NUI Galway Students’ Union Launches Practical Training for Students
NUI Galway Students’ Union today launched their Life Skills courses for the 2022/23 academic year. Since 2009 the Students’ Union has been running a wide range of subsidised courses for the 19,000 students of NUI Galway with the aim of increasing their practical knowledge. These courses help to improve the employment prospects of students during and after college by boosting their CV’s. The courses also teach them important life skills including how to save lives.
Students’ Union Vice-President/Welfare and Equality Officer Imogen O’Flaherty Falconer said: “We are delighted to announce details of our Life Skills courses for the year ahead. Whether it’s learning Sign Language or gaining the skills to administer CPR, all of these courses help to provide a well-rounded education for our students whilst also helping them to make their CV’s stand out from the crowd when looking for jobs.”
The courses on offer from the Students’ Union include:
- Sign Language
- Heart Saver AED Training
- Mental Health Awareness Courses
- Gaeilge Classes
- Disclosure Training with Galway Rape Crisis Centre
The full course descriptions, costs and booking information can be found at: https://su.nuigalway.ie/su-services/su-life-skills/
NUI Galway Students’ Union is a democratic organisation whose mission is “to represent its members and promote, defend and vindicate the rights of its members at all levels of society.”
________________________________________________________________________________________________
Oiliúint Phraiticiúil do Mhic Léinn Seolta ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh
Inniu sheol Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh cúrsaí Scileanna Saoil don bhliain acadúil 2022/23. Tá réimse leathan cúrsaí fóirdheonaithe á reáchtáil ag Comhaltas na Mac Léinn ón mbliain 2009 i leith don 19,000 mac léinn in OÉ Gaillimh d’fhonn a gcuid eolais phraiticiúil a mhéadú. Cuidíonn na cúrsaí seo le hionchais fostaíochta na mac léinn a fheabhsú le linn an choláiste agus agus ina dhiaidh trí bhíthin a CVanna a threisiú. Múintear scileanna saoil tábhachtacha dóibh ar na cúrsaí freisin, lena n-áirítear cén chaoi beatha a shábháil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Imogen O’Flaherty Falconer, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais, Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá an-áthas orainn sonraí ár gcúrsaí Scileanna Saoil a fhógairt don bhliain amach romhainn. Cibé an mbaineann sé leis an Teanga Chomharthaíochta a fhoghlaim nó leis na scileanna a ghnóthú chun ACS a thabhairt, déanann na cúrsaí seo go léir a gcion féin le hoideachas leathan a thabhairt dár gcuid mac léinn. Chomh maith leis sin, cabhraíonn siad leo CV a bheith acu a sheasfaidh amach sa slua agus post á lorg acu.”
I measc na gcúrsaí a bheidh á dtairiscint ag Comhaltas na Mac Léinn an seimeastar seo tá:
- Teanga Chomharthaíochta
- Oiliúint ACS
- Cúrsaí Feasachta Meabhairshláinte
- Gaeilge
- Oiliúint um Nochtadh ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
Is féidir tuairiscí iomlána ar na cúrsaí, costais agus faisnéis áirithinte a fháil ag: https://su.nuigalway.ie/su-services/su-life-skills/
Eagraíocht dhaonlathach é Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh arb é a mhisean ná ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.