Nuachtán SIN
Nuachtán do mhic léinn is ea Nuachtán SIN (Student Independent News/Nuacht Neamhspleách na Mac Léinn).
Tá na hoifigí lonnaithe in Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh, Éire. Foilsítear SIN gach coicís agus clúdaítear ann nuacht faoi imeachtaí i nGaillimh, bídís ar an gcampas nó lasmuigh de. Is é is aidhm le rannáin na siamsaíochta agus na ngné‑alt ná siamsaíocht a chur ar fáil, cur agus cúiteamh a spreagadh agus tionchar a imirt ar thuairimí. Glacann SIN le hailt ó mhic léinn, iar‑mhic léinn, léachtóirí agus baill foirne eile. Cuireadh SIN ar bun siar in 2001, tráth ar tháinig sé in áit thréimhseachán mic léinn an Choláiste Ollscoile, Gaillimh – Unity – a bhí ar an bhfód ó 1959 go dtí deireadh na 1990idí. Chuirtí SIN i gcló i bhformáid tháblóideach 32 leathanach go dtí 2020, tráth ar bogadh ar líne é de dheasca Phaindéim COVID‑19. Má bhíonn ceist agat maidir le cúrsaí fógraíochta:
Read the latest issue of SIN