SU Weekly Email 31 – 18th of April 2024

SU Weekly Email 31 – 18th of April 2024

Weekly Email

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

 

Exam Tips

We hope exams and assignments are going well for you so far. If you’ve any problems just give us a shout and we’ve lots of exam tips/FAQs HERE.

 

SU Service Extended Opening Hours for Exams

  • SU Síbín: Monday-Friday 9am-7pm (Until Weds 1st May)
  • SU Cloakroom: Monday-Friday 9am-7pm (Until Weds 1st May)
  • Smokey’s Café: Monday to Thursday 8.30am to 8pm, Friday 8.30am to 5pm. Closed Saturday and Sunday (until Fri 26th April)
  • SU Shop: Monday to Friday 8am to 6pm. Saturday and Sunday 10am to 3pm (until Fri 26th April)

 

Hygiene Hub Drive next week

Our last Hygiene Hub donation drive this year is on next Fri 26th April at the SU Office. You can donate new, unused personal hygiene and cleaning products which will then be distributed to charities across Galway. More info on what we can/can’t take is HERE. Hygiene poverty is not being able to afford many of the everyday hygiene and personal grooming products most of us take for granted.

 

MMR Vaccines Today

The final free MMR Vaccine Clinic is on campus 10am-2pm today Thursday 18th April in G011 in the Hardiman Building

 

Reading Week Survey

Please take a minute to complete our short survey about Reading Week HERE.

 

Galway Simon Community Donation Day

Doing a clear out/moving out? Donate to the Galway Simon Community Collection Day 11am-3pm Fri 26th April in The Large Acoustic Room downstairs in Áras na Mac Léinn

  • What they CAN’T take: CDs / DVDs. Electrical Equipment, Children’s + Baby Equipment, Flooring, Toys, Duvets/Pillows, Mattresses, Curtain Poles, Exercise Equipment
  • What they CAN take: Clothing, Sheets, Duvet/Pillow Covers, Towels, Hats, scarfs and gloves, All types of shoes, Books but not college books, Kitchen utensils, Jewellery, Jigsaws and boxed games

 

Locker Key Return Deadline

The deadline to return your locker key is 5pm Friday 3rd of May. Please return your locker key to the SU Office upstairs in Áras na Mac Léinn (you can leave the lock on your locker!). Items left in lockers after the deadline will be recycled, donated to charity or disposed of.

 

Student Achievement Awards Ireland Nominations

The awards are free to enter and celebrate student contributions to the student community and Irish society in the past year. Categories include: Club/Society of the Year, Individual Contribution to Student Media, International Student of the Year, Students’ Union of the Year, Student Activist of the Year, Part Time Officer of the Year and Academic Representative of the Year. Nominations close: 12pm Monday 22nd April. More info HERE.

 

WomenLEAD Weds 24th April

This free event is all about encouraging and celebrating female students in putting themselves forward for leadership positions, e.g. class rep, society committee member, sabbatical/USI officer, local election candidate. Online or in person attendance and deadline to register is today. Info and registration HERE.

 

National March for Palestine

The National March for Palestine will take place in Dublin this Saturday 20th of April. Starting point is 1pm at the Garden of Remembrance and then marching to Dáil Éireann. More info www.ipsc.ie

 

Elite Sport Scholarship Deadline Fri 3rd May 2024

Applications for the University Elite Sport Scholarships are open for new entrants, current students, transfer students and those hoping to do a postgrad (Masters only). More info and application form HERE.

 

Survey: Awareness, Disruptions and Disclosures: Symptoms Suggestive of Endometriosis in University of Galway Students

The aim of this study is to assess the awareness levels of endometriosis that students in University of Galway who experience a common symptom suggestive of endometriosis (severe menstrual pain). It examines the life disruptions they face as a result, who they disclose their pain to, and why. Survey link HERE.

