Cúrsaí Airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn
- Ioncam
- An Tobhach Mic Léinn
- Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn
- Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn
- Airgead tirim
Réamhrá
Eintiteas neamhchorpraithe é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe arb é is aidhm leis ná ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.” Coinníonn Bord Iontaobhaithe an Chomhaltais sócmhainní uile an Chomhaltais ar iontaobhas thar ceann na mball. Is fostóir cláraithe é an Comhaltas agus tá triúr oifigeach lánaimseartha agus seisear ball foirne lánaimseartha fostaithe aige. Tá conarthaí agus gealltanais éagsúla déanta aige ina ainm féin chomh maith. Ar an mbonn sin, ceanglaítear ar an gComhaltas a chúrsaí airgid a bhainistiú go freagrach lena chinntiú gur féidir leis fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, agus gur féidir leis na freagrachtaí atá air mar fhostóir a chomhlíonadh. Toisc gur eintiteas earnála príobháidí é an Comhaltas níl sé faoi cheangal ag nósanna imeachta soláthair phoiblí. Tá sé de cheart againn praghsanna a shocrú lenár rogha soláthraithe trí idirbheartaíocht agus coinníonn muid faoi athbhreithniú i gcónaí an caidreamh atá againn leis an líon beag soláthróirí a mbíonn muid ag plé leo lena chinntiú go bhfaigheann muid an praghas agus an tseirbhís is fearr is féidir. Nuair is féidir, caitheann muid ár gcuid le soláthraithe áitiúla.
Iniúchóirí
Ryan McGinty Limited, Cuntasóirí Cairte Deimhnithe agus Iniúchóirí Cláraithe, Carraig na Teamhrach 7, Páirc Teicneolaíochta na Gaillimhe, an Pháirc Mhór, Gaillimh
Aturnaetha
Aturnaetha Hammond Gold, Seomraí Dlí HG, Sráid Thomáis Dáibhis, Mala, Co. Chorcaí
Baincéirí
Banc na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe
Cuntais Bhainc
Déanann an Comhaltas a chúrsaí airgeadais a bhainistiú trí chuntas reatha atá á choinneáil i mBanc na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe. Tá cárta creidmheasa amháin ag an gComhaltas le haghaidh ceannacháin theagmhasacha, áirithintí ar líne, srl. Tá an cárta i seilbh an Bhainisteora Ghinearálta. Teastaíonn admháil nó sonrasc i dtaca le gach idirbheart a dhéantar ar an gcárta creidmheasa.
Ioncam
Bíonn buiséad bliantúil thart ar €900,000 ag Comhaltas na Mac Léinn, méid a thagann ó na foinsí seo a leanas:
An Tobhach Mic Léinn
Íocann gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe tobhach mic léinn sa bhreis ar an ranníocaíocht mic léinn €3,000. Tugadh an tobhach isteach den chéad uair in 1997 agus méadaíodh é roinnt uaireanta ó shin le seirbhísí riachtanacha do mhic léinn a mhaoiniú. Is é €140.00 an tobhach faoi láthair agus déantar é a dháileadh mar seo a leanas: €40.00 Comhaltas na Mac Léinn €25.00 Cumainn €25.00 Clubanna €14.00 Piarfhoghlaim CÉIM €3.00 Cothabháil ar Áras na Mac Léinn €22.00 Aonad Sláinte na Mac Léinn €6.00 Raidió Campais FlirtFM €5.00 Coiste Tograí na Mac Léinn Is go díreach ón tobhach mic léinn a fhaigheann Comhaltas na Mac Léinn thart ar €650,000. Bailíonn Comhaltas na Mac Léinn tobhach €14 CÉIM (228,000) freisin le clár CÉIM a bhainistiú.
Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn
Tá cuideachta ag Comhaltas na Mac Léinn a bhainistíonn cuid de na seirbhísí a chuireann an Comhaltas ar fáil, amhail Sult, Siopa an Chomhaltais agus Caifé Smokey. Úsáidtear cuid den bhrabús a dhéanann na seirbhísí sin le gníomhaíochtaí ionadaíochta Chomhaltas na Mac Léinn a mhaoiniú. Coinníonn an chuideachta an chuid eile den bhrabús le seirbhísí a fhorbairt ar an gcampas. Chomh maith leis an sciar brabúis, déanann Sult ranníocaíocht bhliantúil €30,000 le Comhaltas na Mac Léinn, beag beann ar cibé acu a dhéanann sé brabús nó nach ndéanann. Is coinníoll é sin den chomhaontú ceadúnais atá ann idir an Ollscoil agus Sult.
Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn
Chomh maith leis na seirbhísí a oibríonn Students’ Union Commercial Services Ltd, gineann Comhaltas na Mac Léinn roinnt ioncaim freisin ó Thaisceadáin, ó Shiopa Leabhar Athláimhe, ó Chártaí Leap do Mhic Léinn agus ó Bhreisithe do Chártaí Leap. Ní ghineann na seirbhísí sin ach méid réasúnta beag airgid. Leagtha amach thíos tá na foinsí agus na modhanna íocaíochta a bhaineann le gach cineál ioncaim. TABLE TO GO HERE
Airgead tirim
Formhór na n‑idirbheart a bhaineann le seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn, déantar ar líne le cárta dochair/creidmheasa iad. Ní ghlactar le hairgead tirim ach le híoc as leabhair agus breisithe cárta Leap, ach bíonn níos lú agus níos lú airgid thirim ag teacht isteach bliain i ndiaidh bliana. Taifeadtar ioncam airgid thirim ar scipéad airgid san fháiltiú agus taifeadtar sonraí faoin ioncam airgid thirim agus faoin ioncam cárta sna bileoga laethúla airgid, in éineacht le hasléamh laethúil ón scipéad airgid. Stóráiltear airgead tirim i dtaisceadán in Oifig an Chomhaltais go dtí gur féidir é a chur i dtaisce i gCuntas Reatha an Chomhaltais.
Caiteachas
- Is trí ríomhaistriú airgid amháin a eisíonn Comhaltas na Mac Léinn íocaíochtaí. Gintear rian iniúchta maidir leis an gcuntas ceann scríbe nuair a dhéantar a leithéid de ríomhíocaíochtaí.
- Ní dhéantar íocaíochtaí ach tar éis sonrasc a fháil.
- Níl seicleabhar ag an gComhaltas ná ní dhéanann sé aon íocaíochtaí in airgead tirim.
Imeachtaí / Feachtais
- Ní leithdháileann Comhaltas na Mac Léinn buiséid maoinithe dhírigh ar fheachtais/thionscadail. Maoinítear gach feachtas/tionscadal de réir a fhiúntaí atá sé. Le cur isteach ar mhaoiniú, caithfear iarratas gairid a chur chuig an Uachtarán agus spriocanna, gníomhaíochtaí agus costais réamh‑mheasta an fheachtais a bheith leagtha amach ann. Ní bhíonn ach méid teoranta maoinithe ar fáil ag an gComhaltas le tabhairt d’fheachtais/thionscadail, ach spreagtar oifigigh chun feachtais nua a thabhairt isteach sa Chomhaltas, go háirithe cinn a bhaineann lena ról.
- Ní ceadmhach d’oifigigh aon orduithe a dhéanamh thar ceann an Chomhaltais.
- I gcás go bhfuiltear i gceist imeacht a reáchtáil a mbeidh ticéad ag teastáil ina chomhair, díolfar na ticéid ar líne trí Eventbrite. Ní ghlacfar le hairgead tirim.
