Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn
Maidir leis an mBunreacht
Doiciméad is ea Bunreacht Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ina leagtar síos feidhmeanna agus cuspóirí Chomhaltas na Mac Léinn. Tá sé ina cheangal de réir dlí agus ritheadh é tar éis a churtha faoi bhreith mhic léinn OÉ Gaillimh le reifreann an 10 Márta 2012. Tugtar léiriú ann ar an gcaoi ar cheart na cuspóirí a bhaint amach agus, i measc nithe eile, an chaoi a rialófar an Comhaltas féin agus an chaoi a reáchtálfar gníomhaíochtaí tráchtála an Chomhaltais.
Sceideal leis an mBunreacht
Forlíontar an bunreacht le Sceideal 1, lena rialaítear toghcháin Chomhaltas na Mac Léinn.