seo thíos liosta na seirbhísí is féidir leat a úsáid le do bhealach a dhéanamh thart ar Chathair na Gaillimhe agus chuig Ollscoile na Gaillimhe

Seirbhís Cathrach Bus Éireann

Seirbhís Cathrach City Direct

Busanna Mac Léinn chuig Ollscoil na Gaillimhe

 

Eolas Taistil Eile

Ní ghlacann Iarnród Éireann, Bus Éireann ná comhlachtaí príobháideacha bus leis na cártaí aitheantais a eisíonn Coláistí Tríú Leibhéal do mhic léinn a thuilleadh. Más mian le mac léinn lascaine a fháil ar sheirbhísí Iarnród Éireann agus Bhus Éireann, beidh air nó uirthi Cárta Leap nó Cárta Aosaigh Óig a cheannach.  Is féidir le mic léinn agus aosaigh óga iarratas a dhéanamh ar chárta agus é a cheannach ar líne anseo.

Má tá an duine idir 19 mbliana d’aois agus 25 bliain d’aois, beidh air nó uirthi iarratas a dhéanamh ar Chárta Leap d’Aosaigh Óga. Is féidir le duine ar bith atá idir 19 mbliana agus 25 bliain d’aois ceann a fháil. Cuirfear an cárta sin amach go díreach chuig an seoladh a luaitear san iarratas (Ní féidir é a chur i gcló in Oifig an Chomhaltais).

Má tá an mac léinn idir 16 bliana agus 18 mbliana d’aois nó os cionn 26 bliain d’aois, beidh air nó uirthi bualadh isteach chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn leis an uimhir ordaithe tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an t-iarratas a dhéanamh, áit a bhféadfar an cárta a chur i gcló. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Théarmaí agus Coinníollacha Iarnród Éireann anseo.

Ní bhíonn cártaí Leap do Mhac Léinn bailí ach ar feadh 1 bhliain amháin ó mhí Mheán Fómhair go mí Mheán Fómhair. Ní mór do gach iarratasóir a bheith ina mhac léinn cláraithe le Cárta Leap do Mhac Léinn nua a fháil.

Reáchtálann an Mheitheal Rothar dhá cheardlann oscailte gach seachtain agus is féidir le haon duine teacht isteach lena rothar le hobair deisiúcháin nó chothabhála a fháil. Is in Ecospace atá siad bunaithe, spás a chomhroinneann siad le Cumann Rothar Ollscoil na Gaillimhe (BG Soc). Tá sé i lár na cathrach, in aice le Garraí an Iascaigh.

Sábháilteacht Rothar

Tá sraithuimhir ar leith ag gach rothar. Is iondúil go mbíonn an tsraithuimhir greanta i mbrac íochtair an rothair, ach uaireanta bíonn sí in áiteanna eile. Tá sé tábhachtach an tsraithuimhir sin a choinneáil ar fhaitíos go ngoidfí do rothar. Má bhíonn an tsraithuimhir agat, beidh tú in ann an rothar a aithint má aimsítear é.  Is iondúil go luaitear an tsraithuimhir cheart ar an admháil díolacháin a fhaightear ó shiopaí rothar, leis.