Costais na nOifigeach
- Ní mór d’oifigigh an Fhoirm Éilimh Costas a chomhlánú lena gcostais a éileamh. Ba cheart admhálacha, ticéid, srl., a cheangal leis an bhfoirm agus aisíocaíocht á lorg. Má tá sé i gceist an fhoirm a chur isteach go leictreonach, glacfar le cóip scanta d’admhálacha, ticéid, srl.
- Is iondúil nach n‑úsáidtear foirmeacha éilimh costas ach le gnáthchostais taistil agus lóistín a éileamh, amhail taisteal chuig Comhdháil AMLÉ / Cruinnithe de Chomhairle Náisiúnta AMLÉ. Nuair is féidir, cuireann an Bainisteoir Ginearálta lóistín agus iompar in áirithe roimh ré.
- Is trí ríomhaistriú amháin a íocfar costais.
Párolla
- Is í Rannóg Acmhainní Daonna Students’ Union Commercial Services Ltd a dhéanann plé le párolla an Chomhaltais.
- Bíonn an párolla comhdhéanta d’fhostaithe ar tuarastal den chuid is mó, ach ó am go chéile fostaíonn an Comhaltas oibrithe ócáideacha le bheith ag obair i Seomra Cótaí an Chomhaltais nó ar Dheasc Eolais an Chomhaltais sa Champas Thuaidh. Coinníonn an Bainisteoir Cúnta taifead ar na huaireanta ar fad a oibríonn oibrithe ócáideacha den sórt sin, rud a chuireann sé nó sí isteach chuig Rannóg Acmhainní Daonna SUCS Ltd.
- Cuirtear an párolla seachtainiúil faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim agus eisítear duillíní pá do gach fostaí.
- Is tríd an Dochar Díreach a dhéantar na híocaíochtaí míosúla as asbhaintí reachtúla leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Soláthraithe
- Taifeadtar na billí go léir san ord a fhaightear iad.
- Is aidhm leis an gComhaltas billí a íoc go pras.
- Íoctar soláthraithe rialta tríd an Dochar Díreach.
- Ní dhéantar íocaíochtaí ach trí mhodhanna leictreonacha amháin.
- I gcás míreanna neamhrialta, amhail ábhar feachtais, ní mór meastacháin a fháil roimh ré.
- Ní mór don Bhainisteoir Ginearálta gach ordú a cheadú roimh ré.
Conarthaí le Comhlachtaí Seachtracha nó Inmheánacha
Ní mór don Bhainisteoir Ginearálta agus don Uachtarán a lámh a chur le gach conradh atá sé i gceist ag na hOifigigh a dhéanamh le comhlachtaí seachtracha nó inmheánacha. Is éard is conradh ann ná comhaontú ar bith i scríbhinn nó ó bhéal a dhéanann Oifigigh a bhfuil gealltanas ann maidir le hacmhainní de chuid an Chomhaltais, i.e. airgead, foireann, oifigigh, spás, moladh nó am. Ní mór d’oifigigh cead a iarraidh i scríbhinn sula ndéanann siad aon chomhaontú a d’fhágfadh an Comhaltas faoi dhliteanas airgeadais nó dlíthiúil. D’áireofaí leis sin comhaontuithe (is cuma cé chomh hócáideach is a bheidís) le comhlachtaí inmheánacha nó seachtracha, ar nós oiliúnóirí le haghaidh cúrsaí nó feachtas.
Iniúchadh
Déanann Cuntasóirí Cairte Deimhnithe agus Iniúchóirí Cláraithe Ryan McGinty iniúchadh ar chúrsaí airgeadas an Chomhaltais ar bhonn bliantúil agus cuirtear na Cuntais Bhliantúla arna n‑iniúchadh ar fáil anseo.
