Mary Tynan

Disability Rights Officer

The Disability Rights Officer represents students with disabilities on campus. They promote the integration of students with disabilities and run campaigns to highlight inequalities faced by those with disabilities on a societal and campus wide level. They are responsible for developing Union policies as they relate to improving the student experience of those with disabilities and liaise with the Disability Support Service.

Hi! I'm Mary (she/her), and I'm your Disability Rights Officer for the academic year 2023/2024; you've probably seen me around the campus in my electric wheelchair. I have been fighting for disability rights on a daily basis since I started attending the University, and I am delighted to be able to work on your behalf now. In 22/23 I was a class rep, a member of the Coiste Gaeilge, and the vice-auditor of the Cumann Drámaíochta. This year I intend to restart Cumas Soc with the help of the Societies Chairperson. Intersectionality is very important to me, and I am hoping to work on this issue with the other officers on the Executive Committee. If you have any questions, problems, or ideas, don't hesitate to contact me.

 

Haigh! Is mise Mary (sí/í) agus is mé a bheidh mar Oifigeach um Chearta Míchumais agaibh don bhliain acadúil 2023/2024. Is dócha go bhfuil mé feicthe agaibh thart ar an gcampas i mo chathaoir rothaí leictreach. Táim ag troid ar son chearta na ndaoine atá faoi mhíchumas gach lá ó thosaigh mé ar an Ollscoil. Tá lúcháir orm go mbeidh mé ábalta obair a dhéanamh ar bhur son anois. In 22/23 bhí mé i m’ionadaí ranga, mar chomhalta den Choiste Gaeilge agus i mo Leas-Reachtaire ar an gCumann Drámaíochta. Tá sé i gceist agam tús a chur leis an gCumann Cumas arís i mbliana agus cuidiú agam ó Chathaoirleach na gCumann. Tá an trasnachas fíorthábhachtach domsa, agus tá sé i gceist agam obair a dhéanamh ar an tsaincheist seo leis na hoifigigh eile ar an gCoiste Feidhmiúcháin. Ná bíodh aon drogall oraibh teagmháil a dhéanamh liom má bhíonn aon cheisteanna, fadhbanna nó smaointe agaibh.

 

Déanann an tOifigeach um Chearta Míchumais ionadaíocht do mhic léinn faoi mhíchumas ar an gcampas. Déanann sé nó sí imeascadh mac léinn atá faoi mhíchumas a chur chun cinn ar fud an champais, agus eagraíonn feachtais d’fhonn béim a leagan ar na cásanna neamhionannais a bhíonn le sárú acu siúd atá faoi mhíchumas ar an gcampas agus sa tsochaí go ginearálta. Tá sé nó sí freagrach as forbairt a dhéanamh ar bheartais an Chomhaltais de réir mar a bhaineann siad le heispéireas an mhic léinn a fheabhsú dóibh siúd atá faoi mhíchumas, agus téann sé nó sí i gcomhairle leis an tSeirbhís Tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Contact

Phone: 091 493 570