Students’ Union to Host Thriftmas Market  

University of Galway Students’ Union will be hosting their annual Thriftmas Market 11am-3pm Monday 30th of November at Áras na Mac Léinn. The event will feature stalls showcasing University of Galway student run businesses. There will also be a pop-up charity shop hosted by Galway Simon Community, festive tunes from Flirt FM and fundraising for the SU Charities.

The student entrepreneurs will be selling jewellery, bookmarks, keyrings, brooches, literary journals, Christmas cards, crafts and more!

Students’ Union President Seán de Búrca said: “We are delighted to showcase the amazing talents of our students at Thriftmas. Our Thriftmas market aims to highlight local and sustainable shopping options in the lead up to Christmas. It also gives our students a much needed break from the books in the lead up to exams!”

Students’ Union Vice President/Welfare and Equality Officer Molly Hickey added: “There’s a big emphasis on charity at the Thriftmas Market. Galway Simon Community will have their pop up shop at the event and will also be accepting donations if anyone is doing a pre-Christmas clear out. We’ll also be selling tickets for our Christmas Raffle and our ever popular Big Yellow Thing socks to raise funds for  Galway Rape Crisis Centre and The Irish Cancer Society.” 

______________________________________________________________________________________________________

Comhaltas na Mac Léinn le Tíosmhargadh na Nollag a óstáil  

Beidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ag cur fáilte romhaibh go Tíosmhargadh bliantúil na Nollag, 11am go 3pm, Dé Luain, an 30 Samhain in Áras na Mac Léinn. Beidh seastáin ag an imeacht agus gnólachtaí atá á reáchtáil ag mic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe i lár an aonaigh. Ina theannta sin, beidh tobshiopa carthanachta á óstáil ag Clann Shíomóin na Gaillimhe, foinn fhéiltiúla ó Flirt FM agus tiomsú airgid ar mhaithe le Carthanachtaí an Chomhaltais.

Beidh na fiontraithe mic léinn ag díol seodra, leabharmharcanna, fáinní eochracha, bróistí, irisí liteartha, cártaí Nollag, earraí ceirde agus a thuilleadh nach iad!

Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Seán de Búrca: “Táimid an-sásta go deo go mbeidh deis againn buanna éachtacha na mac léinn a chur os comhair an phobail mar chuid de Thíosmhargadh na Nollag. Is é is aidhm leis ná béim a leagan ar roghanna siopadóireachta atá idir áitiúil agus inbhuanaithe anois agus an Nollaig ag teannadh linn. Leithscéal maith é chomh maith na leabhair a chur síos agus na scrúduithe a chur as do cheann go ceann píosa!”

Dúirt Molly Hickey, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn, an méid seo freisin: “Cuirtear an-bhéim ar chúiseanna carthanachta ag Tíosmhargadh na Nollag. Beidh tobshiopa ag Clann Shíomóin na Gaillimhe agus, ní hamháin sin, ach beidh siad ag glacadh le tabhartais freisin má bhíonn aon duine ag iarraidh beagán spáis a dhéanamh sa teach roimh an Nollaig. Beidh ticéid do Chrannchur na Nollag agus Stocaí den Rud Mór Buí, a mbíonn an-tóir go deo orthu i gcónaí, ar díol againn chomh maith le hairgead a bhailiú ar son Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cumann Ailse na hÉireann.”