Tuairisciú
Tá Coiste Airgeadais ag an gComhaltas ar a mbíonn triúr iontaobhaithe agus triúr ball den Choiste Gnó. Eisítear tuairiscí míosúla chun dáta maidir le hioncam agus caiteachas chuig baill an Choiste Airgeadais. Cuirtear Cuntais Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe i láthair ag an gCruinniú Cinn Bliana, a bhíonn ar siúl de ghnáth roimh chruinniú de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Seoltar na cuntais tríd an ríomhphost chuig gach ionadaí ranga agus cuirtear ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn iad chomh maith. Áirítear i dTuarascáil Bhliantúil an Chomhaltais tuairisc chun dáta ar Ráiteas Ioncaim na bliana roimhe agus cuirtear tríd an ríomhphost chuig gach mac léinn í.
Cúlchiste Airgeadais
Le trí bliana déag anuas tá cúlchiste €0.5m carntha ag an gComhaltas. Is ciste ‘lá báistí’ é an Cúlchiste sin agus is ann dó lena chinntiú go bhféadfadh an Comhaltas leanúint de sheirbhís a chur ar fáil dá chuid ball fiú dá dtiocfadh costais gan choinne chun cinn, nó dá mbeadh easaontas ann idir an Comhaltas agus an Ollscoil a d’fhágfadh nach mbeimis in ann an Tobhach Mic Léinn a bhailiú. Luaitear an Cúlchiste ar Chlár Comhardaithe an Chomhaltais, ach tá sé á bhainistiú ag cuideachta atá faoi úinéireacht an Chomhaltais, SCML Teoranta.
Cuideachtaí Chomhaltas na Mac Léinn
Tá trí chuideachta theoranta faoi úinéireacht an Chomhaltais:
- NUI Galway Students’ Union Commercial Services Ltd – Uimh. Chláraithe Chuideachta: 361674
- Students’ Union Publications and Promotions Ltd – Uimh. Chláraithe Chuideachta: 629183
- SCML Teoranta – Uimh. Chláraithe Chuideachta: 618455
NUI Galway Students’ Union Commercial Services Ltd
Cuideachta é NUI Galway Students’ Union Commercial Services Ltd (SUCS Ltd.) a bhainistíonn roinnt seirbhísí de chuid Chomhaltas na Mac Léinn. Is iad seo a leanas na seirbhísí sin:
- Sult
- Siopa Chomhaltas na Mac Léinn
- Caifé Smokey
Tá scair amháin sa chuideachta, agus é i seilbh Bhord Iontaobhaithe Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe.
Students’ Union Publications and Promotions Ltd
Is cuideachta é Students’ Union Publications and Promotions Ltd (SUPP Ltd) a bhainistíonn deiseanna promóisin agus roinnt foilseachán de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, amhail Nuachtán Sin agus Dialann an Chomhaltais. Níl aon fhostaithe ag an gcuideachta agus bíonn láimhdeachas bliantúil thart ar €50,000 aici. Is ón Tobhach Mic Léinn a thagann thart ar 60% de láimhdeachas na cuideachta (€2 in aghaidh an mhic léinn), a leithdháiltear ar fhoilseacháin an Chomhaltais. Díoltar fógraíocht leis an gcuid eile a ghiniúint. Tá scair amháin sa chuideachta, agus é i seilbh Bhord Iontaobhaithe Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe.
SCML Teoranta
Bunaíodh SCML Teoranta le cúlchiste airgeadais an Chomhaltais a bhainistiú. Níl aon fhostaithe aige. Cuireadh an chuideachta ar bun ar an gcéad dul síos le héascaíocht a dhéanamh ar dheis tráchtála a tugadh don Chomhaltas. Níor tháinig dada as an deis sin, áfach. I mí an Mhárta 2020, rinne SCML Teoranta €200,000 a infheistiú i scéim urrús innéacsnasctha de chuid Bhanc na hÉireann. Tá an chuid eile de chúlchiste an Chomhaltais (thart ar €300,000) á coinneáil i gcuntas bainc na cuideachta. Tá an Comhaltas sa tóir ar dheiseanna oiriúnacha infheistíochta.