FlirtFM

Tiúnáil isteach ag 101.3 FM nó ar flirtfm.ie!

Stáisiún raidió i gCathair na Gaillimhe a bhfuil duaiseanna buaite aige is ea FlirtFM 101.3. Déanann sé plé le cúrsaí mic léinn, pobail agus ailtéarnacha.

Tá FlirtFM ina chuid de Raidió Pobail na hÉireann, líonra a bhfuil níos mó ná 20 eagraíocht ann, agus é bunaithe in Ollscoil na Gaillimhe ó bhí mí Mheán Fómhair 1995 ann. Ar an bhfoireann tá duine lánaimseartha amháin agus beirt pháirtaimseartha a dhéanann plé le hoibríochtaí agus cúrsaí comhlíonta. Ina theannta sin, tacaíonn suas le 150 oibrí deonach agus go leor leor cuiditheoirí eile leis an stáisiún gach bliain. Bíonn siad ar an aer (agus ag sruthú chuig do ghléas cliste) ó 11 r.n. go 4 r.n. ó Luan go hAoine, 1 i.n. go 10 i.n. ar an Satharn. Is é an beartas cláir atá acu ná 60% Ceol (25% i nGaeilge), 40% Plé (20% Cúrsaí Reatha). Tá Flirt FM á fheidhmiú ag College Campus Radio CGA.

Visit FlirtFM.ie