 

School of Education Charity Drive Tomorrow and Saturday

Please consider donating any new or gently used bed linens and towels, hygiene products, rain jackets and boots, sports gear, or children’s books for local DEIS primary school students on Friday 19th April (3-6pm) and Saturday 20th April (10am-3pm) at the University of Galway School of Education Building on Nun’s Island, or contact Katie Kaufman (k.kaufman1@universityofgalway.ie) with any queries.

 

Register to Vote

The deadline to register to vote in the Local and European Elections is Monday 20th of May. Go to www.checktheregister.ie to register to vote or confirm/update your details. Voting in the Local and European Elections takes place on Friday 7th of June.

 

University PhD Write-up Bursary

Closing date for completed applications is 5pm tomorrow Friday, 19 April 2024. More info HERE.

 

Dip a Day In May

Galway Simon Community are running their Dip a Day in May fundraiser again this year to raise funds to support those experiencing the deep distress and trauma of homelessness here in the West. You can choose 30 days of cold showers or dipping 3-4 days per week in your local pool, river, lake or sea – it’s up to you! Free t-shirt and entry to a prize raffle for all who sign up. More info + registration HERE.

 

Attn: 3rd Year physics + mathematics students

Applications close Sun 21st April for the DIAS Summer Studentship programme. Students will receive a total stipend of €3,000 to cover a 2 month internship starting early June 2024. Info + application HERE.

 

Raise The Roof Protest

At 5.30pm on Tuesday 23rd of April there’s a national protest taking place outside Dáil Éireann in Dublin with the aim of placing affordable public housing on top of the agenda ahead of the Local and European Elections. For more info contact su.president@universityofgalway.ie

 

Contact Us / Déan teagmháil linn

You can contact the Students’ Union by email to studentsunion@universityofgalway.ie with any questions or suggestions you may have. You can also like or follow us on Facebook Instagram Tik Tok and Twitter.

__________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Welcome to your weekly email from your Students’ Union / Fáilte chuig do r-phost seachtainiúil ó Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh Leagan Gaeilge ar fáil ANSEO  

 

Leideanna do na Scrúduithe

Tá súil againn go bhfuil ag éirí go maith libh leis na scrúduithe agus leis na tascanna go dtí seo. Má tá aon fhadhb agat ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn agus tá go leor leideanna scrúdaithe/Ceisteanna Coitianta againn ANSEO.

 

Uaireanta Sínte Oscailte Sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn do na Scrúduithe

  • Síbín Chomhaltas na Mac Léin: Dé Luain-Aoine 9r.n.-7i.n. (go Céadaoin an 1 Bealtaine)
  • Seomra na gCótaí: Dé Luain-Aoine 9r.n.-7i.n. (go Céadaoin an 1 Bealtaine)
  • Caifé Smokey’s: Dé Luain go Déardaoin 8.30r.n. go 8i.n., Dé hAoine 8.30r.n. go 5i.n. Dúnta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh (go hAoine an 26 Aibreán)
  • Siopa Chomhaltas na Mac Léinn: Dé Luain go hAoine 8r.n. go 6i.n. Satharn agus Domhnach 10r.n. go 3i.n. (go hAoine an 26 Aibreán)

 

Feachtas Deonacháin an Mhoil Shláinteachais – an tseachtain seo chugainn

Beidh ár bhfeachtas deonacháin deireanach don Mhol Sláinteachais i mbliana ar an Aoine seo chugainn, an 26 Aibreán in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn. Is féidir leat táirgí sláinteachais agus táirgí glantacháin pearsanta nua, nach bhfuil in úsáid, a dháileadh ansin ar charthanais ar fud na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais ar cad is féidir linn/nach féidir linn a ghlacadh ANSEOIs éard atá sa bhochtaineacht sláinteachais ná gan acmhainn a bheith agat na táirgí sláinteachais agus cóirithe pearsanta ó lá go lá a ndéanann an muid dóigh den bharraíocht dóibh.

 

Vacsaíní MMR Inniu

Tá an Clinic Vacsaíní MMR saor in aisce deireanach ar an gcampas 10r.n.-2i.n. inniu Déardaoin, an 18 Aibreán i G011 i bhFoirgneamh Uí Ardagáin

 

Suirbhé ar Sheachtain na Léitheoireachta

Glac nóiméad, le do thoil, chun ár suirbhé gairid faoi Sheachtain na Léitheoireachta a chomhlánú ANSEO.

