Eolas an bhealaigh chuig Ollscoil na Gaillimhe

Cén chaoi do bhealach a dhéanamh go Gaillimh

Seo thíos liosta na seirbhísí bus/traenach a théann go Cathair na Gaillimhe. Comhlachtaí Príobháideacha Bus Bus Éireann Expressway Iarnród Éireann

Cén chaoi do bhealach a dhéanamh thart ar Chathair na Gaillimhe agus chuig Ollscoil na Gaillimhe

Seo liosta na seirbhísí ar féidir leat iad a úsáid le do bhealach a dhéanamh thart ar Chathair na Gaillimhe agus chuig Ollscoile na Gaillimhe Bus Éireann Seirbhís Cathrach Bhus Éireann Léarscáil Seirbhís Chathair na Gaillimhe  City Direct Busanna do Mhic Léinn go hOllscoil na Gaillimhe Rothair CocaCola Zero – Scéim rothar ar cíos is ea é seo a ligeann duit rothar a ghlacadh ar cíos in aghaidh na huaire.   Ní féidir rothair a chur in áirithe. Úsáideann tú do shonraí ballraíochta le ceann a sheiceáil amach ó cheann de na stáisiúin sráide.  Breathnaigh ar an láithreán gréasáin atá acu le heolas a fháil faoi na stáisiúin agus faoin mballraíocht.

Eolas Taistil Eile

Díolann muid ticéid le haghaidh na mbealaí náisiúnta go léir in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn. Bíonn muid ar oscailt ó Luan go hAoine, 10 r.n. go 5 i.n. Díolann muid Cártaí Leap do Mhic Léinn, a thugann lascainí taistil do mhic léinn. Glacann muid grianghraf díot agus cuireann an cárta i gcló san oifig. Le tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar Studentleapcard.ie. Ní ghlacfaidh Iarnród Éireann ná Bus Éireann le cárta aitheantais mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe ach go ceann 3 bliana tar éis a eisiúna. Glacann siad leis gurb ionann an chéad dá dhigit de d’uimhir mic léinn agus an dáta eisiúna. Más rud é go bhfuil do chárta níos mó ná 3 bliana d’aois nó más mac léinn thú atá ag filleadh ar an ollscoil agus d’uimhir bhunaidh mic léinn á húsáid agat, beidh ort Cárta Leap do Mhic Léinn a cheannach le lascaine a fháil le hIarnród Éireann agus le Bus Éireann. Reáchtálann an Mheitheal Rothar dhá cheardlann oscailte gach seachtain agus is féidir le haon duine teacht isteach lena rothar le hobair deisiúcháin nó chothabhála a fháil. Is in Ecospace atá siad bunaithe, spás a chomhroinneann siad le Cumann Rothar Ollscoil na Gaillimhe (BG Soc). Tá sé i lár na cathrach, in aice le Garraí an Iascaigh. Cuireann Comhaltas na Mac Léinn veisteanna sofheicthe ar fáil saor in aisce ag amanna éagsúla le linn na bliana.

Sábháilteacht Rothar

Tá sraithuimhir ar leith ag gach rothar. Is iondúil go mbíonn an tsraithuimhir greanta i mbrac íochtair an rothair, ach uaireanta bíonn sí in áiteanna eile. Tá sé tábhachtach an tsraithuimhir sin a choinneáil ar fhaitíos go ngoidfí do rothar. Má bhíonn an tsraithuimhir agat, beidh tú in ann an rothar a aithint má aimsítear é.  Is iondúil go luaitear an tsraithuimhir cheart ar an admháil díolacháin a fhaightear ó shiopaí rothar, leis.