Comhaltas na Mac Léinn agus Comhairle na nIonadaithe Ranga

Tá Coiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn freagrach do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn comhdhéanta de thart ar 350 ball a dhéanann ionadaíocht do gach uile rang san Ollscoil.

Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn ina cuid bhunriachtanach den Chomhaltas agus téann chun sochair do reáchtáil na hOllscoile, leis. Cabhraíonn sí le mic léinn páirt níos mó agus níos mó a bheith acu i reáchtáil an Chomhaltais agus na hOllscoile araon. Baineann an Comhaltas úsáid as Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn le heolas a thabhairt do mhic léinn faoina bhfuil ar siúl san Ollscoil agus le haiseolas a fháil uathu maidir le fadhbanna agus rudaí dearfacha atá tugtha faoi deara acu san Ollscoil, chomh maith le moltaí a fháil uathu. Tagann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn le chéile ar a laghad trí huaire in aghaidh an tseimeastair agus is é caoga ionadaí ranga is córam do chruinniú de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Tá Comhairle Coláiste Ionadaithe Ranga ag gach ceann de Choláistí Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le Comhairle na nIarchéimithe. Tagann gach Comhairle Coláiste le chéile dhá uair gach seimeastar. Is é is aidhm do na Comhairlí Coláiste sin ná ceisteanna a phlé a bhaineann le dámha aonair, bíodh is go bpléann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn ceisteanna a bhaineann leis an Ollscoil ar fad. Is é Leas‑Uachtarán/an tOifigeach Oideachais a dhéanann na hIonadaithe Ranga a chomhordú agus oibríonn sé nó sí as lámha a chéile le Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais agus leis na Tionólaithe lena chinntiú go mbíonn ionadaí ag gach rang. Ná bíodh drogall ort leas a bhaint as Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn le do thuairimí a chur in iúl ach dul i dteagmháil le d’ionadaí ranga agus/nó le duine de na hOifigigh.

Learn more about Class Reps

Cuir aithne ar an gComhaltas

Is tusa a dhéanann na hOifigigh Mic Léinn a thoghadh le hionadaíocht a dhéanamh duitse agus do do thuairimí, agus leis an gComhaltas a stiúradh ar do shon.

Cuir aithne ar an gComhaltas
Dots

Ionadaithe Ranga

Is é Leas‑Uachtarán/an tOifigeach Oideachais a dhéanann na hIonadaithe Ranga a chomhordú agus oibríonn sé nó sí as lámha a chéile le Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais agus leis na Tionólaithe lena chinntiú go mbíonn ionadaí ag gach rang. Ná bíodh drogall ort leas a bhaint as Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn le do thuairimí a chur in iúl ach dul i dteagmháil le d’ionadaí ranga agus/nó le duine de na hOifigigh.

Mar Ionadaí Ranga de chuid Ollscoil na Gaillimhe, tá tú i dteideal cur isteach ar Theastas ALIVE na hOibre Deonaí. Is Gradam Uachtaránachta é seo a thugann aitheantas do ghníomhaíochtaí seach‑churaclaim mhic léinn uile Ollscoil na Gaillimhe.

Is é an tIonadaí Ranga “Guth an Ranga” agus déanann sé nó sí ionadaíocht do thuairimí fhormhór an ranga. Oibríonn sé nó sí le fadhbanna aonair agus fadhbanna ranga a réiteach. Má shocraíonn tú a bheith i d’Ionadaí Ranga, áireofar leis na freagrachtaí a bheidh ort cumarsáid a dhéanamh idir do rang agus léachtóirí an chúrsa agus freastal ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus ar chruinnithe de Chomhairle do Choláiste le do chion féin a dhéanamh le beartais Chomhaltas na Mac Léinn a cheapadh agus cóisirí ranga, húdaithe, srl. a shocrú. Is mór an spórt é a bheith i d’ionadaí ranga agus breathnaíonn sé go maith ar CV. Trí thoghchán i ngach rang a cheaptar Ionadaithe Ranga, rud a n‑eagraíonn an Comhaltas féin nó léachtóirí é. Tar éis a thofa, cláróidh an tOifigeach Oideachais an tIonadaí Ranga nuathofa. Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil leis an Oifigeach Oideachais.

Is é an tIonadaí Ranga “guth an ranga”. Déanann sé nó sí ionadaíocht do thuairimí fhormhór an ranga agus déanann a chion féin le fadhbanna daoine aonair agus fadhbanna ranga a réiteach. Murar eol duit cé hé nó cé hí d’Ionadaí Ranga, is féidir leat logáil isteach ar Yourspace.universityofgalway.ie agus cliceáil ar Ionadaí Ranga ar thaobh na láimhe clé, é sin nó dul i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais ag su.education@universityofgalway.ie.

Fiú mura ndéantar Ionadaí Ranga díot, beidh tú fós in ann a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí Chomhaltas na Mac Léinn. Reáchtálann an Comhaltas feachtais ar an gcampas go rialta, agus bíonn muid ag lorg cabhrach i gcónaí. Ó thascanna a d’fhéadfadh a bheith beagán scanrúil in amanna, ar nós labhairt os comhair léachtaí, go jabanna eile ar nós bileoga a thabhairt amach nó doiciméid a chur i dtoll a chéile, bíonn rud éigin le déanamh i gcónaí, mar sin bígí linn! Má tá tú ag déanamh imní faoi rud éigin, cuir in iúl dúinn é agus déanfaidh muid gach iarracht cabhrú leat. Níl le déanamh agat ach bualadh isteach chugainn in oifigí Chomhaltas na Mac Léinn in Áras na Mac Léinn, ríomhphost a chur chugainn ag studentsunion@universityofgalway.ie nó breathnú ar ár Twitter agus ar ár Facebook .

Déan teagmháil linn

Smaoineamh, ceist nó fadhb agat? Déan teagmháil linn inniu.