 

Lá Deonacháin Pobail do Chlann Shíomóin na Gaillimhe

Glantachán mór ar siúl agat/ag bogadh amach? Tabhair síntiús do Lá Bhailiúchán – Clann Shíomóin na Gaillimhe 11r.n.-3i.n. Dé hAoine an 26 Aibreán sa Large Acoustic Room thíos staighre in Áras na Mac Léinn

  • Cad nach FÉIDIR leo a ghlacadh: dlúthdhioscaí / DVDanna. Trealamh Leictreach; Trealamh Páistí + Leanbh; Ábhar urláir; Bréagáin; Duivéanna/Piliúir; Tochtanna; Cuaillí Cuirtíní; Trealamh Aclaíochta
  • Cad IS FÉIDIR leo a ghlacadh: Éadaí, Braillíní; Clúdaigh Tochtanna/Piliúir, Tuáillí, Hataí, scairfeanna agus lámhainní, Gach cineál bróg, Leabhair ach ní leabhair choláiste, Uirlisí cistine, Seodra, Cluichí míreanna mearaí agus boscáilte

 

Spriocdháta le haghaidh Eochracha do Locair a Thabhairt ar ais

Is é an spriocdháta chun d’eochair locair a thabhairt ar ais ná 5i.n. Aoine,  an 3 Bealtaine. Cuir d’eochair locair ar ais chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn thuas staighre in Áras na Mac Léinn (is féidir leat an glas a fhágáil ar do locair!). Déanfar earraí a fhágfar i locair tar éis an spriocdháta a athchúrsáil, a bhronnadh ar charthanacht nó a dhiúscairt.

 

Ainmniúcháin do Ghradaim Gnóthachtála Mac Léinn na hÉireann

Tá sé saor in aisce le cur isteach ar na gradaim seo a dhéanann ceiliúradh ar ionchur na mac léinn i bpobal na mac léinn agus i sochaí na hÉireann le bliain anuas. I measc na gcatagóirí tá: Club/Cumann na Bliana, Ionchur Aonair le Meáin na Mac Léinn, Mac Léinn Idirnáisiúnta na Bliana, Comhaltas na Mac Léinn, Gníomhaí Mac Léinn na Bliana, Oifigeach Páirtaimseartha na Bliana agus Ionadaí Acadúil na Bliana. Dúnfar na hainmniúcháin: 12i.n. Dé Luain, an 22 Aibreán. Níos mó eolais ANSEO.

 

Mná i gCeannas – Dé Céadaoin, an 24 Aibreán

Is éard atá i gceist leis an imeacht saor in aisce seo ná mic léinn mná a spreagadh agus a cheiliúradh agus iad á gcur féin chun tosaigh do phoist cheannaireachta, m.sh. ionadaí ranga, ball de choiste an chumainn, oifigeach sabóide/AMLÉ, iarrthóir toghcháin áitiúil. Freastal ar líne nó ar an láthair agus is é inniu an spriocdháta chun clárú. Eolas agus clárúchán ANSEO.

 

Mórshiúil Náisiúnta ar son na Palaistíne

Beidh an Mhórshiúil Náisiúnta ar son na Palaistíne ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo, an 20 Aibreán. Is é 1i.n. an túsphointe ag an nGairdín Cuimhneacháin agus ansin beidh gach duine ag máirseáil go Dáil Éireann. Níos mó eolais www.ipsc.ie

 

Scoláireacht Scoithspóirt Spriocdháta Dé hAoine, an 3 Bealtaine 2024

Tá iarratais ar Scoláireachtaí Scoithspóirt na hOllscoile oscailte d’iontrálaithe nua, do mhic léinn reatha, do mhic léinn aistrithe agus dóibh siúd atá ag súil le hiarchéim a dhéanamh (Máistreacht amháin). Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ANSEO.

