
Molly Hickey
Hello, my name is Molly and I am absolutely delighted to be your new Environmental and Sustainability officer! I am a BA with Human Rights student. I have been involved in campaigning and attending events on environmental and sustainable issues for the last few years. I am excited to hear what you think needs to be changed in the University to make it more environmentally friendly so please get in touch with any ideas (I love talking to people). One of the main things I really want to do is make education around environmental issues more inclusive for all by running monthly workshops on different topics and having guest speakers where we can break down heavy topics and have a conversation!
Dia daoibh, Molly is ainm dom agus táim an-sona go deo gur mise an tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta nua! Mac léinn BA le Cearta an Duine is ea mé. Tá baint agam leis an bhfeachtasaíocht agus táim ag freastal ar imeachtaí a bhaineann le ceisteanna comhshaoil agus inbhuanaitheachta le cúpla bliain anuas. Táim ag dúil go mór le bhur dtuairimí a chloisteáil faoin méid is cóir a athrú san Ollscoil dar libh le go mbeidh an áit níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Bígí i dteagmháil liom má bhíonn aon smaointe agaibh (is breá liom labhairt le daoine). Ceann de na rudaí is mó atá mé ag iarraidh go mór a dhéanamh ná oideachas a chur ar fáil do chách ar cheisteanna comhshaoil. Leis sin a dhéanamh, tá mé chun ceardlanna míosúla a chur ar siúl ar thopaicí éagsúla agus aoichainteoirí a thabhairt isteach le go mbeimid in ann díriú ar ghnéithe faoi leith de thopaicí dúshlánacha agus plé a bheith againn!
Contact
Phone: 091 493 570
Mobile: 083 154 8858