 

Suirbhé: Feasacht, Cur isteach agus Nochtaí: Siomptóim a chuireann Inmheatróis i Mic Léinn Ollscoil na Gaillimhe in iúl

Is é aidhm an staidéir seo measúnú a dhéanamh ar na leibhéil feasachta ar an inmheatróis ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil siomptóm coitianta a chuireann inmheatróis in iúl (pian mhíosta throm). Scrúdaíonn sé na rudaí atá mar chur isteach saoil acu dá bharr, cé dó a nochtann siad a bpian, agus cén fáth. Nasc suirbhé ANSEO.

 

Feachtas Carthanais Scoil an Oideachais

Smaoinigh, le do thoil, ar aon línéadach leapa agus tuáillí a úsáideadh go hannamh, táirgí sláinteachais, seaicéid agus buataisí báistí, fearas spóirt, nó leabhair do pháistí do dhaltaí bunscoile DEIS áitiúla a dheonú Dé hAoine, an 19 Aibreán (3 -6i.n.) agus Dé Sathairn, an 20 Aibreán (10r.n. -3i.n.) ag Foirgneamh Scoil Oideachais Ollscoil na Gaillimhe ar Oileán Altanach, nó déan teagmháil le Katie Kaufman (k.kaufman1@universityofgalway.ie) le haon cheisteanna.

 

Cláraigh le Vótáil

Is é an spriocdháta chun clárú chun vóta a chaitheamh sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha ná Dé Luain, an 20 Bealtaine. Téigh chuig www.checktheregister.ie chun clárú le vóta a chaitheamh nó do shonraí a dheimhniú/a nuashonrú. Beidh an vótáil sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha ar siúl Dé hAoine, an 7 Meitheamh.

 

Sparánacht PhD Ollscoile Write-Up

Is é an dáta deiridh d’iarratais chomhlánaithe ná 5i.n. amárach Dé hAoine, an 19 Aibreán 2024. Tuilleadh eolais ANSEO.

 

Snámh amháin in Aghaidh an Lae i mí na Bealtaine

Tá a dtiomsaitheoir airgid Snámh amháin in Aghaidh an Lae i mí na Bealtaine á reáchtáil ag Clann Shíomóin na Gaillimhe arís i mbliana chun airgead a bhailiú chun tacú leo siúd atá ag fulaingt anacair ghearr agus tráma ag an easpa dídine anseo san Iarthar. Is féidir leat 30 lá de chithfholcadáin fhuara nó gabháil ag snámh 3-4 lá in aghaidh na seachtaine a roghnú i do linn snámha, abhainn, loch nó farraige áitiúil – is fút féin atá sé! T-léine saor in aisce agus iontráil chuig raifil duaise do gach duine a chláraíonn. Tuilleadh eolais + clárúchán ANSEO.

 

Ar Aire: Mic Léinn Fisice + matamaitice na 3ú Bliana

Dúnfaidh na hiarratais Dé Domhnaigh, an 21 Aibreán do chlár Scoláireacht Samhraidh DIAS. Gheobhaidh mic léinn stipinn iomlán de €3,000 chun intéirneacht 2 mhí a chlúdach ag tosú go luath i mí an Mheithimh 2024. Tuilleadh eolais + iarratas ANSEO.

 

Agóid ‘Raise the Roof’

Ar 5.30i.n. Dé Máirt, an 23 Aibreán tá agóid náisiúnta ar siúl taobh amuigh de Dháil Éireann i mBaile Átha Cliath agus é mar aidhm tithíocht phoiblí inacmhainne a chur ar bharr an chláir oibre roimh na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le su.president@universityofgalway.ie

 

Déan Teagmháil Linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhaltas na Mac Léinn trí ríomhphost a sheoladh chuig studentsunion@universityofgalway.ie le haon cheisteanna nó moltaí atá agat. Is féidir ‘like’ a thabhairt dúinn nó muid a leanúint ar  Facebook Instagram Tik Tok agus Twitter.

 

Artice by
Joanna Brophy